Beidh Aonach Amárach ar TG4, ‘blow-dry’ ag na beithígh agus tan bréige ag na caoirigh…

Le bliain anuas, tháinig athrú ar shaol ár gcolúnaí nuair a chuir sí aithne ar dhomhan na seónna talmhaíochta a bhíonn á reáchtáil ó cheann ceann na tíre le linn an tsamhraidh

Beidh Aonach Amárach ar TG4, ‘blow-dry’ ag na beithígh agus tan bréige ag na caoirigh…

Maidin álainn i dtús an tsamhraidh agus bhí mé ar mo bhealach chuig ceann de láithreacha stairiúla na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann – campa géibhinn an Maze. Bhíodh súile an domhain dírithe ar an láthair seo ar feadh na mblianta. Bhain sé siar asam nuair a chonaic mé na comharthaí don láthair pháirceála, na seastáin, na hionaid éagsúla ghnó agus, taobh thiar díobh, túir arda an tseanphríosúin ag meabhrú dúinn go raibh stair dhorcha ar leith ag baint leis an áit.

Ach an mhaidin álainn samhraidh seo ní ag smaoineamh ar pholaitíocht ná ar an ré ghruama sin a bhí éinne. Ag triall ar cheann de na taispeántais is mó sa tír a bhí mé – taispeántas Talmhaíochta Balmoral.

Le bliain anuas, tháinig athrú ar mo shaol. Tugadh isteach i ndomhan nua mé – domhan na gcaorach a fhaigheann ‘tans’ agus na mbeithíoch a fhaigheann ‘blow-drys’, domhan na gcomórtas bláthanna, cácaí agus glasraí. Sea, chuir mé aithne ar shaol an Taispeántais Talmhaíochta.

Gach bliain reáchtáiltear 140 taispeántas in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Bhí baint agamsa le comhlacht teilifíse (Crawford-McCann, i mBéal Feirste) a bhí i mbun léirithe ar shraith sé cinn de chláracha teilifíse faoi na taispeántais. Bhí an léiritheoir agus an t-amhránaí aitheanta Bernadette Morris i mbun na sraithe agus thug an obair sin ó cheann ceann na tíre muid – ó Bhalmoral taobh amuigh de Bhéal Feirste, go Corca Dhuibhne, go Ráth Chairn, go dtí An Tulach Mhór, go Gleann Cholm Cille, agus áiteacha eile nach iad.

An chéad amharc a bhí agam ar an saol seo, agus mé ag siúl isteach ag seó Balmoral, beithíoch mór ramhar ag fáil cithfholcadh agus seampú. Thuig mé láithreach gur domhan ar leith é domhan an taispeántais talmhaíochta.

Bhí an beithíoch eile taobh leis ag fáil ‘blow-dry’.

Cheap mé gur pór caorach ar leith a bhí sna caoirigh in Balmoral a raibh dath sórt buí orthu, ach cúpla mí ina dhiaidh sin, ag taispeántas Chiarraí Thiar, chuala mé Fergal Ó Sé ag rá gur ‘tan’ bréige a bhíonn sa dath buí sin agus go gcuirtear ar na caoirigh é chun go mbreathnóidh siad níos fearr sa gcomórtas.

Beidh Fergal agus a chlann le feiceáil sa tsraith.

Agus níorbh shin é an t-aon ‘tan’ bréige a bhí le feiceáil thart. Bí ag caint ar smideadh! Gan trácht ar shála arda, hataí, feisteas den scoth-agus ar ndóigh ingne áille! Ní haon bhac ar ingne fada péinteáilte obair feirme. Fan go bhfeicfidh sibh clann McGovern! Seo seaimpíní cáiliúla as An Clochar, contae Thír Eoghain, ceathrar deirfiúracha agus a n-athair Seán, a bhfuil scéal nó dhó le hinsint acu.

I mBalmoral labhair mé leis an dream a bhí i mbun an phubaill don Ord Oráisteach. Bhíodar tar éis iarsmalann nua a oscailt i mBéal Feirste. Gar go maith dóibh bhí puball ag Sinn Féin. Bhí cinn eile fós ag comhlachtaí turasóireachta, thuaidh agus theas. Mhair an taispeántas seo ar feadh ceithre lá agus mheall sé na mílte turasóirí chomh maith le lucht talmhaíochta. Sin gan trácht ar chuairteoir ríoga as an mBreatain.

Níos déanaí sa samhradh thug mé cuairt ar Thaispeántas Talmhaíochta Ghleann Cholm Cille. Bhí cúpla clár déanta ag an gcriú faoin am seo. Bíonn seó an Ghleanna iomlán difriúil ó sheó Balmoral. Drochsheans go gcasfaí an Bhanphrionsa Anne ort anseo.

Ach bhí na caoirigh, na beithígh agus na bláthanna ansin romham. Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Ghleann Cholm Cille mar gheall ar an Athair Mac Daighir. Is iomaí rud a bhunaigh seisean agus maireann cuid acu fós, an Taispeántas Talmhaíochta a bhunaigh sé sa bhliain 1953 ina measc.

Bíonn iomaíocht ghéar i measc na ndaoine a chuireann iontrálacha isteach sna comórtais. Ach an lá seo bhí iomaíocht ghéar eile ann – idir an seó féin agus cluiche tábhachtach peile idir Dhún na nGall agus Tír Eoghain.

Bhí brú mór ar John James McLoughlin. Bhí sé páirteach i gcomórtas na gcaorach ach bhí sé ceaptha a bheith ina mhaor ag an gcluiche peile ag an am céanna. A leithéid de bhrú! Agus bhí a intinn féin ag an reithe mór láidir a bhí aige sa chomórtas. Ná bí buartha, bhí meitheal ar fáil chun teacht i gcabhair ar John James.

Ar bhuaigh sé an ribín dearg? Bhuel, caithfidh sibh fanacht ar an tsraith a gcuirfear tús léi tráthnóna amárach.

Ní ar John James amháin a bhí brú. Feicfear le linn na sraithe na fadhbanna a chruthaigh dea-aimsir an tsamhraidh seo caite do na hainmhithe agus do na glasraí. Feicfear an brú a bhíonn ar mholtóirí an chomórtais. Feicfear caoirigh á mbearradh, beithígh á dtriomú, cácaí á maisiú, ealaín á crochadh agus an tóir mhór ar na ribíní dearga.

Cén chaora a mbeidh an ‘X-factor’ aici? Beidh freagra na gceisteanna ar fad ar fáil sa tsraith nua Beidh Aonach Amárach a thabharfaidh laethanta órga an tsamhraidh ar ais chugaibh. Réitigh cupán cócó, suígí síos agus bígí ag breathnú.

– Cuirfear tús amárach Déardaoin ag 9.30pm ar TG4 leis an tsraith Beidh Aonach Amárach, sraith a rinneadh le cabhair an ILBF (Ciste Craolacháin na Gaeilge) agus a chraolfar ar an BBC chomh maith

Fág freagra ar 'Beidh Aonach Amárach ar TG4, ‘blow-dry’ ag na beithígh agus tan bréige ag na caoirigh…'