Bád imithe go tóin poill amach ó Thoraí, beirt iascairí tugtha slán

Fuair Garda Cósta Mhálanna glaoch mayday ón mbád, The Silver Rose, go gairid roimh 6am

Bád imithe go tóin poill amach ó Thoraí, beirt iascairí tugtha slán

Rinneadh tarrtháil ar bheirt iascairí nuair a chuaigh a mbád go tóin poill timpeall leathmhíle amach ó chósta theas Thoraí maidin inniu.

Fuair Garda Cósta Mhálanna glaoch mayday ón mbád, The Silver Rose, go gairid roimh 6am.

Bhí an bád 36 troigh, a bhíonn ag iascaireacht portán, ag tógáil uisce.

Chuir an Garda Cósta scéal go dtí an héileacaptar tarrthála, an Rescue 118, Garda Cósta Thoraí agus bád tarrthála Árainn Mhór.

Ach bád eile, Ave Maria, a bhí in aice láimhe ba thúisce a tháinig ar an láthair chun cabhrú leis na hiascairí. Fuarthas an bheirt agus iad i rafta tarrthála breis is míle ón áit a suncáladh a mbád.

Tugadh an bheirt i dtír i Machaire Rabhartaigh, áit a raibh baill d’aonad cladaigh Gharda Cósta an Bhuna Bhig ag fanacht orthu.

Níor theastaigh aon chóir leighis ó na hiascairí.

Fág freagra ar 'Bád imithe go tóin poill amach ó Thoraí, beirt iascairí tugtha slán'