Barréidí nua do shéasúr an tsamhraidh

Rogha nua barréidí á moladh ag ár gcomhfhreagraí an tseachtain seo agus í den bharúil go bhfuil séasúr an tsamhraidh ag teacht

Barréidí nua do shéasúr an tsamhraidh

Tá roinnt comharthaí ann le seachtain anuas go bhfuil an aimsir ag feabhsú agus an samhradh ag teacht. Tá sé in am súil a chaitheamh ar bharréidí nua a chuirfidh beagán beochta inár gcuid stíle. Idir €13 agus €35 an praghas atá ar na cinn atá roghnaithe agam ó shiopaí éagsúla ar fud na tíre nó atá ar fáil ar líne.

 

Déanta as línéadach atá an bharréide dheas ghorm seo agus na guaillí leis. Tá sé breá éadrom agus lása deas bán mar mhaisiú air. Ar fáil ó Zara ar €29.95.

 

Nach deas an dath samhraidh atá ar an t-léine bobailíní seo? An ceann seo ar fáil ar €12.99 ó New Look.

 

Tiocfaidh an camasól dubh agus bán seo le réimse leathan feistis. Ar fáil ar €13.83 ó PrettyLittleThing.

 

Camasól eile ach ruifilí deasa ar an gceann seo. Dath álainn gorm air agus é ar fáil ó Asos ar €27.65.

 

Tá muinchillí fada ar an mbarréide seo ach fós tá sí breá éadrom agus feiliúnach don samhradh. Tá an dath oráiste ar bharr mo liosta dathanna féin faoi láthair. An ceann seo ag H&M ar €12.99.

 

Dath bándearg éadrom atá ar an gcamasól seo agus cnaipí chun tosaigh air. Phioc mé an ceann seo mar go bhfuil sé feiliúnach don lá agus don oíche – le sála arda agus seaicéad leathair san oíche nó le jíons agus converse sa lá. Ar fáil ó River Island ar €25.00

 

An dath agus na polcaphoncanna a mheall mo shúil chuig an gceann seo – bhí go leor gúnaí sa stíl seo go mór sa bhfaisean an samhradh seo caite agus tá siad linn fós i mbliana. Ó tharla nach mbíonn an aimsir againn rómhinic do ghúnaí is deas an bharréide í seo sa stíl chéanna sin. Ar fáil ó Oasis ar €34.00.

 

Veistbharr ar a bhfuil fáithim ar stíl na leitíse, dearadh atá go mór sa bhfaisean faoi láthair. An ceann seo ar fáil ó missguided ar €14.00.

Fág freagra ar 'Barréidí nua do shéasúr an tsamhraidh'

  • Aoife Uí Láimhín

    Polcapholcanna!! Love it!?
    Ceann o river island an ceann is fearr liom ach costasach. Is breá liom na halt seo!