Ba chóir dúinn cloí lenár dtraidisiún frith-impiriúlach agus seasamh leis an Nígir

Fuair an Nígir neamhspleáchas i 1960, ach ní raibh i gceist mar athrú ach bratach is amhrán náisiúnta nua agus d’fhan an Fhrainc ina máistrí ar an tír

Ba chóir dúinn cloí lenár dtraidisiún frith-impiriúlach agus seasamh leis an Nígir

Nach ait an rud é gurb í an Afraic an limistéar is saibhre ar domhan ó thaobh acmhainní nádúrtha dhe, ach go bhfuil muintir na hAfraice ar na daoine is boichte agus is dearóile ar domhan freisin.

Tá an scéal seo go mór sa nuacht faoi láthair mar gheall ar an coup sa Nígir.  Rialtas tofa a thaobhaigh leis an Iarthar curtha as oifig agus bratacha na Rúise ar taispeáint ag na sluaite a chuireann fáilte roimh an coup.

Cén fáth sin? Céard é cás na Nígire?

Cruthaíonn an Nígir 7.5% den úráiniam a bhaintear sa domhan agus is iadsan an ceathrú táirgeoir is mó.  Téann os cionn 50% den úráiniam sin go dtí an Fhrainc, an t-iarmháistir coilíneach, le cumhacht a thabhairt dá cuid stáisiún ginte leictreachais.  Faigheann an Fhrainc 70% dá cuid leictreachais as stáisiúin núicléacha.

Ach sa Nígir féin níl fáil ar leictreachas ach ag timpeall 10% den daonra sna cathracha agus ag 2% faoin tuath.  Tá 80% de mhuintir na Nígire gan leictreachas, cé gur ón Nígir a thagann an oiread sin de leictreachas na Fraince.

In ainneoin shaibhreas na Nígire, tá muintir na tíre sin ar na daoine is boichte ar domhan de réir Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe,

Fuair an Nígir neamhspleáchas ón bhFrainc i 1960, ach ní raibh i gceist mar athrú ach bratach is amhrán náisiúnta nua.  D’fhan an Fhrainc ina máistrí ar an tír, agus is leis an bhFrainc i gcónaí príomhchomhlacht mianadóireachta na Nígire.  Is leis an bhFrainc, agus le dhá chomhlacht Francach, 85% den táirgeadh úráiniam as an Nígir.

Choinnigh an Fhrainc a máistreacht ar an tír, agus tíortha eile sa chomharsanacht, trí airgeadra na Fraince a choinneáil in úsáid sna tíortha a bhíodh ina gcoilíneachtaí acu – airgeadra a brúdh ar na tíortha sin nuair a bhí siad fós ina gcoilíneachtaí.

Tá an CFA, airgeadra na Fraince atá in úsáid san Afraic, fós i bhfeidhm i 14 tír san Afraic.  Níor athraigh bunú an euro an scéal sin beag nó mór.  Is leis an bhFrainc an t-airgeadra agus an chumhacht a bhaineann leis.

Tharla rud cosúil leis anseo in Éirinn freisin.  Chloígh Éire ‘neamhspleách’ leis an bpunt steirling, a chiallaigh go raibh smacht leanúnach ag an mBreatain ar gheilleagar na tíre seo. Ar deireadh thiar, d’imigh an ghaoth as seolta chlár tionsclaíochta de Valera sna 1930idí toisc nach raibh smacht againn ar ár n-airgeadra féin.

Bhriseamar leis an steirling, ach ghlac muid leis an euro ina ionad, rud a chiallaíonn gur ag an AE, agus ag an nGearmáin go háirithe, atá smacht ar chúrsaí eacnamaíochta s’againne in ionad ag an mBreatain. Thar lear atá ár máistrí i gcónaí.

San Afraic, in ainneoin shaibhreas na dtíortha Sahel – an Nígir, Mailí, Buircíne Fasó – choinnigh an Fhrainc an lámh in uachtar orthu agus úinéireacht acu ar na comhlachtaí mianadóireachta is na bainc.

