Post sinsearach sa Teach Bán don bhean de bhunadh Chonamara a stiúraigh feachtas Biden

Tuairiscítear go bhfuil Jen O’Malley Dillon roghnaithe ag Joe Biden chun a bheith ina leascheann foirne nuair a thiocfaidh sé i gcomharbacht ar Donald Trump mí Eanáir

Post sinsearach sa Teach Bán don bhean de bhunadh Chonamara a stiúraigh feachtas Biden

Tá an bhean de bhunnadh Chonamara a stiúraigh feachtas buacach toghchánaíochta Joe Biden d’uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá le ceapadh i gceann de na poist is sinsearaí sa Teach Bán.

Tuairiscítear go bhfuil Jen O’Malley Dillon roghnaithe ag Joe Biden chun a bheith ina leascheann foirne nuair a thiocfaidh sé i gcomharbacht ar Donald Trump mar uachtarán Mheiriceá mí Eanáir.

Tacóidh O’Malley Dillon le hobair an chinn foirne nua, Ron Klein. Fógraíodh le cúpla lá anuas gurb é Klein, fear atá ina shainchúntóir ag Biden le fada, atá roghnaithe mar cheann foirne. Bhí Klein ina cheann foirne ag Biden nuair a bhí sé ina leasuachtarán ag Obama.

Meastar gurb é an ceann foirne an duine is cumhachtaí sa Teach Bán, seachas an t-uachtarán féin.

Rugadh Jen O’Malley Dillon in Franklin, Massachusetts, ach ba as an Doirín Darach a sin-seanathair Seáinín Mhaitéis Mhóir, John O’Malley agus as Tír an Fhia a sin-seanmháthair, Bríd Phatch Anna, Bríd Ní Chonghaile.

De réir taighde ginealaigh atá déanta ag Bob O’Malley, duine de ghaolta O’Malley Dillon, rugadh a sin-seanathair sa Doirín Darach sa bhliain 1875 agus i dTír an Fhia a rugadh a sin-seanmháthair sa bhliain 1874.

Bhogadar go Boston agus is ansin a rugadh mac leo, Patrick O’Malley, seanathair Jen O’Malley Dillon, sa bhliain 1905. I Meiriceá freisin a rugadh a hathair Kevin O’Malley agus a máthair Kathleen Roys, bean nach luaitear aon cheangal a bheith aici le hÉirinn.

Cé nach bhfuil O’Malley Dillon ach 44 bliain d’aois tá taithí mhór aici mar straitéisí i saol na polaitíochta i Meiriceá.

Bhí sí ina leas-stiúrthóir ar fheachtas uachtaránachta Barack Obama sa mbliain 2012 agus bhí sí gníomhach freisin sa bhfeachtas inar toghadh é den chéad uair in 2008. D’oibrigh sí freisin ar fheachtas Al Gore sa mbliain 2000 agus bhí sí ina stiúrthóir ar fheachtas Beto O’Rourke d’ainmniúchán na nDaonlathach go dtí gur éirigh sé as an rás sin anuraidh.

I mí an Mhárta seo caite cheap Joe Biden í ina bainisteoir ar a fheachtas agus is í O’Malley Dillon an chéad bhean a bhí i gceannas ar fheachtas uachtaránachta de chuid na nDaonlathach a raibh rath air.

Fág freagra ar 'Post sinsearach sa Teach Bán don bhean de bhunadh Chonamara a stiúraigh feachtas Biden'