‘Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna  speisialta’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Sa tsraith seo castar leis na Gaeilgeoirí a toghadh chuig an Dáil den chéad uair in olltoghchán na míosa seo. An geábh seo, tá Ossian Smyth ón gComhaontas Glas linn

‘Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna  speisialta’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Ossian Smyth, An Comhaontas Glas, Teachta Dála do Dhún Laoghaire

1) Inis dúinn fút féin agus an Ghaeilge?

D’fhoghlaim mé Gaeilge ar scoil agus chuaigh mé chun na Gaeltachta nuair a bhí mé óg. D’fhreastail mé ar chúrsaí Gaeilge ar Inis Oírr agus bhí sé mar a bheadh domhan eile ann.

Tá grá agam do theangacha, don Ghaeilge, don Fhraincis agus don Ghearmáinis. Rinne mé staidéar ar shé cinn de theangach don Ardteist, Laidin agus Gréigis ina measc.

2) Cé chomh minic atá sé i gceist agat an Ghaeilge a labhairt sa Dáil?

Tá sé i gceist agam Gaeilge a labhairt go minic sa Dáil. Labhair cuid mhór Teachtaí Dála Gaeilge ar an gcéad lá den Dáil nua agus is cinnte go mbeidh mé ag déanamh mo dhíchill an Ghaeilge a labhairt. Tá deis agam mar Theachta Dála cur go mór le mo chuid Gaeilge.

3) Cad é ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tú i do Theachta Dála?

Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna  speisialta. Déanann daoine dearmad go minic ar an nGaeilge i scoileanna a mbíonn daltaí le riachtanais speisialta iontu. Bhí mé ar cuairt ar scoil speisialta le déanaí agus dúirt siad liom nach mbacann siad ar chor ar bith le teagasc na Gaeilge. Ó mo thaithí féin agus ó bheith ag labhairt le tuismitheoirí eile a bhfuil riachtanais speisialta ag a bpáistí, tá a fhios agam nach mbíonn roinnt scoileanna ag déanamh aon iarracht ar chor ar bith an Ghaeilge a theagasc. Caithfear sin a athrú. I scoileanna eile níl aon suim acu an Ghaeilge a theagasc mar sin ba mhaith liom teacht ar mhodhanna teagaisc a bheadh mealltach do dhaltaí de gach cineál. Ba mhaith liom freisin go mbeadh fáil ag cainteoirí Gaeilge ar sheirbhísí stáit i nGaeilge. Cearta daonna atá i gceist.

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna  speisialta’ – Gaeilgeoirí nua na Dála'

  • Sibéal

    Scríobhaigí An Comhaontas Glas i litreacha mhóra mar atá The Green Party agus bíodh manaí ar nós WANT GREEN, VOTE. GREEN aistrithe go Gaeilge. Sin tús.