Beirt Ghaeltachta ainmnithe ina n-imreoirí óga na bliana ag Connachta

Bronnadh an gradam don Imreoir Ban Faoi 18 is Fearr ar Éabha Níc Dhonnacha as Ros an Mhíl ag ócáid bhronnta speisialta ag an deireadh seachtaine agus tugadh an gradam d’Imreoir Faoi 18 na bhFear do Thomás Farthing ón Spidéal

Beirt Ghaeltachta ainmnithe ina n-imreoirí óga na bliana ag Connachta

Tá beirt ó Ghaeltacht Chonamara ainmnithe mar Imreoirí Óga na Bliana ag foireann rugbaí Chonnacht don séasúr atá caite.

Bronnadh an gradam don Imreoir Ban Faoi 18 is Fearr ar Éabha Nic Dhonnacha as Ros an Mhíl ag ócáid bhronnta speisialta ag an deireadh seachtaine agus tugadh an gradam d’Imreoir Faoi 18 na bhFear do Thomás Farthing ón Spidéal an oíche chéanna.

Bhain Nic Dhonnacha, dalta Ardteiste i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, áit amach ar fhoireann shinsir Chonnacht i rith an tséasúir tar éis di an-dul chun cinn a dhéanamh le foirne faoi aois an chúige agus na hÉireann. Bhí Éabha Nic Dhonnacha, a imríonn i measc na gcúlaithe, ina captaen ar fhoireann faoi 18 na hÉireann a d’imir i gCraobh na Sé Náisiún anuraidh agus í mar chuid d’fhoireann seachtar an taobh na hÉireann chomh maith.

Tomás Farthing a bhuaigh gradam faoi 18 na bhfear. Bhí an leathchúlaí clibirte mar chuid d’fhoireann faoi 18 na hÉireann i rith an tséasúir agus bhí sé páirteach freisin aige i scéim de chuid an IRFU a roghnaíonn imreoirí a bhfuil an cumas iontu rugbaí a imirt go proifisiúnta, scéim ar ghlac Nic Dhonnacha páirt inti anuraidh chomh maith. Bhain Farthing gaisce amach le foireann mhionúir peile na Gaillimhe anuraidh agus é ainmnithe mar shárimreoir na bliana tar éis do Ghaillimh Craobh na hÉireann a bhaint.

Dalta é Tomás i gColáiste Croí Mhuire ar an Spidéal agus bhí dalta ó iarbhunscoil lán-Ghaeilge eile, Cian Brady ó Choláiste an Eachréidh, ainmnithe don ghradam faoi 18 a bhuaigh Farthing oíche Dé Sathairn. Bhí fear Gaeltachta eile, Eoin de Buitléar, ainmnithe don ghradam don Imreoir Acadaimh is Fearr ag Connachta an séasúr seo. Hugh Gavin a thug an gradam sin leis ach bhí an-bhliain ag de Buitléar na Ceathrún Rua agus áit bainte amach aige ar fhoireann shinsir Chonnacht agus úd aimsithe ag an húcálaí freisin in aghaidh Zebre ina chéad chluiche.

Is iad Caolin Blade agus Orla Dixon a thug leo gradaim Imreoir na Bliana d’fhoirne sinsir na mban agus na bhfear ag ócáid bhronnta Chonnacht a reáchtáladh in Óstán an Galmont i nGaillimh Dé Sathairn.

Fág freagra ar 'Beirt Ghaeltachta ainmnithe ina n-imreoirí óga na bliana ag Connachta'