Béarla agus Brexit: Is féidir linn ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla

Tá go leor míthuiscintí ann faoi chás an Bhéarla tar éis na Breatimeachta agus faoi stádas na Gaeilge san AE

Béarla agus Brexit: Is féidir linn ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla

Is dóigh liom go bhfuil na tuairimí a nochtadh in alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoi stádas na Gaeilge san AE tar éis na Breatimeachta lán le haineolas. Deir an tUasal John FitzGerald san alt céanna go mb’fhéidir nach mbeidh fáil ar dhoiciméid de chuid an Aontais Eorpaigh i mBéarla tar éis na Breatimeachta agus go mbeadh ar oifigigh stáit na hÉireann dul i mbun gnó i nGaeilge nó i bhFraincis nó i nGearmáinis. Tugadh le fios san alt céanna nach raibh teanga oifigiúil ag Éirinn san Aontas go dtí gur tugadh an stádas sin don Ghaeilge (agus dála an scéil is sa bhliain 2005 a tharla sé sin), agus gur roghnaigh Málta an Mháltais seachas Béarla mar a theanga oifigiúil de chuid an Aontais: níl aon bhunús ag na ráitis sin sa saol réadúil.

Is teanga oifigiúil oibre é an Béarla de réir Rialachán Uimhir a hAon (1958). Mar is eol dúinn, tá 24 teanga ar fad ann a bhfuil an stádas sin acu, an Ghaeilge san áireamh.

Is socrú conartha é nach féidir teanga a chur leis an liosta sin, ná teanga a bhaint de, gan vóta d’aon toil a bheith ann i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé sin gur féidir le haon bhallstát, Éire nó Málta nó aon tír eile, ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla.

Mar is eol dúinne a chaith stró le stádas a bhaint amach don Ghaeilge, bíonn próiseas fada i gceist sula dtiocfadh ceist dá leithéid faoi bhráid na Comhairle. Ba ghá do bhallstát éigin rialachán a dhréachtú a raibh sé mar aidhm aige an stádas a bhaint den Bhéarla, ansin dul timpeall ar na 26 ballstát eile (tar éis na Breatimeachta) agus a gcomhaontú a iarraidh, agus ansin an rialachán a mholadh ag cruinniú a mbeadh na 27 ballstát i láthair ann, agus vóta d’aon toil a fháil dó, gan aon stát, Éire ná eile, ag vótáil ina choinne.

Anois maidir leis na doiciméid gan a bheith ar fáil i mBéarla. Faoi Rialachán a hAon, is gá na dlíthe agus na doiciméid ar fad a bhfuil feidhm ghinearálta acu a chur ar fáil sna teangacha oifigiúla ar fad, an Béarla san áireamh.

Ní athróidh sé sin le Breatimeacht.

Agus ní athróidh sé fad is atá Béarla ina theanga oifigiúil. Is próisis éagsúla ar fad iad Breatimeacht agus socrú na dteangacha oifigiúla.

Arís, faoi réir Rialachán a hAon, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag ballstát, mar atá ag Éirinn, is faoin mballstát atá sé an rogha a dhéanamh cén teanga a úsáidfidh sé i gcumarsáidí éagsúla leis an Aontas. Bím ag súil i gcónaí go n-úsáidfeadh Éire an Ghaeilge níos minicí, ach bíonn thiar orm!

Anois, dúradh nach raibh teanga oifigiúil ag Éirinn san AE go dtí gur tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge. Shínigh Éire agus an Bhreatain le chéile conradh aontachais amháin chun dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa mar a bhí ag an am. Ar ndóigh bhí tíortha eile rannpháirteach sa chonradh céanna. Mar chuid den chonradh sin, cuireadh i bhfeidhm an cinneadh a bhí déanta ag na ballstáit a bhí ann roimh ré go gcuirfí an Béarla isteach mar theanga oifigiúil. Níor luadh gur bhain an Béarla leis an mBreatain ná le haon bhallstát eile. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar an idirbheartaíocht idir na tíortha ar fad gur tháinig ann don Bhéarla mar theanga oifigiúil. Agus ní hé amháin nár iarr Éire ag an am go ndéanfaí teanga oifigiúil den Ghaeilge, tá fianaise agam gur dhiúltaigh Éire don bhrú a cuireadh orthu glacadh le Gaeilge mar theanga oifigiúil, rud a d’fhág dua mar dhán do mo leithéid.

