Focal iarthoghcháin ón ‘Saoi Aeráide’

Comhairle ón ‘Saoi Aeráide’ don dream a bheas i gceannas sa Dáil nua

Focal iarthoghcháin ón ‘Saoi Aeráide’

Tá ár rogha déanta agus na Teachtaí Dála a thoghamar Dé hAoine ar tí tabhairt faoin gcur is cúiteamh a theastóidh chun rialtas nua a chur le chéile.

Is deis í an idirlinn seo chun tionchar dosheachanta ar an rialtas sin a mheá – tionchar ar féidir a bheith cinnte go dtabharfar faoi deara é arís agus arís eile i saol-ré na Dála nua.

Is léir cheana féin go gcuireann athrú aeráide isteach chomh mór ar an saol i gcoitinne agus ar an saol polaitiúil go háirithe gur féidir é a shamhlú mar fhórsa polaitiúil ann féin beagnach.

Níor caitheadh an oiread ama ag plé cúrsaí aeráide le linn an fheachtais toghcháin agus a caitheadh ag plé cúrsaí tithíochta agus an costas maireachtála. Ní mhaolóidh neamhphlé ná neamhaird tionchar na haeráide ar an bpolaitíocht sna blianta atá romhainn.

Ní fiú athrú aeráide a chur as amharc toisc nach féidir a thoradh a chur as amharc. Cuimhnigh mar shampla ar na tuilte gan choinne le gairid i Valencia na Spáinne agus (ar scála níos lú) i Lios Tuathail agus i Mainistir na Corann anuraidh.

Níl páirtí polaitiúil ná eagraíocht sa tír atá inchurtha le hathrú aeráide mar fhórsa polaitiúil a tharraingíonn aird.

Ní féidir comhréiteach a dhéanamh leis a laghdóidh a éifeacht ná a luas. Níl cur i gcéill ná margadh indéanta a chuirfidh moill ar na tubaistí a spreagfaidh sé. Ní seachaint fíorphlé, mar a rinne na príomhpháirtithe le linn an fheachtais toghcháin, a cheilfidh díobháil luath nó mall.

Rinne an Dochtúir Cara Augustenborg agus na hollúna Hannah Daly agus Mary Murphy anailís neamhspleách thar ceann Chairde na Cruinne agus an Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath ar pholasaithe aeráide Fhianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin. Foilsíodh é ceithre lá roimh lá na vótála.

Léirigh an cíoradh a rinneadar nach raibh beartais ná amchlár i bhforógraí na bpáirtithe sin a dheimhneodh go mbainfí amach fiú an lag-laghdú ar astaíocht charbóin atá socraithe de réir dlí a bhaint amach faoi 2030.

Thug na saineolaithe ‘teip’ mar sin ar bheartais aeráide na bpáirtithe a mbeidh páirt mhór ag cuid acu i mbunú an rialtais nua.

Abair gur thug Tuairisc.ie cuireadh do dhuine muiníneach comhairle thar ceann na haeráide a chur ar bhunaitheoirí an rialtais nua.

Abair go dtabharfaí An Saoi Aeráide ar a leithéid de dhuine, go magúil nó le meas. Is dóichí ná a mhalairt gur caint a bheadh cosúil leis na briathra atá thíos a chloisfí ón Saoi:

“Comhghairdeas libh a Theachtaí nua-thofa. Tuigim an fáth gur sheachain bhur mbunáite polasaithe a thabharfadh aghaidh dáiríre ar athrú aeráide. Ní seachantacht áfach ach cur chuige macánta gan mhoill a theastaíonn anois.

“Má théann sibh i mbun rialtais go macánta, déanfaidh cur síos soiléir ar an athrú aeráide atá ar bun agus ar a thionchar ar Éirinn.

“Sílim go bhfuil bhur bhformhór ar aon intinn liom i bprionsabal. Ach a chlann, ní leor comhthuiscint i bprionsabal sa chás seo. Íocfaidh an tír praghas ard idir fhíneálacha, damáiste agus dainséar, más lagchur chuige atá beartaithe agaibh.

“Measann an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide go ngearrfar fíneálacha €8 billiún nó níos mó ar an tír idir seo agus 2030 toisc gur dócha nach laghdófar ár n-astaíocht charbóin mar a socraíodh le tacaíocht mhór ar chaon taobh sa Dáil dheireanach.

“Mar atá ráite ag an gComhairle, agus mar a dúradh arís i dtuairisc a d’fhoilsigh saineolaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh coicís ó shin d’fhéadfaí an dochar atá ag bagairt a laghdú agus costas na mbeartas atá riachtanach a ísliú ach tabhairt faoi dáiríre.

“Déarfar libh gan dabht nach fiú an mórathrú atá riachtanach toisc gur mó an tionchar a bheidh ag mór-thruallitheoirí an domhain ar théamh na cruinne.

“Is féidir freagra fiúntach a thabhairt ar lucht an amhrais. Ní féidir le hÉirinn brú éifeachtach morálta, polaitiúil ná eacnamúil a chur ar chladhairí Trumpúla i dtíortha eile gan gníomhú i gcomhar le tíortha stuama eile. Agus ní féidir dul i gcomhar le tíortha eile gan a bheith chomh díograiseach leo, ar a laghad.

“Féach, fúibhse an rogha. Tá an aimsir agus athrú aeráide cosúil le ríomhaire: déan dochar mór di agus déanfaidh an aeráid dochar mór dá réir. ‘Garbage in, garbage out’ mar a deir lucht na ríomhairí.

“Anois agus an toghchán thart tá súil agam go ndéanfaidh sibh na roghanna ciallmhara. 

“Ach cuimhnigh i gcónaí nach bhfuil comhréiteach ar chumas ná haeráide. Ná maolú. Ná moill.

“Faoin gcine daonna agus fúibhse i gcás na hÉireann atá an dualgas cinniúnach anois.

“Gach rath ar bhur gcuid oibre sa 34ú Dáil!

“Is mise le meas mór ach aireach,

An Saoi Aeráide

Fág freagra ar 'Focal iarthoghcháin ón ‘Saoi Aeráide’'

  • Máire Ní Annracháin

    Sárphíosa.
    Tá míréir in Éirinn nuair is féidir le ceannairì na bpáirtithe móra glacadh leis le linn díospóireacht an deichniúir (RTE) gurb é a t-athrú aeráide ‘ceist eiseach na linne’, ach fós bhí an clár leagtha amach sa gcaoi is nár pléadh í go práinneach agus i dtosach báire, ach í a fhágáil go dtí leathbhealaigh tríd an gclàr.

  • Eoghan Ó Néill

    A lú oighir a chruthaítear san Arctac sa gheimhreadh a lú tarraingt ar uiscí srutha na Murascaile aníos ó México agus tiocfaidh an lá a mbeidh an aeráid againn cosúil le Labrador. Ach b’fhearr le daoine gan smaoineamh ar leas a sleachta.