‘Bádóirí’– clár draíochtúil a chuirfidh an caslóir féin faoi gheasa

Sraith álainn í Bádóirí ina dtugtar léargas álainn dúinn ar an dream a bhíonn ag plé leis na húicéirí

‘Bádóirí’– clár draíochtúil a chuirfidh an caslóir féin faoi gheasa

Gleoiteog, leathbhád agus na báid mhóra/húicéirí; báid a shamhlaítear le Gaillimh agus le muintir Chonamara ach go háirithe. Sa tsraith álainn Bádóirí (TG4, Déardaoin) tugtar éachtaint ar an dream a bhíonn ag plé leis na húicéirí, an t-árthach traidisiúnta sin a chothaigh muintir an chósta ar feadh na gcianta.

Bímid ag éisteacht agus ag féachaint ar mhuintir An Tónaí, an American Mór, an Mac Dara, An Mhaighdean Mhara, an Naomh Cáilín, an Morning Star agus An Capall.

Léirítear dúinn go bhfuil mianach na farraige i dteaghlaigh áirithe agus dúil mhíchuibheasach acu sa tseoltóireacht agus bíonn dhá nó trí ghlúin ón dteaghlach céanna ar bord le chéile.

Is mar chaitheamh aimsire a bhítear ag plé leis an húicéirí sa lá atá inniu ann agus cad é suim, agus iomaíocht, i sraith geallta Chumann Húicéirí na Gaillimhe. Le Donncha Mac Con Iomaire ár dtreorú, fear eile a bhfuil mianach na farraige ann, cuirtear abhaile orainn nach ngéilltear ionga ná orlach nuair a bhíonn na rásaí sa tsiúl. Mórtas cine is cearta maíte is cúis le comhrac an bhradáin a bheith idir na báid dhifriúla.  Ní haon hionadh mar sin go mbíonn teasaíocht agus drochmhianach le sonrú go minic. Níl ann i ndeireadh an lae is an rása, áfach, ach cogadh na mba maol óir go bhfuil an dream seo leáite anuas ar a chéile ag an am céanna.

Sa dara gála deineadh dreas maith cainte le Micheál Mac Donnacha agus Pat Mhichael Ó Cualáin. Beirt iad seo a bhíonn ag obair as lámha a chéile mar shaortha báid i rith na seachtaine ach a bhíonn ag baint barr dá chéile ar an bhfarraige ag an deireadh seachtaine. Tráchtann siad ar an obair a bhíonn le déanamh acu ar bháid don tsraith iomráiteach Vikings, dream eile fós a raibh dúil sa bhfarraige acu. 

Déantar seatanna aeir cuidsúlacha de thírdhreach Chonamara agus na farraigí máguaird a sholáthar i rith an chláir. Bhí na radharcanna d’Oileán Mhic Dara i rith na féile ansin draíochtúil amach is amach.

Ní haon dóithín iad na hárthaigh seo a láimhseáil agus iad faoi lán seoil, go mór mór ar fharraigí cáite. Is léir gur mairnéalaigh chumasacha iad seo a chaitheann a bheith ar a mbarraicíní nuair is géire an iomaíocht. Maíonn John Darba Ó Flathartra, fear atá sa Táin ó thaobh na seoltóireachta, go bhfuil seoltóirí na mbád traidisiúnta chomh cumasach céanna, nó níos fearr, le duine ar bith in áit ar bith a chrochann seol.

Ní fhéadfá gan a bheith tógtha leis na carachtair seo a bhíonn ar na báid. D’fhéadfaí clár ann féin a bhunú ar leithéidí Tommy Kelly agus John Beag Ó Flatharta. Labhair John Beag go tuisceanach, fealsúnach agus deisbhéalach faoin nasc leis an bhfód dúchais, bás a mhná céile agus comhar na gcomharsan nuair a bhí sé ag iarraidh a mhac óg a thógáil leis féin. Thrácht sé go paiseanta ar dhúchas na háite agus nádúr na ndaoine ar Oileán Fhoirnise i Leitir Mealláin.

Clár draíochtúil, taitneamhach fiú do chaslóir cosúil liom féin.

Fág freagra ar '‘Bádóirí’– clár draíochtúil a chuirfidh an caslóir féin faoi gheasa'