Bean de bhunadh Chonamara a bhí i gceannas ar fheachtas Biden ag tacú le Harris

Dé Domhnaigh ghlaoigh Jen O’Malley Dillon, cathaoirleach fheachtas Joe Biden, ar an bhfoireann ar fad ag áitiú orthu gurb iadsan anois a chuideoidh leis an Leas-Uachtarán Kamala Harris a chur isteach sa Teach Bán

Bean de bhunadh Chonamara a bhí i gceannas ar fheachtas Biden ag tacú le Harris

Bean de bhunadh Chonamara a chuir foireann fheachtas uachtaránachta Joe Biden ar an eolas go raibh an tUachtarán chun éirí as an rás agus go rabhthas ag impí orthu cabhrú anois le feachtas Kamala Harris.

Dé Domhnaigh ghlaoigh Jen O’Malley Dillon, cathaoirleach fheachtas Joe Biden, ar an bhfoireann ar fad ag áitiú orthu gurb iadsan anois a chuideoidh leis an Leas-Uachtarán Kamala Harris a chur isteach sa Teach Bán i mí na Samhna agus Donald Trump a choinneáil amach as.

Rugadh Jen O’Malley Dillon in Franklin, Massachusetts, ach ba as an Doirín Darach a sin-seanathair Seáinín Mhaitéis Mhóir, John O’Malley agus as Tír an Fhia a sin-seanmháthair, Bríd Phatch Anna, Bríd Ní Chonghaile.

Dúirt O’Malley Dillon gur thug an tUachtarán Joe Biden comhghuaillíocht láidir ionchuimsitheach le chéile in 2020 agus go gcuirfidís leis an gcomhghuaillíocht sin sa toghchán seo agus go ndéanfaidís uachtarán de Harris.

Dúirt sí le foireann an fheachtais go gcinnteofaí go raibh post gach duine acu slán ach dúirt sí chomh maith go mbeadh daoine nua ag teacht ar bord.

Dúirt sí gur thuig sí go maith an ‘suaitheadh intinne’ a bhain leis an scéala seo don fhoireann i lár a gcuid oibre ar an bhfeachtas agus an scéala seo á chloisteáil acu i litir Biden.

“Tuigim go bhfuil sé sin deacair,” a dúirt sí. “Ba bhreá linn dá bhféadfadh muid uilig an scéal seo ar fad a bheith pléite againn le chéile agus é a bheith ar eolas againn roimh ré.”

Post sinsearach sa Teach Bán don bhean de bhunadh Chonamara a stiúraigh feachtas Biden

Bhí Jen O’Malley Dillon i bhfeighil ar fheachtas Biden in 2020 nuair a d’éirigh leis an Teach Bán a bhaint amach, áit a raibh sí ina leas-cheann foirne ina dhiaidh sin.

De réir taighde ginealaigh atá déanta ag Bob O’Malley, duine de ghaolta Jen  O’Malley Dillon, rugadh a sin-seanathair sa Doirín Darach sa bhliain 1875 agus i dTír an Fhia a rugadh a sin-seanmháthair sa bhliain 1874.

Bhogadar go Boston agus is ansin a rugadh mac leo, Patrick O’Malley, seanathair Jen O’Malley Dillon, sa bhliain 1905. I Meiriceá freisin a rugadh a hathair Kevin O’Malley agus a máthair Kathleen Roys, bean nach luaitear aon cheangal a bheith aici le hÉirinn.

Tá dlúthcheangal ag Joe Biden féin le hÉirinn agus ba as Contae Lú agus Béal an Átha, i gcontae Mhaigh Eo cuid dá mhuintir.

Le Gaeltacht na hAlban atá ceangal ag Donald Trump – cainteoir dúchais Gàidhlige as Tunga, gar do Steòrnabhagh ar Oileán Leódhas ab ea a mháthair, Màiri Anna NicLeòid.

Fág freagra ar 'Bean de bhunadh Chonamara a bhí i gceannas ar fheachtas Biden ag tacú le Harris'