Tá cáineadh déanta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) as neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge agus dochtúirí á n-earcú i gceantair Ghaeltachta.
Tá folúntais do dhochtúirí teaghlaigh fógartha ag FSS chun freastal ar Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe agus cé go bhfuil ar iarrthóirí fianaise a chur ar fáil go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh trí Bhéarla, níl tagairt ar bith déanta don Ghaeilge sna fógraí.
Tá beirt dochtúirí teaghlaigh á lorg chun freastal ar Inis Mór agus dochtúir eile á lorg chun freastal ar Inis Meáin agus Inis Oírr.
Deirtear sna sonraíochtaí do na poist gur gá d’iarrthóirí fianaise a thaispeáint gur i mBéarla a rinneadar a gcéim leighis nó go bhfuil teastas acu a chruthaíonn go bhfuil líofacht sa teanga sin acu. Ar na teastais incháilithe a luaitear, tá ceann ó Ollscoil Cambridge.
Ní luaitear in aon áit sna fógraí go mbeidh na dochtúírí lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó go gcaithfear seirbhís i nGaeilge a sholáthar don phobal, áfach.
Deir Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go bhfuil dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil sa nGaeltacht agus gur cheart go mbeadh FSS “ar thús cadhnaíochta ó thaobh na Gaeilge”.
“Tá cúram sláinte ar cheann de na seirbhísí poiblí is tábhachtaí dá bhfuil ann, agus tá ról nach beag ag an gcumarsáid idirphearsanta i soláthar na seirbhíse. Ba cheart go mbeadh an FSS ar thús cadhnaíochta ó thaobh na Gaeilge de san earnáil phoiblí, le cinntiú go bhfuil rochtain ag othair ar chúram sláinte i nGaeilge, sa Ghaeltacht go háirithe,” a deir Ní Chinnéide le Tuairisc.
“Ní hamháin go bhfuil sé maslach na poist seo a fhógairt sa Ghaeltacht agus cruthúnas a lorg go bhfuil na hiarrthóirí in ann a gcúraimí a chur i gcrích i mBéarla, gan tagairt ar bith don nGaeilge, ach ardaíonn sé ceisteanna maidir le comhlíonadh reachtaíochta san earnáil phoiblí leis.
“Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, ní mór do 20% d’earcaigh sa státseirbhís a bheith inniúil ar an nGaeilge faoi 2030, agus tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí sa Ghaeltacht a sholáthar trí mheán na Gaeilge.”
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar FSS maidir leis an gcinneadh gan an Ghaeilge a lua ar chor ar bith agus na poist á bhfógairt.
Tá go dtí an 24 Meán Fómhair ag iarrthóirí le cur isteach ar na folúntais agus tá súil ann go mbeidh na dochtúirí nua ag obair ar na hoileáin faoi thús na bliana seo chugainn.
Fág freagra ar 'Béarla Cambridge de dhíth ar dhochtúirí nua Gaeltachta ach tagairt ar bith don Ghaeilge sna fógraí folúntais'