Sin é go díreach atá taobh thiar den coup sa Nígir agus sna coupanna roimhe sin i Mailí is Buircíne Fasó. Cuireadh rialtais thofa as oifig, tháinig rialtais a thaobhaigh leis an iarthar agus ceadaíodh dúshaothrú na dtíortha ag an bhFrainc.

Rialtais thofa!

Ach arís is arís bhí líomhaintí ann faoi chaimiléireacht.  Sa Nígir, mar shampla, bhí toghcheantar amháin inar vótáil 106% de na daoine a bhí in aois vótála agus 97% díobh ar son an uachtaráin atá curtha as oifig anois.

Tá tíortha sa gceantar, an Nígir go háirithe, atá fós ceangailte leis an iarthar tríd an eagraíocht Ecowas, ag bagairt gníomh míleata a dhéanamh leis an seanréimeas a thabhairt ar ais sa Nígir. Níl sé cinnte go mbeidh cogadh ann, ach tá baol mór cogaidh ann.  Tá an Fhrainc, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ag gríosú Ecowas faoin chogadh sin.

Ar ndóigh, níl an Nígir ina haonar. D’fhógair Mailí agus Buircíne Fasó go seasfaidís léi i gcás ionraidh, agus gurb ionann aon ionsaí ar an Nígir agus cogadh a fhógairt ina gcoinne féin chomh maith.

Tá saighdiúirí na Fraince agus Mheiriceá curtha amach as Mailí agus Buircíne Fasó, (an Fhraincis an teanga riaracháin i Mailí) ach tá siad fós sa Nígir, cé go bhfuil cosc curtha ag an rialtas nua ar úsáid aerspás na Nígire ag na Meiriceánaigh óna gcuid buanionad sa tír.

Mar is iondúil, tá ceannairí an Iarthair ag caint faoin daonlathas is eile.  Ach níl siad ag caint faoin dúshaothrú atá ar siúl ag an bhFrainc sna tíortha seo, nó faoi mhian na bpobal éalú ón mbochtanas.

In ómós dár dtraidisiún frith-impiriúlach féin, is cóir dúinn seasamh le muintir na Nígire is cosaint a thabhairt dá réabhlóid.

Fág freagra ar 'Ba chóir dúinn cloí lenár dtraidisiún frith-impiriúlach agus seasamh leis an Nígir'

  • caitriona ní Chatháin

    Alt fíor suimiúil. Míle buíochas.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Cén cruth a mbeadh ar an “seasamh” seo, a Eoin?

  • jpmorley0@gmail.com

    Prigozhin mar cholúnaí anois ag Tuairisc.ie?

  • Gabriel Rosenstock

    Gan amhras.

  • Máire

    Níl leithéidí Uí Mhurchú frithimpiriúlach. Tá siad frith Iarthach. Níl aon fhadhb acu le himpiriúlachas na Rúise.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “In ómós dár dtraidisiún frith-impiriúlach féin, is cóir dúinn seasamh le muintir na Nígire” a deireann Eoin. Ní easaontóinn leis. Ach an aontódh Eoin, ar an mbunús céanna, go mba cheart dúinn seasamh le muintir na hUcráine in aghaidh impiriúlachas brúidiúil na Rúise chomh maith, ‘in omós dár dtraidisiún frith-impiriúlach’?

  • Concubhar

    Tá Eoin chomh impiriúlach leis an Impire is impiriúlaí dá bhfacamar riamh ó thús na staire an fhaid is gur impire Rúiseach atá i gceist, impire darbh ainm Putin. Bhuamáil a fhórsaí amharclann ag am deireadh seachtaine, ag sléachtú páistí is sibhialaigh eile. Gach seans go raibh láimh ag fórsaí impiriúlach na Rúise sa sléacht sa Nigir.

  • Ciarán Ó Braonáin

    Cén fáth nár ceadaíodh an teachtaireacht a scríobh mise? An bhfuil treoirlínte ann ar gá dúinn cloí leo má theastaíonn uainn trácht a fhágáil faoi alt ar Tuairisc?