B’fhearr caint réalaíoch faoi ‘Éire Aontaithe’ seachas síorphlé ginearálta

An féidir teacht ar chomhthuiscint faoin Tuaisceart idir Sinn Féin agus páirtithe eile?

B’fhearr caint réalaíoch faoi ‘Éire Aontaithe’ seachas síorphlé ginearálta

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: JULIEN BEHAL Photography/RollingNews.ie

Rinne an Taoiseach cur síos cuimsitheach Déardaoin ar chur chuige an aonaid nua rialtais a chuirfidh ‘oileán comhroinnte’ chun cinn.

Cuirfear €500 milliún ar fáil don aonad as seo go ceann cúig bliana chun tacú leis an gcumarsáid agus an comhoibriú trasteorann. Reáchtálfar plé trasteorann ar thodhchaí an oileáin. Níor thug Micheál Martin sonraí an phlé atá beartaithe ach thug sé le fios go ndíreofaí i dtosach ar an nglúin a rugadh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Tugadh faoi deara láithreach nach raibh aon tagairt in óráid an Taoisigh (is féidir é a léamh anseo) d’aidhm a pháirtí ó bunaíodh é. Nuair a fiafraíodh de an raibh Éire Aontaithe á caitheamh i leataobh aige, dúirt sé nach ar chríocha ach ar chroíthe a bhí sé ag smaoineamh, mar a bhí John Hume le fada.

Ba chóir, dar leis an Taoiseach, an meon polaitiúil a thugann tús áite don fhéiniúlacht a cheistiú. Ní foláir, a dúirt sé, béim a chur ar an gceist is tábhachtaí: cén cineál todhchaí a theastaíonn ó dhaoine a chur ar fáil dár bpáistí agus dá bpáistí sin?

Cháin Sinn Féin an Taoiseach toisc nár thrácht sé ar athaontú na tíre ach níor cháin siad an chuid eile den chur chuige mar a sonraíodh é ina óráid. Tá (1) pleanáil i gcomhair athaontaithe, (2) bunú fóraim lena phlé agus (3) reifreann ó thuaidh ar cheist na teorann molta ag an bpáirtí sin ó d’athraigh an Breatimeacht an léargas polaitiúil agus eacnamaíochta ceithre bliana ó shin.

Níl seans ar bith ann ar ndóigh go ngéillfear sa ghearrthéarma don tríú héileamh. De réir mar a socraíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta, is faoi státrúnaí na Breataine sa Tuaisceart a bheadh sé vóta ar an teorainn a reáchtáil dá mbeadh sé den tuairim gur dóigh go vótálfadh móramh i bhfabhar athaontaithe (níor rith sé leis na dréachtóirí go mb’fhéidir go gceapfaí bean ina státrúnaí).

Theastódh móramh seasmhach a léireofaí i bpobalbhreitheanna ar feadh cúpla bliain chun brú dá leithéid a chur ar státrúnaí. Léiríodh athrú teoranta meoin i bpobalbhreitheanna éagsúla ó thuaidh le tamall, a bhuí le tionchar an Bhreatimeachta, ach níltear ag teannadh fós le móramh láidir ná seasmhach sa líon atá ar son athaontaithe.

Ní ar fhéidearthachtaí vótála a chuir an Taoiseach béim ina óráid ach ar an gcineál caidrimh agus athmhuintearais a mhol iarLeas-Cheannaire an SDLP Seamus Mallon. Ní fhéadfaí, dar le Mallon, athaontú socair a bhunú ó thuaidh ar mhóramh beag a bheadh i bhfabhar athaontaithe, agus tá Micheál Martin ar aon intinn leis.

Léiríodh arís Déardaoin an bhearna leathan leanúnach idir an rialtas agus aontachtaithe an Tuaiscirt, fiú maidir le cúrsaí praiticiúla. Dúirt an Taoiseach lena lucht éisteachta ar líne gur dúshlán comhchoiteann é an víreas corónach do gach duine san oileán seo agus gur thaispeáin sé go bhfuilimid go léir spleách ar a chéile.

Go gairid sular labhair Micheál Martin, foilsíodh alt faoin bpaindéim a leis an gCéad-Aire Arlene Foster sa Newsletter i mBéal Feirste. D’iarr ceannaire an DUP ar an bpobal ó thuaidh cloí leis na rialacha sláinte agus dúirt sí go mbeadh a thuilleadh tacaíochta á lorg ó rialtas na Breataine. Ní raibh oiread is focal san alt faoi chomhoibriú trasteorann sa choimhlint in aghaidh an víris.

Is léir na mórcheisteanna nach mian le Sinn Féin a fhreagairt agus athaontú á mholadh ag an bpáirtí ainneoin neamhthoil na n-aontachtaithe an t-athaontú sin a phlé, fiú amháin. Ach tá seans níos láidre ann go neartófar de réir a chéile éileamh an pháirtí go mbunófaí fóram chun athaontú a phlé.

