‘Bhain ‘fundamentalists’ na Gaeilge na putóga asam’ — Paul Williams

Rinne Conradh na Gaeilge gearán le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi agallamh a chuir Williams ar Ard-Rúnaí na heagraíochta anuraidh

‘Bhain ‘fundamentalists’ na Gaeilge na putóga asam’ — Paul Williams

Tá ráite ag láithreoir an chláir Newstalk Breakfast, Paul Williams, gur bheag nár bhain cainteoirí Gaeilge na “putóga as” i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite nuair a thagair sé don “fundamentalism”, dar leis, a bhaineann le ceist na Gaeilge.

Agus ceist na Gaeilge sa chóras oideachais á phlé aige le hiar-eagarthóir an Irish Daily Star, Ger Colleran, ar Newstalk ar maidin, thagair Williams don chonspóid a bhí anuraidh ann nuair a chuir sé tuin chainte a shamhlaítear le scannáin Bhéarla faoi na Naitsithe agus é ag labhairt faoin nGaeilge.

“I got in trouble with a group of fundamentalists, I would call them, in the Gaeilge/Gaeilgeoirí community,” a dúirt Williams ar maidin agus moladh Colleran go ndéanfaí Gaelscoil de gach bunscoil á phlé.

Rinne Conradh na Gaeilge gearán le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoi agallamh a chuir Williams ar Ard-Rúnaí na heagraíochta anuraidh. Bhain an t-agallamh sin le mír a craoladh inar chuir Williams tuin chainte bhréagGhearmánach air féin agus é ag tagairt do chás ina líomhnaítear gur iarr réiteoir ar chumann CLG Gaeltachta Béarla a labhairt le linn cluiche.

Dúirt Williams go mbeadh láncheart ag réiteoir a leithéid a éileamh ar imreoirí Gaeltachta toisc go “labhraíonn gach duine in Éirinn an Béarla” murab ionann agus an Ghaeilge.

“I remember the Our Father being beaten into me in Irish and I said neither the Our Father nor Irish would ever come from my lips again,” a dúirt Williams ar chlár an lae inniu.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Colleran gur botún a bhí ann ionannú a dhéanamh idir an teanga agus an bealach a mhúintí an teanga.

The language was never the problem, the attempted teaching of it was the problem,” a dúirt iar-eagarthóir an Irish Daily Star.