Bás ar bith de dheasca an choróinvíris fógartha in Éirinn inniu

6,914 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,129 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,785 duine ó dheas di

Bás ar bith de dheasca an choróinvíris fógartha in Éirinn inniu

Ní raibh bás ar bith de dheasca an Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte ná ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. 

394 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

227 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 50 díobhsan in aonad dianchúraim. 

Cuireadh 22 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 745,363 duine agus an dara dáileog faighte ag 313,031 duine.

Bhain 21 den 394 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Gaillimh.

21 cás a bhí i Maigh Eo, 17 cás a bhí i gcontae na Mí agus 16 cás a bhí i gcontae Dhún na nGall. Ocht gcás a bhí i gCorcaigh, ocht gcás eile a bhí i gCiarraí agus sé chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 132 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 168 atá i gcontae na Mí agus tá an ráta i mDún na nGall, 160, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 100 atá i Maigh Eo, 87 atá i nGaillimh agus 57 atá i gCorcaigh. Ráta 50 atá i bPort Láirge agus 41 atá i gCiarraí.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu ach an oiread.

97 cás nua den ghalar a deimhníodh. 84 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ochtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 826,412 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 199,500.

6,914 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,129 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,785 duine ó dheas di.

359,694 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 241,330 cás ó dheas den teorainn agus 118,364 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Bás ar bith de dheasca an choróinvíris fógartha in Éirinn inniu'