‘Believe in miracles and cures and healing wells’ – seachmall na mBreatimeachtóirí Móra

Tá sé fánach ag daoine a bheith ag séanadh go bhfuil impleachtaí slándála agus eacnamaíochta tromchúiseacha ag baint leis an mBreatimeacht

‘Believe in miracles and cures and healing wells’ – seachmall na mBreatimeachtóirí Móra

Nigel Dodds, Gregory Campbell, Arlene Foster agus Edwin Poots. Photo: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Áibhéil, a deir lucht an Bhreatimeachta chrua. Údar imní as cuimse i dTuaisceart Éireann áfach agus cúis bhuartha ó dheas, áit nach mbeifear in ann na hiarmhairtí a sheachaint. An cúlú eacnamaíochta atá i ndán don Ríocht Aontaithe cuma cén sórt Breatimeachta a tharlóidh, de réir na réamhaisnéisí oifigiúla a eisíodh i Londain cúpla lá ó shin.

Thitfeadh GDP beagnach 4% go ceann cúig bliana déag faoi thionchar an mhargaidh atá á mholadh ag Theresa May. Níos scanrúla fós thitfeadh sé beagnach 9% dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan aon mhargadh a dhéanamh. I dteannta na hanailíse sin ón rialtas, dúirt Banc Shasana go bhféadfadh cúlú 8% tarlú gan mhoill dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan an tréimhse athghléasta- ’sé sin dá n-imeodh an Ríocht Aontaithe gan margadh de chineál ar bith a bheith déanta leis an Aontas Eorpach. Chaillfeadh an punt an ceathrú cuid dá luach.

Féindochar cuma cén tslat tomhais a úsáidtear más fíor an tuar agus dochar freisin do dhaoine nach raibh ag iarraidh an tAontas Eorpach a fhágáil ar chor ar bith.

Ní nach ionadh, ós é brí na réamhaisnéise go mbeidh an Ríocht Aontaithe níos boichte de bharr an Bhreatimeachta, dúirt na hEoraisceiptigh gur áiféis é nó gurb é an t-éadóchas is dual do na heacnamaithe stáit a dhéanann réamhaisnéis is bun leis. D’admhaigh Seansailéir an Státchiste, Philip Hammond go mbeadh siad níos measa as de bharr an Bhreatimeachta, ach mhaígh sé gurb é margadh Theresa May is lú a dhéanfadh damáiste.

Cá bhfios an draíocht, léamh na nduilleog tae nó saineolas an bonn atá le tuar na n-eacnamaithe nó le séanadh na nEoraisceipteach. Ag comhdháil bhliantúil a páirtí d’aithris Diane Dodds, feisire Eorpach an DUP, atá cíocrach chun Breatimeachta, líne as dán le Seamus Heaney chun a dóchas gur saol na bhfuíoll a bheidh ann i ndiaidh an Bhreatimeachta a chur ina luí ar na toscairí.Believe that further shore. Is reachable from here’.

Níor thagair sí don líne roimhe – ‘So hope for a great sea-change on the far side of revenge’. Ná níor thagair sí don líne ina diaidh: Believe in miracles and cures and healing wells’.

Airíonn go leor i dTuaisceart Éireann go mbeidh gá le míorúilt, íocshláinte nó cabhair Dé chun iad a shábháil ó thionchar an Bhreatimeachta. Nuair a bhíonn lag trá eacnamaíochta sa Ríocht Aontaithe is é Tuaisceart Éireann is laige de ghnáth i ngeall ar nádúr an gheilleagair abhus atá ag brath an iomarca ar an earnáil phoiblí. Bheadh sin fíor i gcás imeacht gan socrú ach é á thuar gurb é Londain féin is measa a bhuailfí faoi mhargadh Theresa May.

Tá lucht gnó a fhostaíonn oibrithe ón Aontas Eorpach, ón bPortaingéil agus ón bPolainn go háirithe, an-bhuartha faoi sheasamh rialtas na Breataine in éadan inimirceach. Údar imní atá acu nach mbeidh dóthain foirne acu.

Chomh maith leis sin tá an PSNI ag éileamh 400 ball foirne sa bhreis chun déileáil le teorainn ‘chrua’ má bhíonn Breatimeacht gan aon mhargadh ann. Tá liodáin de chuntais againn faoi na deacrachtaí d’oibrithe, comhlachtaí iompair, feirmeoirí, easpórtálaithe agus gnáthdhaoine a thrasnaíonn an teorainn an-mhinic chomh maith le tionsclóirí a thugann amhábhar isteach. Ach tá foláireamh tugtha freisin maidir leis an tionscal is mó fás le deich mbliana anuas – an turasóireacht. Má bhíonn airgead gann, buailfear an tionscal sin go dona.

Tá sé fánach ag daoine a bheith ag séanadh nach mbeidh impleachtaí slándála agus eacnamaíochta tromchúiseacha ag baint leis an mBreatimeacht ar dhá thaobh na teorann in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Bheadh na himpleachtaí níos measa dá dtarlódh an Breatimeacht gan aon mhargadh a bheith déanta ag deireadh an Mhárta seo chugainn. Cibé cinneadh a dhéanfar tá práinn le margadh a chinnteoidh nach de thuairt thubaisteach a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

Fág freagra ar '‘Believe in miracles and cures and healing wells’ – seachmall na mBreatimeachtóirí Móra'

  • Liam Mac Lochlainn

    Is breá liom an pictiúr. Bolscaireacht do ‘Hammer Films’ atá ann?