Beirt de bhunadh Chonamara ag fiach ar shuíocháin i Maine sna toghcháin lár téarma i Meiriceá

Is í an cheist mhór náisiúnta i Meiriceá inniu ná an gcaillfidh na Poblachtánaigh – agus an tUachtarán Trump – an smacht atá acu ar Thithe na Comhdhála sna toghcháin lár téarma.  Ní  hé amháin gur ceist mhór í taobh istigh de Mheiriceá ach tá sí ina ceist mhór idirnáisiúnta freisin. Ach,  tá na mílte […]

Beirt de bhunadh Chonamara ag fiach ar shuíocháin i Maine sna toghcháin lár téarma i Meiriceá

Is í an cheist mhór náisiúnta i Meiriceá inniu ná an gcaillfidh na Poblachtánaigh – agus an tUachtarán Trump – an smacht atá acu ar Thithe na Comhdhála sna toghcháin lár téarma.    hé amháin gur ceist mhór í taobh istigh de Mheiriceá ach tá sí ina ceist mhór idirnáisiúnta freisin.

Ach,  tá na mílte coimhlint eile in áiteacha ar fud na Stát agus tá péire acu sin i Stát Maine mar a  bhfuil beirt de bhunadh Chonamara ag iarraidh a theacht ar ais mar ionadaithe poiblí sa bparlaimint ansin – Margaret Craven arbh as Leitir Ard i bpobal Charna i gConamara ó dhúchas di agus Michael Brennan arbh as Conamara a shinsir.

Bhí Margaret Craven – Mairéad Ní Chonghaile nó Mairéad Mhattie Sheáinín – mar atá eolas uirthi sa mbaile, ina hionadaí Stáit agus ina Seanadóir Stáit sa bParlaimint i Maine idir 2002 -2014.  Chuile sheans gurbh í an t-aon Seanadóir Stáit i Meiriceá a rugadh agus a tógadh in Éirinn.  Ag teannadh le deireadh na tréimhse sin, bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Cúram Sóisialta agus Daonna na Parlaiminte agus caint ann go mbeadh seans maith aici a bheith ina cathaoirleach ar an bparlaimint. Ach fuair na Poblachtánaigh ceannas agus chuir sin Margaret Craven as an gcomhaireamh don phost sin.

Ar an drochuair b’éigean di éirí an bpolaitíocht in 2014 le haire a thabhairt dá fear céile, Jim Craven, a bhí buailte tinn agus a bhásaigh ó shin, go raibh suaimhneas síoraí aige.

Cé nach raibh mórán súil leis, shocraigh Margaret Craven go dtabharfadh sí iarraidh eile faoin bpolaitíocht i Maine agus tá sí ag fiach ar shuíochán mar Ionadaí Stáit i gcathair Lewiston-Auburn amárach.  (Tá an dá chathair i bhfostú ina chéile, Lewiston ar thaobh amháin den abhainn agus Auburn ar an taobh eile). Poblachtánach darbh ainm John Reeder atá ag seasamh ina haghaidh. De réir na scéalta atá ag teacht anall tá seans láidir ann go mbeidh an lámh in uachtar ag Margaret Craven agus go dtiocfaidh sí ar ais sa bParlaimint in Augusta, príomhchathair Maine.

Tá Margaret amach sna na seachtóidí anois ach choinnigh sí uirthi ag tacú leis na cúiseanna daonna agus sóisialta ó d’fhág sí an Parlaimint. Bean fhuinniúil ghealgháireach í agus ní bheadh beann ar bith aici ar an obair a bhaineann leis an saol poiblí.

Chuaigh sí go Meiriceá as Leitir Ard agus gan í ach 17 bliain agus í taobh leis an mbunscolaíocht a fuair sí i Scoil Ghlinsce.  Cé go raibh cúraimí baile agus cúraimí oibre uirthi taobh amuigh den teaghlach d’éirigh léi céim ollscoile agus céim mháistreachta a bhaint amach san University of Southern Maine in Portland.   

Coinníonn sí ceangal láidir leis an mbaile. Tá sí ar dhuine d’ambasadóirí tionscnaimh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna agus tháinig sí anall in aon turas le freastal ar an oscailt oifigiúil ar an bhfoirgneamh sin i mí na Bealtaine seo caite.

Tá cúpla glúin de bhearna idir Michael Brennan in Portland – an chathair is mó i Stát Maine – agus ceantar dúchais a mhuintire ar thaobh a mháthar. Ba as Inis Ní gar do Chloch na Rón i gConamara í a mháthair mhór, duine de mhuintir Mhaoilchiaráin, agus tá go leor daoine muinteartha aige i gceantar Charna agus Chloch na Rón, ar chaon taobh de Chuan na Beirtrí Buí.    Coinneofar súil ghéar in Portland ar an iarracht seo atá á déanamh ag Michael Brennan le theacht ar ais mar ionadaí poiblí.

Bhuaigh sé toghchán stairiúil in Portland, Maine in 2010. Ba é sin an chéad uair é le 100 bliain a socraíodh go dtoghfaí an pobal uilig Méara na cathrach. Cuireadh an cineál sin toghcháin ar ceal uilig 100 bliain roimhe sin mar, a dúradh, go raibh imní ar an dream seanbhunaithe ansin go raibh an oiread sin Éireannach tagtha isteach go Portland agus go gcuirfidís iarrthóir dá gcuid féin isteach mar Mhéara. 

Ba as iarthar na hÉireann, Conamara go háirithe, ba mhó a tháinig na himirceoirí sin go Portland.  Ait go leor, ba dhuine de shliocht na nÉireannach sin, Michael Brennan, a bhuaigh an toghchán agus an téarma ceithre bliana mar Mhéara nuair a chuathas ar ais go dtí an córas vótála poiblí.

Ach, níor éirigh le Michael Brennan an dara téarma a bhuachan agus d’fhág sin ar charraig é sa saol poiblí.  Bhí sé ina ionadaí Parlaiminte sular toghadh é ina Mhéara. Is duine é a bhfuil aithne fhorleathan air i measc shliocht na hÉireann in Maine agus i measc an phobail.  Aturnae é agus tá sé ina cheannasaí freisin ar pháipéar nuachta leictreonach in Portland.  Beidh suim ar leith sa toghchán seo ina bhfuil Poblachtánach darbh ainm Samuel Ledue i gcoinne an Bhraonánaigh.

Tá cuairteanna tugtha ag Michael Brennan ar Inis Ní agus chomhoibrigh sé le Tionscnamh Ginealais na Gaeltachta in Ionad Oidhreachta na hÉireann in Portland, Maine.

Is fada ceangal idir Conamara agus Stát Maine agus coinníonn sliocht mhuintir na Gaeltachta an ceangal sin beo i gcónaí.  D’fhéadfadh sé go neartófaí guth na ndaoine sin go suntasach i bpolaitíocht Stát Maine inniu.

Fág freagra ar 'Beirt de bhunadh Chonamara ag fiach ar shuíocháin i Maine sna toghcháin lár téarma i Meiriceá'