Beidh an lá le Cúige Laighean in aghaidh La Rochelle 

Beidh lucht leanúna Laighean ag súil go mbeidh an fhoireann in ann filleadh ar an imirt éifeachtach agus shnasta a chonaic muid uathu in aghaidh Toulouse 

Beidh an lá le Cúige Laighean in aghaidh La Rochelle 

Cothrom an ama seo bliain ó shin, thug foirne a bhí faoi stiúir Leo Cullen agus Ronan O’Gara faoina chéile i gcluiche leath cheannais Chorn na gCuradh, cluiche a imríodh i Stade Marcele-Deflendre, staid baile La Rochelle. Thug foireann an bhaile an lá leo (32-23), toradh a chinntigh áit sa gcluiche ceannais do na Francaigh.

Theip ar La Rochelle an corn a ardú anuraidh rud a chuirfeas go mór lena ndíograis inniu agus iad ag imirt ina ndara cluiche ceannais as a chéile. Cé nach bhfuil buntáiste an bhaile ag La Rochelle ar an ócáid seo, is fiú a mheabhrú gur sa bhFrainc, in Marseille, a bheas cluiche an lae inniu á imirt. Is dóigh gur mó an buntáiste é sin d’fhoireann O’Gara ná do Chúige Laighean.

Seans go raibh an cluiche úd ar an 22 Bealtaine 2021 ag crá Cullen ón lá sin i leith agus má bhí, seans freisin go bhfuil sólás le fáil aige sa mhéid nach raibh fáil aige ar Johnny Sexton de bharr é a bheith gortaithe ag an am. Tá Sexton lán-aclaí inniu. 

Ní hamháin sin ach tá ceist mhór maidir le haclaíocht Will Skelton i ndara líne La Rochelle, fear atá 6 troithe 8 n-orlaí ar airde agus os cionn scór cloch meáchan. Rinne Skelton scrios ar phaca Laighean anuraidh agus d’aimsigh sé úd sa gcluiche sin chomh maith.

Ní raibh fáil ag La Rochelle ar an bhfathach fir le cúpla seachtain de bharr gortaithe ach d’imir sé cúpla nóiméad an deireadh seachtain seo caite. Tá O’Gara ag dul sa seans go mbeidh sé in ann fisiciúlacht chluiche an lae inniu a sheasamh. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag Sexton agus Skelton ar imeachtaí an lae.

Is fiú a mheabhrú freisin gurb iad Cúige Laighean atá ina suí ar bharr a gcomórtas féin, an URC, agus nach bhfuil La Rochelle ach sa tríú háit ar thábla an Top 14.

Beidh lucht leanúna Laighean ag súil go mbeidh an fhoireann in ann filleadh ar an imirt éifeachtach agus shnasta a chonaic muid uathu nuair a chuir siad curaidh an chomórtais, Toulouse, ó dhoras (40 -17) coicís ó shin, ach ba i Staid Aviva a imríodh an cluiche sin. Ní raibh cúrsaí baileach chomh héasca céanna ag La Rochelle sa gcluiche leathcheannais nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Racing (20 – 13), ach foireann O’Gara a bhí as baile ar an ócáid sin.

Tá duais ollmhór i ndán do pé foireann a thabharfas an lá leo inniu. Má éiríonn leis na Francaigh, beidh greim acu ar an gcorn seo den chéad uair riamh agus cuirfidh Ronan O’Gara go mór lena cháil, ní hamháin mar iar-imreoir ar chaighdeán domhanda ach mar oiliúnóir ag an leibhéal céanna freisin.

Más le Cúige Laighean a bhíonn an t-ádh inniu, beidh greim acu ar an gcraobh don chúigiú babhta, éacht nach bhfuil bainte amach ach ag aon fhoireann amháin eile, Toulouse, mar a tharlaíonn. Dála an scéil, níl na geallghlacadóirí in ann na foirne seo a scaradh óna chéile roimh thús an chluiche.

Mar sin féin, tá mise sásta bua, ar éigean, a thuar d’fhoireann na hÉireann. Seans go bhfuilim claonta, ach tá rud amháin cinnte, beidh sárchluiche againn i Marseille inniu.

Fainic an gcaillfeá é. 

Fág freagra ar 'Beidh an lá le Cúige Laighean in aghaidh La Rochelle '