Bail sheasmhach ar Phríomh-Aire na Slóvaice, fear cúisithe in iarracht é a dhúnmharú

Bhain gortuithe tromchúiseacha do Robert Fico nuair a cuireadh cúpla urchar ann a d'fhág drochbhail air

Bail sheasmhach ar Phríomh-Aire na Slóvaice, fear cúisithe in iarracht é a dhúnmharú

Tá sé ráite ag feidhmeannaigh a thíre go bhfuil bail sheasmhach ar Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice, ach nach bhfuil sé “slán ar fad” go fóill. Rinneadh iarracht Fico a lámhachadh inné.

Tá fear cúisithe in iarracht an Príomh-Aire Fico a dhúnmharú.

Gortaíodh Fico go dona san ionsaí lámhaigh.

Níor ainmníodh go foirmiúil fós an té a líomhnaítear a rinne an t-ionsaí ach tá tuairiscí go leor ón tSlóvaic ag áitiú gur fear 71 bliain d’aois as baile mór Levice a rinne an t-ionsaí gunna.

Táthar á mhaíomh nach raibh baint ag aon duine eile leis an iarracht Fico a mharú agus go bhféadfadh gur príosún saoil atá i ndán don ghunnadóir.

Bhain gortuithe tromchúiseacha do Fico, atá 59 blain d’aois, nuair a cuireadh cúpla urchar ann a d’fhág drochbhail air ach deirtear go bhfuil bail sheasmhach air faoi láthair. Deir a chomhghleacaithe gur cúrsaí polaitíochta ba shiocair leis an ionsaí.

Dúirt Matus Sutaj Estok, an tAire Gnóthaí Intíre, nach raibh aon duine eile i bpáirt leis an té atá cúisithe agus gur ghlac an fear páirt i léirsithe in aghaidh an rialtais roimhe seo.

“Cadhan aonair é seo ar spreag an toghchán uachtaránachta an t-ionsaí seo toisc nach raibh sé sásta leis an toradh,” a dúirt sé.

Peter Pellegrin, pobalóir agus comhghuaillí le Robert Fico a bhuaigh an toghchán uachtaránachta.

Scaoileadh i neasraon le Fico i lár an lae ghil ar an gCéadaoin agus go leor daoine ina thimpeall.

Scaoil an gunnadóir cúig uaire le Fico agus ghoin sé sa mbolg agus sa leathghéag é.

Thug otharcharr Fico chun an ospidéil faoi dheifir agus dúradh go raibh sé i mbaol báis de bharr na ngortuithe a bhain dó.

Aistríodh go dtí ospidéal eile é ansin mar ar oibrigh máinlianna agus an fhoireann tráma air ar feadh na hoíche le bail sheasmhach a chur ar Fico.

D’ainmnigh na meáin áitiúla an té atá cúisithe san ionsaí agus mhaígh gurbh é Juraj Cintula as Levice, atá 71 bliain d’aois, an t-ionsaitheoir. Deirtear gur iargharda slándála in ionad siopadóireachta é a bhfuil leabhair filíochta scríofa aige agus é tugtha le fios aige cheana gur mhaith leis gluaiseacht pholaitíochta nua a bhunú.

I ráiteas ó cheannasaí an ospidéil in Banska Bystrica inniu [Déardaoin] dúradh go raibh “an-drochbhail” ar Fico cé go raibh sé seasmhach agus go raibh an Príomh-Aire aistrithe go dtí an tAonad Dianchúraim.

Níos túisce sa lá dúirt an Tánaiste Tomas Taraba ar an BBC gur éirigh “go maith” leis an obráid a cuireadh ar Fico agus gur “ceapadh” anois go dtiocfadh Fico “slán” ó na gortuithe a bhain dó.

D’iarr an tUachtarán tofa, Peter Pellegrini ar na páirtithe ar fad a gcuid feachtas toghchánaíochta do na toghcháin Eorpacha i dtús an Mheithimh a chur ar fionraí.

Más fíor na pobalbhreitheanna, meastar go gcuirfidh na páirtithe pobalacha agus iadsan atá i bhfad ar dheis lena gcuid suíochán sa bParlaimint sin.

Duine conspóideach é Fico mar gheall ar a sheasamh ar son na Rúise agus a thuairimí pobalacha.

Cuireadh tús an tseachtain seo i bparlaimint na Slóvaice le plé ar dheireadh a chur le RTVS, craoltóir poiblí na tíre.

 

Fág freagra ar 'Bail sheasmhach ar Phríomh-Aire na Slóvaice, fear cúisithe in iarracht é a dhúnmharú'