Cibé toradh a bheas ar shaothar an aonaid a bhunaigh an rialtas chun oileán comhroinnte a chur chun cinn, dhéanfaí leas gach duine san oileán dá bpléifeadh agus dá bhfiosródh páirtithe an stáit féidearthachtaí an athaontaithe.

Mar shampla, conas a mhaoineofaí Tuaisceart Éireann dá n-aontófaí an tír? Cén cineál córas sláinte a bheadh ar fáil ó thuaidh? Cé mhéad a bheadh ar cháiníocóirí na Poblachta a íoc mura mbeadh tacaíocht £10 billiún á tabhairt ag an mBreatain don Tuaisceart gach bliain?

Is léir faoi láthair an t-easaontas idir Sinn Féin agus na príomhpháirtithe eile sa Phoblacht maidir le cúrsaí athaontaithe.

Ní thógfar an bhearna eatarthu go luath ach rachadh sé chun tairbhe dóibh uilig dá reáchtálfaidís dianbhreithniú tomhaiste polaitiúil ar an ábhar.

B’fhearr caint réalaíoch ar athaontú i mBaile Átha Cliath, agus i mBéal Feirste, ná an síorphlé ginearálta.

Fág freagra ar 'B’fhearr caint réalaíoch faoi ‘Éire Aontaithe’ seachas síorphlé ginearálta'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá pointe tábhachtach amháin ligthe i ndearmad ag Cathal anseo. Sé sin go labhrann Sinn Féin, gan dabht dá laghad, thar cheann mhóramh na Náisiunaithe ó thuaidh; is tá siadsan is léir ag iarraidh dlús a chur san éileamh ar athaontú.
    Is ceart bheith leochaileach futhu siad atá ina nAontachtóirí faoi láthair, ach is cóir bheith leochaileach freisin futhu siúd ó thuaidh atá ag iarraidh Éirinn athaontaithe a bhaint amach.
    Tá Micheál Martin ag diultú aitheantas a thabhairt don phobal sin. Is fearr leis námhdas do Shinn Féin a athdhearbhú ná dul i ngleic leis an bpobal Náisiunaíoch ó thuaidh.

  • Mícheál Mac Donncha

    “Reifreann ó thuaidh”? Cé dúirt sin? Ní Sinn Féin a dúirt. I gComhaontú Aoine an Chéasta tá reifreann ar an dá thaobh den teorainn i gceist. “Is léir na mórceisteanna nach mian le Sinn Féin a fhreagairt agus athaontú á mholadh ag an bpáirtí” a deir Cathal. Cén bunús atá leis an ráiteas sin? Le blianta fad tá Sinn Féin ag plé na ceisteanna uile faoin athaontú, iad á árdú nuair nach raibh suim ag airí rialtais ná iriseoirí iontu. Tá Sinn Féin le fada ag moladh Coiste Oireachtais agus fóram poibilí faoi Éire Aontaithe. Tá an plé agus an díospóireacht ar siúl ar an dá thaobh den teorainn agus ní féidir le Mícheál Martin bac a chur le dul chun cinn i dtreo reifrinn, cé gur mian leis an cuspóir sin a chur i gciseán na staire.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tic toc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agus fiú dá nglacfaí leis go labhrann Sinn Féin ‘thar cheann mhóramh na Náisiúnaithe ó thuaidh’, a Eoin, ní leor san le ceapadh go bhfuil formhór muintir Tuaisceart Éireann ar son athaontú na tíre ná baol air.

    Ba bhreá liomsa go mbeadh Éire aontaithe ann chomh maith ach ní cloisim ach mana gan anailís ó Shinn Féin. Ardaíonn Cathal Mac Coille ceist mhór faoin gcostas? An £10 billiún in aghaidh na bliana a fhaigheann Tuaisceart Éireann ón mBreatain, cén réiteach a fheiceann Sinn Féin ar an gceist sin? An bhfuil Sinn Féin ar son cáin cosúil leis an Solidaritatszuschlag sa Ghearmáin: an cáin 5.5% den ioncam atá á íoc ag daoine sa Ghearmáin le 30 bliain le íoc as Athaontú na Gearmáine? Droch sheans, ach seo an cheist ar gá freagra a fháil air ó Shinn Féin, go speisialta nuair atá stair ag Sinn Féin cur in aghaidh gach cineál cánach: an USC, cáin carbóineach, táillí uisce agus fiú in aghaidh an Cáin Maoin Áitiúil!

  • Léitheoir comharthaíochta duáilcí

    “níor rith sé leis na dréachtóirí go mb’fhéidir go gceapfaí bean ina státrúnaí” – Mo Mowlam a bhí ina stát-rúnaí (1997-1999) nuair a dréachtaíodh an comhaontú.

  • An Teanga Bheo

    “Divided Kingdom” i an Bhreatain sin a deir siad fhéin.