Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha, ach 36 cás nua deimhnithe

2,309 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,753 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di

Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha, ach 36 cás nua deimhnithe

Ní raibh aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas inniu, ach fógraíodh go raibh 36 cás nua den ghalar deimhnithe ó dheas.

Dhá chás eile den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

2,309 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,753 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,661 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,802 cás ó dheas den teorainn agus 5,859 cás ó thuaidh di.

Níor fógraíodh aon athrú ar líon na gcásanna i nGaillimh (492), i nDún na nGall (472), i gCiarraí (316), i gCorcaigh (1,557), i bPort Láirge (166), i Maigh Eo (574) ná i gcontae na Mí (817).

Idir an dá linn, táthar fós ag fanacht ar fhoilsiú ‘liosta glas’ an Rialtais.

Chaith an Tánaiste Leo Varadkar amhras níos luaithe inniu ar phlean an rialtais ‘liosta glas’ a fhoilsiú de thíortha nárbh éigean do dhuine dul ar coraintín 14 lá ar theacht dó go hÉirinn uathu.

Dúirt Varadkar go mbeifí níos fearr as déanamh d’uireasa aon liosta glas más amhlaidh go bhfuil an chomhairle taistil chéanna i gceist i gcás tíortha atá ar an liosta agus tíortha nach bhfuil.

Tá sé i gceist ag an Rialtas liosta glas a fhoilsiú an tseachtain seo ar a mbeadh liosta gairid tíortha ina bhfuil cás an Covid-19 iontu ar aon dul le cás an ghalair sa tír seo, áiteanna amhail an Iodáil, Málta, an Chipir agus an Ghréig.

Tuairiscítear go bhfuil easaontas anois sa Rialtas faoin liosta glas de réir mar atá ag méadú ar an imní go bhfuil teachtaireachtaí faoi chúrsaí taistil á dtabhairt don phobal atá ag teacht salach ar a chéile.

Is í comhairle an Rialtais i gcónaí nár cheart dul thar lear ar chor ar bith ach amháin sa chás gur turas riachtanach atá i gceist.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil tráthnóna gurb é polasaí an Rialtais i gcónaí tús áite a thabhairt d’athoscailt na scoileanna i mí Mheán Fómhair agus gur fíorbheagán taistil idirnáisiúnta atá ag tarlú.

Tá cúrsaí taistil agus coraintín ag cothú aighnis ó thuaidh den teorainn chomh maith. Mhaígh an DUP gurb ionann “ó thaobh na polaitíochta” moladh a rinne an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill agus seasamh “ar mhianach talún”. Thug ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart le fios gur chóir go rachadh daoine a thiocfadh ón mBreatain chun an Tuaiscirt ar coraintín coicíse.

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP, Jeffrey Donaldson, dá leanfadh Sinn Féin ag iarraidh a leithéid a thabhairt isteach go mbeadh a pháirtí féin ag éileamh go mbeadh ar dhaoine ón stát ó dheas dul ar coraintín nuair a rachaidís thar an teorainn.

Fág freagra ar 'Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha, ach 36 cás nua deimhnithe'