Beidh “cúpla ceist phráinneach” ar bhord an Choimisinéara nua Gaeilge sa Tuaisceart nuair a cheapfar go hoifigiúil é, dar le Conradh na Gaeilge. Meastar gurb é Pól Deeds, leaschathaoirleach Fhoras na Gaeilge, atá roghnaithe ag Oifig an Fheidhmeannais don ról agus go bhfuil sé le ceapadh go hoifigiúil gan mhoill.
Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt bainisteoir cumarsáide Chonradh na Gaeilge Pádraig Ó Tiarnaigh, go mbeidh ceisteanna práinneach ag fanacht ar an gCoimisinéir nua an lá a sheasfaidh sé san oifig nua den chéad uair.
“Beidh cúpla ceist phráinneach ar thábla an Choimisinéara Gaeilge nua nuair a cheapfar é. Beidh sé ina scrúdú ar an meáchan a bheidh ag cinntí an Choimisinéara agus ar an meas a léireofar ar na cinntí sin a dhéanfaidh sé,” a dúirt ó Tiarnaigh.
An tseachtain seo caite, mhol breitheamh de chuid na hArd-Chúirte i mBéal Feirste go lorgófaí comhairle agus treoir ón gCoimisinéir Gaeilge maidir leis an gcomharthaíocht dhátheangach atá le crochadh i Stáisiún Láir Bhéal Feirste. Tá dúshlán cúirte tugtha ag Jamie Bryson agus ag an Aire Pobal, Gordon Lyons in aghaidh an Aire Liz Kimmins faoina cinneadh mar Aire Bonneagair an chomharthaíocht dhátheangach a chrochadh ansin.
Ní dhearna an Breitheamh Gerry McAlinden aon chinneadh faoin iarratas idirghabhála a chuir Conradh na Gaeilge faoi bhráid na hArd-Chúirte an tseachtain seo caite ach dúirt sé gur chóir go lorgófaí treoir agus saineolas ón gCoimisinéir atá le ceapadh go luath.
Thug Pádraig Ó Tiarnaigh le tuiscint do Tuairisc an tseachtain seo go mb’fhéidir go mbeadh an Coimisinéir Teanga ag plé le ceist na straitéise Gaeilge atá os comhair na hArd-Chúirte faoi láthair freisin. Tá cás tugtha ag an gConradh in aghaidh an Fheidhmeannais agus an Aire Pobal Gordon Lyons mar gheall ar “theip” an Fheidhmeannais straitéis Gaeilge a gealladh den chéad uair in 2006 a thabhairt isteach.
Dúirt sé go bhfuil sé ag súil go gceapfar an Coimisinéir Gaeilge “gan mhoill” agus go mbeidh sé in ann aghaidh a thabhairt ar na “ceisteanna práinneacha” sin atá ag dó na geirbe ag pobal na Gaeilge sa Tuaisceart.
Tá ceapachán an Choimisinéara Teanga féin ar cheann de na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge ar cuireadh moill orthu ó thuaidh le blianta beaga anuas. Ba ag tús na bliana 2020 a glacadh leis an rún go gcruthófaí an ról nua. Ritheadh an reachtaíocht chun oifig an Choimisinéara a bhunú in 2022 ach níor fógraíodh an post go dtí earrach na bliana seo.
Leagfaidh an Coimisinéir Gaeilge caighdeáin síos maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras. Tá imní ann go bhféadfadh an DUP srian a chur ar chumhachtaí an choimisinéara, áfach, mar go gcaithfidh na caighdeáin sin a mbeannacht a fháil on gCéad-Aire agus ón LeasChéad-Aire “in éineacht”.
Cuirfidh an Coimisinéir comhairle freisin ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na teanga agus déanfaidh sé iniúchadh ar ghearáin ón bpobal faoi chomhlachtaí poiblí a theipeann i gcomhlíonadh a ndualgais.
Fág freagra ar '‘Beidh ceisteanna práinneacha ag fanacht ar an Choimisinéir Gaeilge’'