Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn

Más fada gearr i réim é an Taoiseach nua beidh tábhacht lena chur chuige i dtaca leis an gcaidreamh Angla-Éireannach chomh maith le Stormont

Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn

Póilín Ní ChiaráinCén difríocht a dhéanfaidh fear nua i Sráid Mhuirfean don pholaitíocht trasteorann? Fear a bheas ann de réir cosúlachta agus an deis chun vótáil leis an gcéad bhantaoiseach a bheith acu seachanta ag Fine Gael. An mbeidh Taoiseach nua i gcomhar le Stormont agus rialtas na Breataine in ann Comhaontú Aoine an Chéasta a chur ar bhonn seasmhach agus a fhorbairt ar bhealaí nár fhéad Leo Varadkar?

Bheadh sé amaideach a bheith ag súil le hathrú polasaí. Tá clár rialtais aontaithe idir na trí pháirtí sa chomhrialtas. Ina theannta sin, is conradh idirnáisiúnta le coinníollacha dochta é Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ní hé sin le rá nach mbeadh cur chuige ar leith ag ceannaire nua thairis a réamhtheachtaí. Más é Simon Harris a roghnófar nó a thoghfar mar cheannaire ar Fhine Gael – mar is cosúil tráth a bhfuil an t-alt seo á scríobh – beidh sé i bhfad níos compordaí i mbun cumarsáide agus croitheadh lámh mar Thaoiseach ná mar a bhí Varadkar.

Deir a lucht tacaíochta go mbeidh Harris fuinniúil agus é le tuiscint gur ‘níos fuinniúla ná mar a bhí an Taoiseach deireanach’ atá i gceist. Beidh gá aige leis sin i bhfianaise na ndúshlán a bheidh le sárú ag Fine Gael ag tabhairt aghaidh ar thoghcháin agus iad in ísle brí. Thairis sin beidh gá le tine a chur faoina chomhghleacaithe rialtais chun feabhas éigin a chur ar chúrsaí sláinte, tithíochta, athraithe aeráide agus iompair.

Beidh Fine Gael ag súil le preab don cheannaire nua chun borradh a chur faoina bhfeachtas roimh thoghcháin an Mheithimh. N’fheadar an bhfágfaidh an obair sin agus gnóthaí leochaileacha idirnáisiúnta spás chun a bheith gníomhach ar cheisteanna trasteorann? Beifear san airdeall d’easpa suime agus do bheith ag cur a ladar san áit a mbeadh doicheall roimhe. Ní ribín réidh é.

Is iomaí cuairt aneas a thug an Taoiseach Leo Varadkar sa chéad bhliain aige in oifig. Ina measc bhí cuairt ar Mhúsaem an Oird Oráistigh in oirthear Bhéal Feirste agus d’oscail sé Féile an Phobail i gceantar na bhFál in iarthar na cathrach.

Ba eisean an chéad Taoiseach a leag cos in iarsmalann na nOráisteach. Céim mhór ab ea é a tharraing aird ag an am.

Dá réir shílfeá gur dia beag a bheadh ann ag aontachtaithe ach chuir an Breatimeacht cor eile sa scéal. Babhdán ab ea é acu i ngeall ar an seasamh docht a ghlac sé chun teorainn chrua iarBhreatimeachta ar oileán na hÉireann a chosc. Shásaigh sé na daoine ar mian leo an ceangal leis an Aontas Eorpach a chaomhnú agus an dochar ón mBreatimeacht a mhaolú oiread agus is féidir. Maítear freisin go raibh sé ‘níos glaise’ ná Taoiseach ar bith roimhe ó Fhine Gael ach cháin poblachtánaithe é go seasta mar nár chuir sé dlús le feachtas aontaithe, le réamhobair ar reifreann faoin teorainn.

Díol suntais ab ea é gurb iad Alliance agus SDLP amháin a mhol é, iad araon buíoch as a sheasamh i leith an Bhreatimeachta. Bhí breithiúnas an Chéad-Aire, Michelle O’Neill sách giorraisc; olltoghchán atá de dhíth ar sí, mar a dúirt a comhghleacaithe ó dheas a bheidh in iomaíocht le Fine Gael.

Murab ionann agus an chéad-aire ghuigh an leaschéad-aire, Emma Little Pengelly an t-ádh ar Leo Varadkar cé go raibh an caidreamh idir é agus an DUP corrach, a dúirt sí. Díol suntais ag roinnt daoine ab ea é nár dhúirt páirtithe an Fheidhmeannais in Stormont focal faoin infheistíocht ollmhór a d’fhógair rialtas na hÉireann le gairid do Pháirc Mhic Easmainn, bóthar an A5, Droichead Chairlinne agus scéimeanna eile.

Cúram gan bhuíochas seans. Ní mé an bhfuil deasghnátha na polaitíochta athraithe as éadan nó an bhfaighidh Leo Varadkar ‘go soirbhí Dia duit’ nó dea-ghuí leamh féin ón bhfreasúra ar an lá a n-éireoidh sé as oifig an Taoisigh go foirmeálta. Má bhí súil aige Dé Céadaoin seo caite le moladh i dTeach Laighean as rud ar bith a rinne sé mar Thaoiseach bhí thiar air.

Deir an UUP agus DUP go bhfuil súil acu le dea-chaidreamh leis an Taoiseach nua. Ní raibh mórán ar eolas faoi leagan amach Harris i leith an Tuaiscirt ach léirigh sé tacaíocht d’ollscoil i nDoire, togra a bhfuil dúil mhór ann taobh thiar den Bhanna. Is é an Tánaiste Micheál Martin is mó a bheidh ag plé le gnóthaí abhus ach, más fada nó gearr í réim é an Taoiseach nua beidh tábhacht lena chur chuige i dtaca leis an gcaidreamh Angla-Éireannach chomh maith le Stormont.

Fág freagra ar 'Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn'