Dé Sathairn, 3 Eanáir
Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann – Babhta Leathcheannais
An Ghaeltacht v Na Solláin – Páirc Uí Chaoimh, 1.15pm (Beo ar TG4)
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Babhta Leathcheannais
Baile Buadáin, Naomh Éanna v Daingean Uí Chúis – Páirc Uí Chaoimh, 3.15pm (Beo ar TG4)
Tiocfaidh carnabhal caide Chorca Dhuibhne go dtí cathair Chorcaí agus Páirc Uí Chaoimh tráthnóna amárach agus peileadóirí na Gaeltachta agus an Daingin ar cuairt chun cluichí leathcheannais na hÉireann a imirt.
Tá laethanta an turcaí agus an dreoilín curtha díobh acu anois agus muintir na leithinse ag díriú isteach ar an obair thábhachtach, an chaid.
Fir na Gaeltachta a chuirfidh tús leis an aicsean cois Laoi amárach agus foireann Fhergal Uí Shé ag tabhairt aghaidh ar churaidh Laighean, na Solláin ó Chill Dara.
Meastar na Solláin ar cheann de na foirne idirmheánacha ba láidre a tháinig amach as an gcontae le blianta beaga anuas agus is ar éigean gur tháinig aon dream i bhfoisceacht scread asail dóibh sa mbaile nó i Laighin. Ba é an bua naoi bpointe a bhí acu ar Chlóirtheach i mbabhtaí leathcheannais Laighean an bhearna ba lú a bhí idir na Solláin agus a gcéilí comhraic go dtí sin sa bhfeachtas ach tugadh dúshlán níos mó dóibh sa gcluiche ceannais.
Bhí fir Chill Dara sé phointe chun tosaigh ag leath ama agus ligeadar do Thobar an Chláir teacht ar ais ar comhscór agus deich nóiméad fágtha. Chríochnaigh na Solláin go láidir, áfach, agus cúl an duine aimsithe ag Cian Grimes agus James Dalton chun bua seacht bpointe a bhaint amach sa deireadh.
Tá Cian Grimes agus James Dalton ar bheirt de na tosaithe is fearr atá ag na Solláin agus Grimes breá ábalta na scóranna dhá phointe a fháil ach is é deartháir James Dalton, Colm, croí na foirne ar go leor bealaí. Ní haon chomhtharlú é gurbh é an cluiche ba dheacra a bhí ag na Solláin ná an ceann a raibh Dalton ar leathchois dó. Ghortaigh sé teannán na hioscaide agus é ar champa traenála le Cill Dara agus cé gur thosaigh sé an cluiche, ní raibh sé ar a chompord ar chor ar bith.
Beidh le feiceáil cén chaoi a mbeidh Dalton tagtha chuige féin i rith na Nollag ach foireann óg, aclaí í ceann na Sollán agus Dalton, Grimes agus Luke Killian i lár an aonaigh go minic.
Foireann óg go maith í ceann na Gaeltachta chomh maith ach tá ceannairí maithe acu freisin. Cé go mbeidh sé 36 bliain d’aois níos deireanaí an mhí seo, is ag dul i bhfeabhas a bhí Aidan Walsh i lár an ghoirt don Ghaeltacht i gcluichí ceannais an chontae agus na Mumhan agus bhí an-chluiche ag Pádraig Óg Ó Sé in aghaidh Achadh Bolg chomh maith.
Bíonn Brian Ó Beaglaoich lárnach i nach mór gach rud agus ardchaighdeán dochreidte bainte amach ag an imreoir contae in 2025. Is é go minic a dhéanann na ruathair chun deiseanna a chruthú dá dheartháir Ruaidhrí agus d’Éanna Ó Conchúir sna tosaithe agus an príomhchúram a bheidh ar na Solláin ná greim a fháil air.
Bhí cosaint na Gaeltachta an-mhaith i gcluiche ceannais na Mumhan chomh maith, agus Cian Ó Murchú go háirithe ar fheabhas. Údar dóchais dóibh nach é amháin gur éirigh le hógánaigh na foirne dul i bhfeidhm ar an gcluiche ach an tionchar a bhí ag na hionadaithe a tháinig isteach ar an gcluiche chomh maith.
Agus an t-aistear síos go Corcaigh déanta, beidh sé chomh maith ag lucht tacaíochta na Gaeltachta fanacht thart do chluiche na sinsear idir an Daingean agus Baile Buadáin, bíodh siad ag tacú lena gcomharsana nó ná bíodh.
Ba í craobh an chontae an ceann mór don Daingean i mbliana agus Corn Uí Mhuineacháin buaite acu den chéad uair ó 1948 ach, agus iad anois 60 nóiméad ón lá mór i bPáirc an Chrócaigh, is cinnte go mbeidh siad dírithe go hiomlán ar chorn eile a thabhairt siar.
Beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar dtús ar cheann d’ollchumainn Bhaile Átha Cliath, dream a bhfuil deich n-oiread foirne acu – 220 – ná mar a bheadh ag an Daingean, idir óg agus aosta.
Tá glúin speisialta imreoirí tagtha chun cinn sa Daingean, áfach, idir mhuintir Geaney, na Súilleabhánaigh agus mhuintir Uí Chonchúir. Ba é Conor Geaney a d’aimsigh an scór a d’fhág go mbeadh craobh na Mumhan ag dul siar go Corca Dhuibhne ach is mó tionchar a bhí ag Dylan agus Paul ar chúrsaí roimhe sin agus seans go mbeidh taispeántas níos fearr ná mar a tugadh in aghaidh Chumann Barra Naofa ag teastáil chun Baile Buadáin a chloí.
Foireann láidir atá ag seaimpíní Bhaile Átha Cliath agus Laighean agus roinnt imreoirí acu a bhfuil taithí idirchontae acu. Tá geansaí Átha Cliath caite ag Hugh O’Sullivan sa chúl, ag Alex Gavin sa líne leathchúil agus ag Colm Basquel, Ross McGarry agus Ryan Basquel i measc na dtosaithe. Tá Céin D’Arcy na Gaillimhe ag imirt ar fheabhas i lár na páirce agus d’imir Pa Warren do Chiarraí freisin.
Rogha láidir na coitiantachta iad fir Bhaile Buadáin chun an ceann seo a bhaint ach beidh muintir an Daingin ag súil nach bhfuil deireadh leis an taisteal go fóill.
Fág freagra ar 'Carnabhal caide Chorca Dhuibhne ag déanamh ar Pháirc Uí Chaoimh'