‘Ná léigh an leabhar seo … go fóill,’ a dúirt glór i m’aigne

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: seachain saothair atá an-chosúil le do chuid tograí scríbhneoireachta féin – fad is a bhíonn tú á scríobh

‘Ná léigh an leabhar seo … go fóill,’ a dúirt glór i m’aigne

Má tá saothar ficsin á scríobh agat agus má thagann tú, le linn phróiseas na scríbhneoireachta, ar shaothar le húdar eile a bhfuil téama faoi chaibidil ann atá an-ghar don téama atá á chíoradh agat féin, ná léigh é.

Bhuel, léigh é – ach ní go dtí go mbeidh do shaothar féin chóir a bheith críochnaithe.

Sin é an t-aon bhealach amháin lena chinntiú go n-inseoidh tú do scéal féin, nach ndéanfaidh tú iarracht cur chuige an údair eile a ghlacadh chugat féin, agus – sa chás is measa – nach gcaithfidh tú do thogra féin i dtraipisí, ag ceapadh go bhfuil an bhearna sa mhargadh líonta cheana féin ag an mboc eile.

Ní fios cá mhéad uaireanta le hocht mbliana anuas a raibh an t-úrscéal What Belongs to You leis an údar as Kentucky, Garth Greenwell, i mo lámha agam i siopa leabhar éigin. Ach chuile uair beo, dúirt glór éigin go domhain istigh ionam féin: ná ceannaigh é seo, ná ceannaigh go fóill é. Agus ag breathnú siar – sa deireadh thiar thall, cheannaigh mé an leabhar le deireanas agus léigh d’aon anáil amháin é – ní féidir liom ach a bheith buíoch don ghlór sin.

Gan dabht, na huaireanta sin ar fad ar sheas mé i siopa leabhar agus úrscéal Greenwell i mo lámha agam – leabhar mórdhíola atá i gceist, príomhshaothar ficsin homa-éarótach na linne seo cá bhfios – na huaireanta sin ar fad, léigh mé an blurba agus ba léir i bhfaiteadh na súl na cosúlachtaí ollmhóra idir What Belongs to You agus an t-úrscéal a bhí á scríobh agam féin.

I saothar Greenwell, titeann fear as Meiriceá i ngrá le fear as ceantar faoi mhíbhuntáiste sa Bhulgáir.

I saothar Hijmans, titeann fear as an Ísiltír i ngrá le fear as ceantar faoi mhíbhuntáiste sa Bhrasaíl.

Caidreamh éagothrom, mí-ionraic, nimhneach an toradh sa dá chás – ach sa dá chás, freisin, bíonn nóiméid aoibhnis agus fiú amháin nóiméid ghrá ag na príomhcharachtair i dteannta a chéile, diamaint dóchais i láib shúraic a gcairdeas.

Foilsíodh What Belongs to You in 2016, an bhliain ar chuir mé tús le m’úrscéal féin agus, go deimhin, leis an gcaidreamh a spreag an saothar sin.

Dá léifinn úrscéal Greenwell an t-am sin, nó ag am ar bith sular chuir mé bailchríoch ar mo shaothar féin mí nó dhó ó shin, is cinnte go dtiocfadh m’úrscéal-sa go mór faoi anáil shaothar Greenwell. É sin, nó b’fhéidir go n-éireoinn as scun scan: tá What Belongs to You chomh cumhachtach sin go mbeadh sé fánach ag duine, shílfeá, iarracht a dhéanamh úrscéal a scríobh nach mbeadh i ndán dó ach áit faoi scáil shárleabhair dá leithéid.

Lena chois sin, cá bhfios nach gcuirfeadh úrscéal Greenwell ar mo shúile dom gur ghá dom deireadh a chur leis an gcaidreamh nimhneach úd ina raibh mé féin. Nárbh fhearr sin, a deir tú – ach ansin, ní bheadh ceachtar agam: caidreamh ná úrscéal.

Nuair a léigh mé What Belongs to You sa deireadh an tseachtain seo a chuaigh thart, ocht mbliana tar éis a fhoilsithe, bliain tar éis dom féin deireadh a chur leis an gcaidreamh úd agus mí nó mar sin tar éis dom bailchríoch a chur, sa deireadh thiar thall, ar m’úrscéal féin, chuaigh leabhar Greenwell i bhfeidhm orm chomh mór sin nach raibh mé i gceart ar feadh lae nó dhó ina dhiaidh.

Ní hé an scéal amháin a chuaigh i bhfeidhm orm ach an stíl agus an struchtúr agus ní inseoidh mé bréag: nuair a dhún mé an leabhar tháinig fonn orm m’úrscéal féin a chaitheamh amach an fhuinneog agus tosú as an nua.

Ach anois, cúpla lá níos déanaí agus go leor machnaimh déanta, aithním gurb é scéal Greenwell scéal Greenwell agus scéal Hijmans scéal Hijmans. Dá mhéad na cosúlachtaí eatarthu, tá difríochtaí tábhachtacha idir an dá shaothar. D’inis Greenwell a scéal siúd agus d’inis mise mo scéal féin, ach seans nach mbeadh sé sin déanta agam mura n-éistfinn leis an nglór úd a dúirt liom arís is arís eile gan leabhar Greenwell a léamh go dtí go mbeadh mo cheann féin críochnaithe agam.

Fág freagra ar '‘Ná léigh an leabhar seo … go fóill,’ a dúirt glór i m’aigne'