Beirt oidí a bheidh beo go deo ina gcroíthe siúd uilig a mhúin siad

Cuireadh i gcré na cille le seachtain beirt oidí a d'fhág a lorg ar a raibh sé d'ádh orthu casadh leo

Beirt oidí a bheidh beo go deo ina gcroíthe siúd uilig a mhúin siad

An tráth seo bliana bíonn aird na meán agus an phobail ar na scrúduithe stáit, ar an imní a bhaineann le cúrsa tríú leibhéal nó gairm bheatha a roghnú agus lóistín a fháil a bhfuil siad féin nó a muintir ina acmhainn.

Is minic lucht aitheantais ag sacadh faoi mhúinteoirí faoin samhradh fada díomhaointis ach tá d’ádh ar scoláirí go leor go gcasann oidí orthu a fhágann oidhreacht eile le cois pointí acu.

Cuireadh i gcré na cille le seachtain beirt ar m’aithne a léirigh lena sampla agus lena saothar a thábhachtaí agus atá gairm uasal an mhúinteora agus is mairg a bheadh i ndiaidh scíth fhada an tsamhraidh ar cheachtar acusan ná ar a gcomhghleacaithe díograiseacha.

I bhfad ró-óg a sciob an tinneas Neasa Mhic Dhonncha óna fear agus a clann, óna muintir, óna cuid scoláirí agus a comhghleacaithe i Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus óna pobal ar an gCeathrú Rua i gConamara. I bhfad sular chuimhnigh Obama ar an mana cáiliúil siúd bhí sé mar chéad aithne ag Neasa.

Ní raibh fál ró-ard, riail ródhocht ná am róghann ag Neasa. Agus dúrúch uirthi ag teacht faoi do dhéin ar an bpasáiste bhí a fhios agat go raibh smaoineamh iontach eile aici, é léite, cloiste, feicthe nó ceaptha aici i rith na laethanta ‘saoire’, ag an deireadh seachtaine nó ag uair an mheán oíche aréir. “Nach mbeadh sé sin go hiontach do na scoláirí s’againne? Bhainfidís an-leas as. Caithfidh muid é a thriail.” Agus b’in an tús ach gan dabht an sprioc fhéin sroichte ina hintinn ag Neasa.

Rinne sí cúram don saol acadúil sa tsaotharlann – gan leisce ná doicheall chuir sí lena cáilíochtaí san eolaíocht le rogha eile a bheith ag daltaí. Thug a saothar go hionad taighde CERN na Ginéive í ar mhaithe le spéis sa bhFisic a chur chun cinn.

Spreag sí agus chuidigh sí le daltaí páirt a ghlacadh sna comórtais eolaíochta – nach iomaí sin turas a d’eagraigh sí go dtí an RDS leis an hEolaithe Óga – agus cúpla lá agus oíche le caitheamh ina dteannta i dtús bliana, ar bheagán codlata. Ní hamháin sin agus bhíodh urraíocht á fiach aici le nach gcoinneodh pingineacha aon scoláire ón bhféasta eolaíochta, taighde is comhluadair.

Níor staon teagasc Neasa ag a 4.00pm, chreid sí go láidir sa bhfoghlaim agus sa tacaíocht a bhí le fáil ag déagóirí ó imeachtaí nár tharla sa seomra ranga, bíodh sin ceol, rugbaí, peil, lúthchleasaíocht, códáil nó ficheall. Agus mná go leor ag seachaint cluichí foirne tar éis na ndéagbhlianta, thosaigh Neasa foireann peile do na mná.

Nuair a socraíodh Idirbhliain a chur leis an gcuraclam, Neasa a thug faoin dúshlán sin. Thuig sí an cumas agus an dúchas ceoil sa gceantar agus chuige sin an ceoldráma iontach a bhíonn chuile bhliain ag an idirbhliain – oícheanta agus deirí seachtaine cleachtaidh is eagrúcháin ach cuimhní geala agus buanna agus tuiscintí nua aimsithe ag an gcliar agus a muintir.

