Bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ach ‘imní’ faoi ardú ar líon na gcásanna

2,286 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,735 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di

Bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ach ‘imní’ faoi ardú ar líon na gcásanna

Ní raibh bás ar bith le fógairt tráthnóna ag an Roinn Sláinte ach deimhníodh 24 cás nua den ghalar.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd air básaithe agus go raibh sé chás nua deimhnithe.

2,286 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,735 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di.

31,219 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,462 cás ó dheas den teorainn agus 5,757 cás ó thuaidh di.

Tá cásanna ó shaotharlanna an HSC agus an Nationtal Initiative san áireamh anois i líon na gcásanna ó thuaidh.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur údar imní é go bhfuil an líon cásanna agus braislí nua ag dul i méid.  

Dúirt sé, áfach, go raibh sé róluath a rá an leanfadh líon na gcásanna ag ardú nó an athrú sealadach a bheadh ann.

Dúirt sé go raibh dea-bhéasa sraothartaí, an níochán lámh,  an scoitheadh sóisialta agus mascanna an-tábhachtach i gcónaí, go háirithe agus na srianta á scaoileadh.

Dúirt an Dr Ronan Glynn,  Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur bhain sé cinn de na cásanna nua le taisteal idirnáisiúnta agus go bhfuil “an-bhaol” ann go dtabharfar níos mó cásanna den ghalar thar tír isteach de bharr níos mó daoine a bheith ag taisteal.

Níor cuireadh aon duine eile a raibh Covid-19 in ionad dianchúraim ó Dé hAoine seo caite.

13 othar a bhí buailte ag Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin agus 19 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,092 den 1,735 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 63%.

Fág freagra ar 'Bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ach ‘imní’ faoi ardú ar líon na gcásanna'