Baois chreideamh an Rialtais san earnáil phríobháideach léirithe ag an gCoimisiúin Tithíochta

Léiríonn tuarascáil an Choimisiúin Tithíochta teip iomlán an rialtais fuascailt na géarchéime a fháil

Baois chreideamh an Rialtais san earnáil phríobháideach léirithe ag an gCoimisiúin Tithíochta

Buille treascrach don rialtas go deimhin ab ea tuarascáil an Choimisiúin Tithíochta, a léirigh go bhfuil bun-easnamh tithíochta de suas le 256,000 teach ann, go bhfuil gá le 56,000 ionad nua cónaithe a thógáil gach bliain as seo go ceann deich mbliana, agus gur ar an rialtas atá an milleán faoin bhfadhb.

Sceith iriseoirí an scéal seo, ach shéan an rialtas go raibh aon iarracht ar siúl acu é a choinneáil faoi rún go dtí go mbeadh na toghchán áitiúla thart, cé go raibh an tuarascáil ag an rialtas le coicís sular sceitheadh an scéal.

Éilíonn an tuarascáil go ndéanfaí méadú ollmhór ar rannpháirtíocht an Stáit san earnáil tithíochta, ag áitiú go bhfuil gá le ‘ancaire maoinithe’ ón Stát chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna bunúsacha agus córasacha sa mhargadh.

I measc na moltaí ó thuarascáil an Choimisiúin Tithíochta tá reachtaíocht nua, comhlacht nua maoirseachta ar thithíocht, ról leathnaithe don Stát maidir le tithíocht a mhaoiniú, agus athchóiriú a dhéanamh ar fhóirdheontais agus scéimeanna.

Cáintear polasaithe nár réitigh “fadhbanna bunúsacha is córasacha” agus deirtear gurb iad na príomhlaigí atá againn go mbíonn “cinntí neamhéifeachtacha á ndéanamh, polasaithe á gceapadh róthobann, agus doicheall roimh riosca”.

Baineann luaineacht an tsoláthair an bonn d’iarrachtaí ar thithíocht inacmhainne a chur ar fáil, a deirtear. Sa Dáil luaigh Eoin Ó Broin, Sinn Féin, go dtugtar teach inacmhainne ar theach €565,000 i gceantar Fhionnghlais. Cé leis teach inacmhainne dá leithéid? a d’fhiafraigh sé.

Tá béim faoi leith sa tuarascáil ar thithíocht shóisialta, agus moltar acht faoi leith lena chinntiú nach féidir ligean don tithíocht sin titim i lámha príobháideacha.

Is léir nach bhfuil ag éirí le polasaí an rialtais, cé gur mhaígh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go bhfuil cuid mhaith de mholtaí an Choimisiúin á gcur i bhfeidhm cheana féin ag an rialtas.

Ceap magaidh a rinne sé de féin leis na gcaint sin, mar is iad polasaithe an rialtais atá ar an mbac is mó roimh an líon mór tithíocht shóisialta atá ag teastáil a chur ar fáil. Cén fáth sin? Toisc go mbíonn an rialtas ag freastal ar mhianta infheisteoirí le brabús a dhéanamh. Tugtar tús áite don sprioc sin ar an soláthar tithíochta.

Mar an gcéanna le cúrsaí cíosa. Fágtar ag an rannóg phríobháideach é, ach is iad na creach-chistí a stiúrann an rannóg sin: arís ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

Ar ndóigh, bíonn an cíos ag dul in airde arís is arís eile.

Maidir leis sin, bíonn saineolaithe – nó daoine a thugann saineolaithe orthu féin – i gcónaí ag rá gur chóir dúinne in Éirinn nós na hEorpa a leanúint agus tús áite a thabhairt d’árasáin ar cíos seachas tithe príobháideacha. Ach ní luann siad go bhfuil cosaint an-láidir ann do lucht na n-árais ar cíos san Eoraip, cosaint nach bhfuil ar fáil againne abhus.

Tá i bhfad níos mó saoirse ag tiarnaí talún na hÉireann maidir le tionóntaí a chur amach as seilbh a dtithe. Mar shampla, is féidir le tiarna talún duine éigin a dhíshealbhú go dleathach má tá sé ar intinn aige féin nó duine den teaghlach cónaí sa teach nó san árasán iad féin.

Is féidir tionónta a dhíshealbhú freisin más mian leis an tiarna talún úsáid na maoine a athrú nó athchóiriú suntasach a dhéanamh air. Ní raibh aon cheann díobh sin ina gcúiseanna bailí le díshealbhú a dhéanamh faoin gcosc ar dhíshealbhú a cuireadh ar ceal le déanaí.

Go minic freisin níl sna fáthanna seo ach leithscéalta. Is féidir le tiarna talún a intinn a athrú agus an teach a ligean ar cíos arís ar phraghas níos airde.

Is éard atá ag teastáil ná go dtógfaí ar fad cúram an tsoláthair tithe ón earnáil phríobháideach ar fad agus go ligfí tithe ar chostphraghas (nó i gcás tithe sóisialta ag praghas fóirdheonaithe). Is éard atá ag teastáil ná go mbeadh cearta ag lucht íoctha cíosa, is go n-aithneofaí tithíocht mar cheart ag saoránaigh.

Ní nach ionadh mar sin nár theastaigh ón rialtas an tuarascáil seo a fhoilsiú róluath nó díospóireacht eile a reáchtáil sa Dáil faoin tithíocht nuair a deir an tuarascáil go lom gur theip ar pholasaí an rialtais is go dteipfidh arís is arís eile air mura mbeidh bun-athrú polasaí ann.

Fág freagra ar 'Baois chreideamh an Rialtais san earnáil phríobháideach léirithe ag an gCoimisiúin Tithíochta'