Baill áirithe de FF “ag faire amach dóibh féin”, a deir Ó Cuív

Easpa fuinnimh chun oibre agus easpa misnigh le brath ar an bpáirtí, a deir Teachta Dála Ghaillimh Thiar

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Is “ag faire amach dóibh féin” atá baill áirithe de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus ní “cúis leo” staid an pháirtí, a dúirt Teachta Dála Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív, ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Bhí an Teachta Dála ag tagairt do thorthaí phobalbhreith IPSOS/MRBI na seachtaine seo a foilsíodh san Irish Times inné.

Dúirt sé go bhfuil na pobabhreitheanna a foilsíodh ó 2011 “thar a bheith seasmhach” agus nach bhfuil “aon dul chun cinn” á dhéanamh ag an bpáirtí.

Ní hamháin go bhfuil an páirtí “tite siar” le bliain anuas, ach le roinnt míonna, tá figiúirí Fhianna Fáil “chomh híseal le figiúirí Olltoghchán 2011”, mura bhfuil siad “níos ísle”, a dúirt sé.

Is aisteach leis an méid seo ó tharla gurb é “plean Fhianna Fáil ó thaobh cur chuige de” a chuir an Rialtas reatha i bhfeidhm nuair a toghadh iad. Dúirt sé go bhfuil “an iomarca ceannais sa lár” inniu. Bhíodh “go leor leo cumhachtaí ag eagraíochtaí áitiúla i bhFianna Fáil agus d’éistítí leo” ar seisean, ach déanann sé amach anois nach n-éistítear leo.

Dúirt sé gurb é an rud is mó atá le brath sa pháirtí anois ná nach bhfuil an fuinneamh acu a mbeifí ag súil leis.

Mhaígh sé go bhfuil dhá aicme sa pháirtí faoi láthair; dream amháin atá míshásta leis na torthaí ach nach bhfuil de mhisneach acu tabhairt faoi iad a leigheas; dream eile nach bhfuil ró-mhíshásta gur 17% ráta tacaíochta an pháirtí.

Nuair a fiafraíodh de an raibh sé dóchasach go raibh ar chumas an pháirtí a gcuid tacaíochta a mhéadú idir seo agus an t-olltoghchán, d’fhreagair sé nach raibh a fhios aige. Ar a shon sin is uile, creideann sé go bhfuil “gá le FF” agus nach foláir “é a thabhairt ar ais i lár an aonaigh”.

Feictear dó féin, áfach, gurb í an chontúirt is mó atá ann ná go dtaibhsítear don pháirtí nach féidir leo teacht aniar a dhéanamh agus a gcás a leigheas.

Fág freagra ar 'Baill áirithe de FF “ag faire amach dóibh féin”, a deir Ó Cuív'