Ba cheart scríbhneoirí a bhainfeadh úsáid as an bhfocal ‘pailmseist’ a róstadh go mall, ach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bíonn ‘uigeacht’ dá chuid féin ag chuile téacs, agus tharlódh go bhfeilfeadh focail ar nós ‘pailmseist’ d’uigeacht téacs áirithe

Ba cheart scríbhneoirí a bhainfeadh úsáid as an bhfocal ‘pailmseist’ a róstadh go mall, ach…

Bliain nó dhó ó shin agus mé ar shiúlóid i nGleann Dá Loch le cara liom, chuir mé an cara céanna soir agus mé ag stopadh an t-am ar fad chun grianghraif a thógáil de stoic chrann. Shílfeá nach raibh crann feicthe agam riamh roimhe sin, ach ba é an chaoi nár chuir mé suim go dtí an lá sin, ar chúis éigin, in uigeacht chraiceann na gcrann: an chaoi a mbíonn coirt gharbh ar chrann amháin agus coirt mhín ar cheann eile, an chaoi a mbíonn caonach ag fás ar chuid agus meacáin ar chuid eile.

‘Breathnaigh ar an uigeacht sin!’ a deirinn agus pictiúr eile á ghlacadh agam. Má b’fhianaise an dearcadh i súile mo chara, bhain mé ró-úsáid as an bhfocal ‘uigeacht’ an lá sin.

Bíonn uigeacht ag téacs freisin. Déarfá faoi cháipéis dlí, mar shampla, go bhfuil sí ‘tur’. Déarfá faoi fhógra ‘nigh do lámha’ go bhfuil sé ‘lom’.

Bíonn uigeacht shaibhir ag téacs liteartha, nó ba cheart go mbeadh.

Go pointe áirithe, is féidir an uigeacht sin a thabhairt faoi deara leis an tsúil fhisiciúil féin. Baineann cuid nach beag d’uigeacht téacs liteartha le leagan amach an leathanaigh agus leis an gclófhoireann ar baineadh úsáid as; ní mhothaíonn an téacs céanna mar a chéile in Times New Roman agus Helvetica, bain triail as go bhfeicfidh tú. Gnéithe tábhachtacha eile d’uigeacht téacs ar féidir iad a fheiceáil leis an tsúil fhisiciúil ná fad na n-abairtí agus an phoncaíocht; is maith liom féin téacs ina malartaítear abairtí gonta simplí agus abairtí fada, casta a bhíonn soléite, mar sin féin, a bhuíochas le ceartúsáid camóga, fleasca, leathstadanna, idirstadanna, lánstadanna agus corrchomhartha focalbhá.

Ach – ní hionann agus coirt crainn – bíonn gnéithe ag baint le huigeacht téacs nach féidir a fheiceáil leis an tsúil fhisiciúil. Is iad súile na haigne a thugann suntas do nithe ar nós snáitheanna scéil éagsúla, aimsir na hinsinte, peirspictíocht, friotal, nathanna canúnacha agus araile.

Oibríonn na gnéithe sin ar fad – na cinn ar féidir iad a fheiceáil leis an tsúil fhisiciúil chomh maith leis na cinn nach féidir – oibríonn siad ar fad as lámha a chéile agus má bhíonn an t-ádh leis an scríbhneoir tagann téacs chun cinn, de réir a chéile, babhta eagarthóireachta i ndiaidh babhta eagarthóireachta, faoina bhféadfaí a rá gur ‘pailmseist’ é, téacs a scríobhadh anuas ar shraith nó sraitheanna eile téacs.

Dá gcuirfeá ceist orm lá ar bith eile, déarfainn leat gur cheart scríbhneoir a bhainfeadh úsáid as an bhfocal ‘pailmseist’ a róstadh go mall os cionn tine íseal agus aigéad ceallra a dhoirteadh isteach ina bhéal, ach i dteannta ‘uigeacht’, ‘peirspictíocht’, ‘idirstadanna’ agus ‘comharthaí focalbhá’ ní dhéanfaidh ‘pailmseist’ mórán dochair. Cuireann sé le huigeacht an cholúin seo, fiú amháin!

Fág freagra ar 'Ba cheart scríbhneoirí a bhainfeadh úsáid as an bhfocal ‘pailmseist’ a róstadh go mall, ach…'