Bailchríoch le cur go fóill ar obair athchóirithe a tosaíodh i ngaelscoileanna in 2018

Deir príomhoidí Gaelscoileanna nach bhfuil a fhios acu fiú cén obair atá déanta ná cén obair atá fós le déanamh ar a bhfoirgnimh

Bailchríoch le cur go fóill ar obair athchóirithe a tosaíodh i ngaelscoileanna in 2018

Tá Gaelscoileanna a raibh athchóiriú éigeandála struchtúrtha le déanamh orthu beagnach cúig bliana ó shin fós ag fanacht ar chríoch a bheith curtha leis an obair.

Bhí 11 Gaelscoil i measc an 40 scoil, a thóg Western Building Systems, agus ar fhógair an Roinn in 2018 go raibh gá le hobair mhór a dhéanamh orthu.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc go raibh an obair shábháilteachta curtha i gcrích sna scoileanna go léir ach go raibh obair bhreise le déanamh go fóill le go mbainfeadh siad ‘Caighdeáin an Chóid Tógála’ amach.

Tá cás á thógáil ag an Roinn Oideachais in aghaidh Western Building Systems, atá lonnaithe i dTír Eoghain, agus an cás sin os comhair na gcúirteanna faoi láthair.

Dheimhnigh triúr de phríomhoidí na ngaelscoileanna atá sa scéim athchóirithe a bhunaigh an Roinn Oideachais le déileáil le cás na bhfoirgneamh lochtach nach bhfuil a fhios acu fiú cén obair atá déanta ná cén obair atá fós le déanamh.

Dúirt Príomhoide Ghaelscoil Phort Laoise, Dominic Ó Braonáin nach raibh a a fhios aige cén uair a bheadh an obair athchóirithe go léir curtha i gcrích.

“Tá obair ar siúl, ar bhealach amháin nó eile sa scoil le roinnt blianta anuas. Chaith muid bliain le scafall in airde, agus bliain le cuid den chlós imithe. Bhí fadhbanna ann ó thaobh spáis de.

“Fuair muid geallúint ón Roinn go raibh an foirgneamh sábháilte ach níl a fhios againn cén uair a bheidh an obair ar fad déanta agus níl aon scála ama faighte againn.”

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Ruth Mhic Adaim, Príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, i mBaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath, go bhfuil roinnt “struis” ag baint leis an scéal.

“Tá an scoil go breá agus slán ach tá éiginnteacht ag baint leis an obair athchóirithe go fóill. Tá sé deacair rudaí a phleanáil mar níl a fhios againn cad atá romhainn.”

“Tá an obair athchóirithe shealadach déanta. Nílim cinnte cad é atá fós le déanamh. Tá an Roinn sásta go bhfuil an foirgneamh sábháilte agus slán ach níl an obair bhuan déanta go fóill de réir mar a thuigim.”

Dúirt Mhic Adaim go ndearnadh obair athchóirithe agus thógála go leor anuraidh agus gur mhaith léi fios a bheith aici faoin obair a bhí fós le déanamh ar an scoil.

“Tharraing siad an áit as a chéile agus rinne siad go leor oibre anseo anuraidh. Tá an chuma ar an scoil go bhfuil gach rud i gceart. Níl aon scafall timpeall na scoile, tá sin go léir imithe.”

“Tá mé sásta faoi láthair mar nach bhfuil aon rud ag cur isteach ar reáchtáil na scoile ach níl a fhios agam an dtiocfaidh tógálaithe isteach i rith an tsamhraidh agus an áit a tharraingt as a chéile arís. Ba mhaith liom fios a bheith agam cad é atá os mo chomhair,” a dúirt Príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, Ruth Mhic Adaim.

In 2018 tháinig sé chun solais go raibh locht struchtúrtha ar 40 scoil a thóg an comhlacht Western Building Systems. Deir lucht an chomhlachta sin go ndearna an Roinn cigireacht ar an obair ar na scoileanna go léir agus gur eisíodh teastas ina dtaobh nuair a bhí an obair críochnaithe.

Tuairiscítear go bhfuil breis agus €160 milliún caite ar an obair athchóirithe ar na scoileanna go dtí seo.

Fág freagra ar 'Bailchríoch le cur go fóill ar obair athchóirithe a tosaíodh i ngaelscoileanna in 2018'