Is fiú go mór cúlra na Gaeilge agus an chultúir Ghaeilge a chur sa gcomhaireamh nuair a dhéantar léirmheas as an gcaoi ar éirigh – agus a bhfuil ag éirí i gcónaí – le sliocht mhuintir Ghaeltacht Conamara sa bpolaitíocht, agus sa saol poiblí, i Meiriceá.
An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, a dúirt é seo i gCarna ag an deireadh seachtaine agus é ag labhairt ag an gcomhdháil ‘Lorg Mhuintir Chonamara ar Pholaitíocht Mheiriceá’.
Cé go raibh na húdaráis a bhí againn in Éirinn san aimsir a caitheadh ag déanamh beagáin de shaol traidisiúnta agus do chultúr na ndaoine, a deir an Teachta Ó Cuív, choinnigh muintir na Gaeltachta, agus a macasamhail, lena mbealaí saoil, a dteanga agus a gcultúr.
Léirigh sin féiniúlacht, seasmhacht agus diongbháilteacht i bpobal na Gaeltachta agus chuaigh na tréithe sin ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a deir sé.
Ag tagairt dó, d’iarthar Chonamara – ceantar as a dtáinig go leor de shinsir pholaiteoirí na Stát Aontaithe – dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh luí mór sa taobh sin tíre leis an bpolaitíocht i gcónaí agus gur tháinig ionadaithe poiblí go leor as na pobail sin.
Creideann sé, a deir sé, go ndeachaigh na bealaí saoil sin agus na tréithe sin trasna an Atlantaigh freisin agus ar aghaidh ó ghlúin go glúin.
Bhí Margaret Craven, an Feisire Parlaiminte i Stát Maine, ar an intinn chéanna leis an Teachta Ó Cuív san agallamh a rinne sí don Chomhdháil anall ar an gcóras fíorúil. Thagair sí do Chonamara sna 1950idí agus na dúshláin mhóra a bhí le sárú.
Dúirt sí ag an gcomhdháil inné gur spreag an saol a chonaic sí i Conamara ina hóige i dtreo na polaitíochta í sna Stáit Aontaithe.
Gann go maith a bhí riachtanais an tsaoil i gConamara san aimsir a caitheadh, a deir Margaret Craven, agus mhair na daoine ar scáth a chéile.
Bhí sí leagtha – agus tá i gcónaí, a deir sí – ar chúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí buailte ag an saol.
Dúirt sí freisin gur chuidigh an comhrá – a dtáinig sí isteach air de bharr traidisiún na cuartaíochta sa mbaile – léi sa saol polaitíochta sna Stáit. Ní raibh aon easpa uirthi ag bualadh bleid ar dhaoine agus ag déanamh teanntáis orthu, a deir an Feisire Margaret Craven.
Ach ní dóigh go mbeadh sí gaibhte ag plé leis an bpolaitíocht dá mbeadh sí fanta i gConamara. “Fuair tú scóip agus deiseanna sna Státaí,” a deir Margaret Craven. Oideachas bunscoile a bhí uirthi ag dul anonn ach chuaigh sí ar aghaidh gur thuill céimeanna máistreachta coláiste thall.
Rinneadh roinnt plé ar stádas na nÉireannach i bpolaitíocht Bhoston anois de bharr toradh thoghchán Méarachta na seachtaine seo caite. Sí Michelle Wu, bean de bhunadh na hÁise, a bhuaigh an toghchán sin. Beidh sí á hinsealbhú go luath. Tá caint spreagtha ag an toradh seo nach n-éireoidh le Gael-Mheiriceánach eile Méaracht Bhoston a bhuachaint aríst go brách.
“Tá croitheadh bainte ag an toradh seo as an saol a chleacht na hÉireannaigh – agus muintir Chonamara sa gcomhaireamh – i mBoston le fada ariamh an lá,” arsa Larry Donnelly, léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus colúnaí nuachtáin arb as Boston ó dhúchas dó. Ag labhairt dó ag an gcomhdháil, dúirt Donnelly go bhfuil cor mór i dtreo na heite clé tógtha ag na Daonlathaigh i mBoston. “Ní hí an cineál polaitíocht Dhaonlathach í a chleacht an dream sin againne.”
Cén chaoi mar sin ar éirigh le Marty Walsh sna toghchán atá imithe thart? Bhí freagra sciobtha ag Larry Donnelly ar an gceist sin. “Iarrthóir cumasach a bhí ann agus bheadh an toghchán seo buaite aige freisin dá mbeadh sé ann.”
Míníonn Donnelly go raibh tréithe ag Marty Walsh a dhúisigh tacaíocht I measc mórán chuile dhream. “Regular guy” a thug Donnelly air.
“Cuimhnigh go ndearna Marty obair shluaisteála ar na suíomhanna; bhí deacrachtaí aige a thuigfeadh daoine as chuile chine agus ní raibh séanadh ar bith aige orthu sin. Bhí sé díreach agus dáiríre. Bhí sé théis scaradh le cuid mhaith de na seanbhealaí a bhain le polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha i mBoston agus bhí dearcadh tuisceanach aige ar cheisteanna crua agus pearsanta an tsaoil.”
Is dóigh gurb iad na tréithe sin uilig a thug an tUachtarán Joe Biden faoi deara nuair a cheap sé Marty Walsh ina Rúnaí Saothair do Mheiriceá uilig. Bhí na cúraimí sin ag luí go trom ar fhear Chonamara an deireadh seachtaine seo atá gaibhte thart. Níor éirigh leis a theacht isteach ar an gcomhdháil i gCarna ar an ‘zúm’ mar go raibh air a bheith ag obair agus ar an airdeall ar feadh chuile shoicind den Satharn de bharr a bhfuil ar bun in Washington.
An Bille mór Infreastruchtúir atá idir chamáin ag Tithe na Comhdhála faoi láthair. Chuir sé a mhíle leithscéal go Carna agus dúirt go mbeadh fáil air le haghaidh na chéad ócáide eile. Idir an dá linn, tá an tUachtarán Biden ag iarraidh reachtaíocht ar fiú beagnach $3 trilliún í a chuir tríd an gcóras in Washington agus tá Marty Walsh istigh ina lár.
Díomách a bhí lucht eagraithe na Comhdhála i gCarna – Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta – nár fhéad an Rúnaí Saothair a bheith bainteach le himeachtaí an tSathairn. Ar an taobh eile den scéal bhí mórtas le baint as an scéal freisin: tá sliocht Ghaeltacht Chonamara gafa go dtí barr an dréimire cumhachta sna Stáit Aontaithe agus lámh chomh mór sin acu ar an stiúir in Washington nach féidir leo a ngreim a scaoileadh.
Bríd
Léiríonn an pictiúr sin thuas go leor faoi meon Údarás na Gaeltachta agus an pholaitíocht. “No girls allowed”.
Máirtín Ó Catháin
Dia dhuit, a Bhríd,
Go raibh maith agat as an t-alt seo a léamh.
Ba mhaith liom an méid seo a shoiléiriú: Ní raibh baint dá laghad ag Údarás na Gaeltachta le tógáil an phictiúir seo ná le eagrú an phictiúir seo thuas.
Máirtín Ó Catháin.