Cuireann Brighid Ní Choinceanainn, Ceathrú an Teampaill, Inis Meáin síos dúinn ar an lá ar a hoileán dúchais.
Is é lá Fhéile Brighde an chéad lá den Earrach agus bíonn áthas ar gach duine go mbíonn an tEarrach ar fáil. Deir Naomh Brighid go mbeadh ‘gach re lá óm’ lá-sa amach go breá’. Tá an lá sin ina bhreacshaoire ins an oileán agus ní bhítear ag déanamh mórán oibre. Bíonn na daoine ag cur crosóg Bhrighde suas ar dhíon an tí oíche na féile Brighde leis an ádh a bheith ar an teach ar feadh na bliana.
Bíonn na cailíní beaga ag imeacht ó theach go teach leis an mbrídeog, iad ag damhsa agus ag casadh poirt agus ansin faigheann muid ubh nó pingin ó gach teach. Is ceart do gach teach iasc beo a thabhairt isteach Lá Fhéile Brighde. Tógann na daoine faochain agus bairnigh an lá sin. Deireadh na seandaoine go mb’fhearr leo Lá Fhéile Brighde a bheith garbh mar go dtiocfadh an bhliain ar fad go breá ina dhiaidh sin. Ó chaitear Lá’l Brighde bíonn na laethanta ag dul i bhfad agus na hoícheanta ag dul i ngiorracht agus bíonn an ghrian ag ardú sa spéir agus cuma an tSamhraidh ag teacht ar an aimsir. Bíonn na huain óga á mbreith san Earrach. Bíonn na curachaí ag iascach san Earrach gach lá a bhíonn breá.
Míníonn Treasa de Búrca as Baile an Chalaidh i gcontae Mhaigh Eo dúinn an bunús a bhí leis an gCros Bhríde.
Lá dá raibh Naomh Bríghid ag taisteal in iarthar na hÉireann chuaigh sí ar seachrán thart ar Chnoc Néifinn. Chuaigh sí isteach i dteach ina raibh fear agus bean. D’iarr sí eolas an bhóthair orthu. Págánaigh a bhí sa mbeirt seo, ach mar sin féin thugadar eolas a slí di. Ansin thug bean an tí deoch do Bhríghid. Sular ól sí an deoch phioc sí ansin brobh luachra agus chuir sí isteach san mbainne é ag gearradh comhartha na croise ag an am céanna. Bhí ionadh mór ar fhear an tí agus d’iarr sé uirthi cén fáth a ndearna sí sin. “Mar chuir do bhean nimh san deoch,” arsa Bríghid.
D’iarr an bhean maithiúnas ar Bhríghid agus d’inis sí di gur chuir sí an nimh san deoch mar gheall ar an gcrois óir a bhí fána muineál ag an naomh. Ón lá sin go lá a báis níor chaith Bríghid ach cros airgid agus í fá chlúdach aici gan cathú do chur ar éinne.
Dúirt sí ina dhiaidh sin go mbeadh aon teach ina ndéanfaí cros luachra agus í a chur fá dhíon an tí fána brat féin slán agus nach mbainfeadh dó ná dochar don teach sin ariamh.
Deir Eibhlín Ní Mhurchadha as Baile Uí Bhioráin i gontae Chiarraí linn gurbh iad na buachaillí a théadh thart leis an mBidí ina ceantar féin.
Na buachaillí móra a théann ó thigh go tigh tráthnóna an 31ú d’Eanáir. Culaith éadaigh chailín a bhíonn ar gach buachaill. Deineann siad bábóg de thornapa is glaoitear “The Biddy” air sin. Bíonn ceol á sheinmt acu is iad ag imeacht ó thigh go tigh. Nuair théann siad isteach i dtigh, cuireann siad tús leis an scléip le hamhrán. Ansan bíonn rince is ceol acu. Gheibheann siad roinnt airgid is imíonn leo. Leis an airgead a bhailítear tugtar ard-oíche (tar éis cúpla lá) dá gcairde i dtigh éigin. Bíonn siamsa is ceol, nua gach bídh is sean gach dí acu.
Antóin
Lá Fhéile Brighde ina bhreacshaoire ar Inis Meáin. Céard faoin lá seo a bheith ina shaoire ar fud na tíre?