Cuimhneoidh a muintir ar Neasa Sonaí – an céile, an iníon, an mháthair, an deirfiúr, an cara, an chomharsa – cuimhneoidh a cuid scoláirí uirthi mar bhean lách spraíúil thuisceanach a spreag iad lena cuid fuinnimh, leis an muinín a bhí aici astu, agus an t-ómós a bhí aici dóibh.

Thuas i Maigh Eo a dúchais a fágadh luaithreach Mháirín Ní Mhurchú i gcré na cille ach is iomaí sin duine agus áit a bhfuil a spiorad agus lorg a saoil le brath. Ba í Máirín an chéad bhean rialta riamh a casadh ormsa agus m’aghaidh ar mheánscoil, agus más í ba gheal an lá domsa é sin mar trócaire, soilíos is cineáltas amháin a chleacht an múinteoir agus í féin nua sa scoil. Eolaíocht a bhí á múineadh aici agus gan saotharlann fós againn ach bhíodh ciseán trealaimh léi isteach.

Lá breá síos le cladach ag scrúdú na lochán agus dúlra na mara, lá eile sa gcoill ag scrúdú na gcaonach, na gcrann agus na bhfeithidí.

Leathchéad bliain ó shin agus eolaithe fós i muineál a chéile faoi théamh na cruinne, bhí fainic ag an múinteoir óg dúinne faoin scrios a bhí i ndán don nádúr a bhí inár dtimpeall agus na bealaí a bhféadfadh muid féin gníomhú. Lean sí leis an obair agus an soiscéal sin go lá a báis. San Ionad Éiceolaíochta, An Gairdín, i bPort Omna a chonaic mé go deireanach í agus gliondar ar a croí ag taispeáint ‘Gairdín Pharthais’ dom.

Ar scoil chuir sí in aithne dúinn na finnéithe a chonaic an chos ar bolg agus cothrom na Féinne á cheilt agus í ag síormheabhrú dúinn an tábhacht a bhain le ceannas na bpobal dúchasach ar chúrsaí forbartha. Bhíodh leabhar nó alt nuachtáin sa bpóca mór siúd ag teacht aici a d’osclódh ár súile sa ré réamh-idirlín sin.

A grá don dúlra agus a grá don cheol a chothaigh í agus is iomaí bean óg a shantaigh póstaer don deartháir a bhí i mbanna ceoil agus a chas Tigh Darby, cultúrlann Bhéal an Daingin! Chomh maith le cór, cruit is pianó, ba mhaith í ag soláthar ceoil don seinnteoir ceirníní sa halla agus nach iomaí sin cóisir dheas faoi choim a d’eagraigh sí dúinn.

Bean stuama fhadbhreathnaitheach ab ea Máirín Ní Mhurchú a scríobh a chuid focal don sagart ag a sochraid – ‘seachas moladh is caoineadh, cuirtear sa gcoill na crainnte sin ar chuir Covid moill orthu agus seachas sagart, fáiltíodh duine den phobal roimh mo chorp ag teach an phobail agus abraíodh tuata eile na paidreacha cois m’uaighe’. Díreach mar a thuig Máirín roimh a lán go raibh ciseach á dhéanamh againn don chomhshaol, thuig sí chomh maith gurb é an pobal an eaglais agus nach aon drochrud é sin. Ceannródaí séimh radacach ar mhór an onóir dom í a bheith mar oide agus mar eiseamláir agam.

Neasa agus Máirín, beirt oidí nár shantaigh mór is fiú ná pápaireacht, ní bás ach athfhás, beidh sibh beo go deo ina gcroíthe siúd uilig a raibh sé d’ádh orthu aithne a bheith acu oraibh.

Fág freagra ar 'Beirt oidí a bheidh beo go deo ina gcroíthe siúd uilig a mhúin siad'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Alt álainn ómóis. Bheidis bródúil asat-sa freisin, a Mháire.

  • Maire

    Alt an-mhaith. Ba laochrai iad beirt