Bakhurst le tús a chur lena phlean muinín in RTÉ a thabhairt ar ais

Tá Kevin Bakhurst ag cur tús inniu lena phost nua agus RTÉ ag dul isteach sa tríú seachtain de chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte agus an ghéarchéim a lean

Bakhurst le tús a chur lena phlean muinín in RTÉ a thabhairt ar ais

Cuirfidh ardstiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst tús inniu le leagan amach a phlean chun muinín an phobail sa chraoltóir náisiúnta a thabhairt ar ais.

Tá Bakhurst ag cur tús inniu lena phost nua agus RTÉ ag dul isteach sa tríú seachtain de chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte agus an ghéarchéim a lean.

Meastar go ndéanfaidh Bakhurst cur síos an tseachtain seo ar a phleananna an Bord Feidhmiúcháin a athbhunú, dul i dteagmháil leis an bhfoireann agus próisis nua a thabhairt isteach chun muinín a atógail as lucht bainistíochta RTÉ.

Tá athrú amháin ar an bhfeidhmeannas cheana ó d’fhógair Rory Coveney go raibh sé ag éirí as mar Stiúrthóir Straitéise na heagraíochta.

Dúirt Coveney go ndúirt sé le Kevin Bakhurst agus go  raibh jab “crua” roimhe agus gurbh amhlaidh go mbeadh sé níos éasca dá mbeadh foireann úr i gceannas.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur gá athrú mór a dhéanamh.

“Táim cinnte go mbeidh sé ag iarraidh an bord feidhmiúcháin a athbhunú nó b’fhéidir fáil réidh ar fad leis,” arsa Varadkar.

Tá ráite ag Kevin Bakhurst go raibh muinín an phobail in RTÉ “creimthe” go mór agus gur deineadh go leor dochair do RTÉ le cúpla seachtain anuas. Dúirt sé go raibh “crá croí” ag baint le bheith ag féachaint ar RTÉ agus é sáinnithe i gconspóid, conspóid ar thug Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh, an eachtra is measa i stair an chraoltóra uirthi.

Deir Bakhurst gurb é an cúram a bheidh air ná muinín an phobail agus na foirne sin a fháil ar ais.

Beidh deis eile ag an ardstiúrthóir nua a phlean chun sin a dhéanamh a mhíniú Déardaoin nuair a bheidh sé os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

Beidh an láithreoir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly os comhair an choiste sin agus Coiste Oireachtais na Meán an tseachtain seo chun na híocaíochtaí folaithe a rinneadh le Tubridy a phlé.

Tá cuirí chuig an gCoiste Um Chuntais Phoiblí tugtha arís d’iar-ardstiúrthóir Noel Curran agus an ceannasaí ábhar Jim Jennings, beirt nár éirigh leo teacht i láthair an choiste go fóill chun an chonspóid a phlé.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh, gur dóichí ná a mhalairt go dtiocfadh a thuilleadh sonraí faoi scéal amach sa tréimhse amach romhainn.

Dúirt Aire na Meán Catherine Martin go raibh dochar as cuimse á dhéanamh don chraoltóir de réir mar a bhí blúirí eolais á dtabhairt ó lá go lá faoin scéal.

Is é an cúram a bheidh airsean ná an mhuinín san eagraíocht a fháil ar ais, a deir an t-ardstiúrthóir nua.

Tá ráite ag Cathaoirleach an Bhoird Siún Ní Raghallaigh gur ag trá atá muinín an bhoird sa bhfeidhmeannas agus go bhfuil sí “an-mhíshásta” faoin tslí a bhfuil eolas neamhiomlán á chur ar fáil beagán ar bheagán.

 

 

Fág freagra ar 'Bakhurst le tús a chur lena phlean muinín in RTÉ a thabhairt ar ais'