Maidir le Málta, bhí an tír sin sásta go raibh Béarla ann cheana mar theanga oifigiúil: ní fhéadfaidís é sin a iarraidh arís. D’iarr siad go gcuirfí Máltais ar an liosta freisin ar mhaithe leis na buntáistí céanna a d’aithin muidne i leith na Gaeilge a bhaint amach.

Maidir le scéal foinseach go bhféadfadh an tAontas coinníollacha teanga a leagan síos dá thaobh féin san idirbheartaíocht maidir le Breatimeacht, is fíor gur féidir leis na hinstitiúidí é sin a dhéanamh gan Rialachán a hAon a shárú. Tá cead ag an gCoimisiún, mar shampla, a shocruithe inmheánacha teanga féin a dhéanamh.

B’fhéidir nach mbeadh na ballstáit ar fad sásta go mbeadh Béarlóirí ón mBreatain lárnach ar thaobh an Aontais san idirbheartaíocht leis an mBreatain faoina himeacht.

Fraincis a bhí i réim sa Choimisiún sular tháinig na Béarlóirí isteach. Ach mar thoradh ar chinseal an Bhéarla, is sa teanga sin atá na cainteanna atá ar siúl faoi láthair leis na tíortha gur mian leo teacht in aontachas leis an AE, agus is dóigh liom go mbeidh an nós céanna á leanúint, a bheag nó a mhór, maidir le himeacht na Breataine as an aontas.

Is dóigh liom go dtiocfaidh meath áirithe, de réir a chéile, ar fhorlámhas an Bhéarla san Aontas, cé nach dóigh liom go bhféadfadh aon bhallstát toil na mballstát ar fad a fháil chun Béarla a bhaint ó liosta na dteangacha oifigiúla go ceann i bhfad.

An phríomhchúis a bheadh le hísliú thionchar an Bhéarla ná Béarlóirí i bpoist thábhachtacha a bheith ag dul ar scor de réir a chéile, agus nach mbeidh saoránaigh na Breataine i dteideal cur isteach ar aon phost oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh tar éis Breatimeachta de dheasca nár shaoránaigh de chuid an AE níos mó iad.

Ar ndóigh beidh an riail chéanna i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann, fad is mian le formhór an phobail ann fanacht i ndlínse na Ríochta Aontaithe. 

Maidir leis na daoine sa Tuaisceart ar saoránaigh de chuid na hÉireann iad, bheadh sé tábhachtach go seasfadh an Taoiseach agus an Rialtas ar son a gceart fostaíochta mar shaoránaigh de bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh san idirbheartaíocht atá le teacht.

Fág freagra ar 'Béarla agus Brexit: Is féidir linn ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Airgead agus talainn amú atá sa stáideas áiféiseach a tugadh don Ghaeilge san AE.
    Deireann Pádraig ina alt go mbíonn sé ‘ag súil i gcónaí go n-úsáidfeadh Éire an Ghaeilge níos minicí, ach bíonn thiar orm!’

    Ach cén fáth go mbeadh Éire ag usáid na Gaeilge níos minicí san Eoraip, seachas mar taispeántas siombalach de chineál éicint? Mura bhfuil Éire ag usáid na Gaeilge mar theanga oibre, bí cinnte nach bhfuil aon dream eile ach an oiread, rud a chiallaíonn nach teanga oibre í ar chor ar bith agus gur airgead amú atá san aistriúchán agus an ateangaireacht seo ar fad.

    Tá sé beagáinín áiféiseach a bheith ag súil go mbainfeadh státchóras na hÉireann usáid níos minicí as an nGaeilge ina chuid gnaithí leis an AE, nuair is deacair don státchóras céanna usáid a bhaint as an nGaeilge ag déileál le cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht fiú amháin, in ainneoin Acht na dTeangacha Oifigiúla.