Coimisinéir Teanga don tuaisceart de dhíth gan a thuilleadh moille – Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt

Tá seacht mí caite ó tugadh reachtaíocht don Ghaeilge agus don Ultais isteach sa Tuaisceart agus ‘gan aon dul cinn’ déanta faoi cheapachán na gCoimisinéirí Gaeilge agus Ultaise

Coimisinéir Teanga don tuaisceart de dhíth gan a thuilleadh moille – Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt

Tráth a bhfuil Coimisinéir Teanga ainmnithe ó dheas, deir an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) gur chóir go gceapfaí Coimisinéir Teanga Gaeilge sa tuaisceart “gan a thuilleadh moille”.

Tá seacht mí caite ó tugadh reachtaíocht don Ghaeilge agus don Ultais isteach sa Tuaisceart agus gan “aon dul chun cinn déanta” fós faoi cheapachán na gCoimisinéirí Gaeilge agus Ultaise, a deir eagraíocht cearta daonna ó thuaidh.

Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir an CAJ, le Tuairisc gur chóir do Státrúnaí Thuaisceart Éireann “deireadh a chur leis an mhoill” a bhaineann le ceapachán an Choimisinéara Gaeilge.

“Mí na Bealtaine faoi dheireadh thiar a chuir Airí na Ríochta Aontaithe reachtaíocht thánaisteach ar chlár an rialtais d’fhonn feidhm a thabhairt do ghnéithe den Bhille.

“Ach níl aon dul chun cinn déanta go fóill maidir le Coimisinéir Teanga [Gaeilge] a cheapadh,” ar sé.

D’fhógair Oifig Thuaisceart Éireann an mhí seo caite go raibh cead acu, de réir reachtaíochta tánaistí a tugadh isteach ag tús an tsamhraidh, ‘Oifig Féiniúlachta agus Léiriú Cultúir’ a bhunú agus ‘Coimisinéir don Ghaeilge’ agus ‘Coimisinéir do thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach’ a cheapadh.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Oifig Thuaisceart Éireann faoi cén uair a mbunófar an oifig féiniúlachta agus cultúir nua agus faoi cheapachán an Choimisinéara Gaeilge.

Deir Holder go bhfuil sé “de cheart agus de chumhacht” ag an Státrúnaí Chris Heaton-Harris an próiseas ceapacháin a thionscnamh láithreach.

“Thug Rialtas na Breataine an chumhacht dó féin Coimisinéir Teanga a cheapadh sa chás nach raibh an Tionól ag feidhmiú in Stormont nó sa chás gur chuir an DUP cosc ar an cheapachán.

“Tá d’údarás ag an Státrúnaí painéal neamhspleách a bhunú agus dul ar aghaidh le ceapadh an Choimisinéara Teanga seachas a thuilleadh moille a chur ar an cheapachán,” a dúirt sé.

Ó dheas, fógraíodh an tseachtain seo go raibh Séamas Ó Concheanainn roghnaithe ag an rialtasle bheith ar an chéad choimisinéir teanga eile.

Chomh maith le Coimisinéir Teanga, tá pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht le fada ar straitéis don teanga, straitéis atá le ceadú ag an Tionól nach bhfuil ag feidhmiú ó mhí Feabhra 2022.

Ó 2006, tá dualgas de réir an dlí ar an fheidhmeannas straitéis a bheith ann don Ghaeilge agus don Ultais.

Theip ar iarrachtaí roimhe seo glacadh leis an straitéis don Ghaeilge in Stormont toisc gur chuir an DUP ina coinne ach tá dóchas ag CAJ go nglacfar leis an straitéis nuair a bheidh an feidhmeannas ar ais.

“D’ullmhaigh grúpa oibre saineolaithe treoirphlean láidir don straitéis Gaeilge don Aire Pobal deiridh a bhí sa Tuaisceart.

“Bhlocáil feisirí in Stormont feidhmiú na straitéise sin go neamhdhleathach. Má dhéantar an feidhmeannas a athbhunú in Stormont is beag am a bheadh acu chun glacadh leis an straitéis don Ghaeilge nó an dlí a shárú uair amháin eile.

“Tá sé dearbhaithe sna cúirteanna roimhe seo go bhféadfaí smachtbhannaí a chur ar aon aire a chuireann aon chosc eile ar an dlí seo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga don tuaisceart de dhíth gan a thuilleadh moille – Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt'

  • Éamonn Ó Gribín

    Dhaingnigh Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha sa bhliain 2001, ag déanamh roinnt gealltanas ceangailteach i dtaca le teanga na Gaeilge faoi Cuid III den Chairt.

    Tá teipthe ar na páirtithe náisiúnacha áitiúla an Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha a chur chun cinn ag leibhéal an rialtais áitiúil. (Níl le déanamh ach scrúdú a dhéanamh ar an teip tubaisteach i leith ‘Beartas Dátheangachais Chomhairle an Iúir agus Mhúrn’ a chur chun cinn.)

    Tá súil agam go maithfidh tú domh é, ach tá mé dubh dóite le SF agus an SDLP (ach go háirithe), as a bheith de shíor ag cur an milleáin ar Rialtas na Breataine as a easpa gnímh i leith na teanga.

    Faraoir, is léir go mbíonn siad féin sásta gan beart a dhéanamh de réir a mbriathair!

    “Murar i gCionn tSáile an léin
    A cuireadh ár gcleacht ó ráth,
    Nó cléirigh an treis a d’fheall?
    Ach maer a chuaigh an choinneal go dtí seo,
    Téadh an t-orlach ina bhfuil romhainn amach.”