Ba cheart go mbeadh dualgas reachtúil ar pháirtithe ábhar toghcháin i nGaeilge a scaipeadh – iar-aire Gaeltachta

Tá sé deimhnithe ag Fianna Fáil gurb é an páirtí féin a d’íoc as bileoga toghcháin Gaeilge a scaipeadh sa bpost ar theaghlaigh Ghaeltachta

Ba cheart go mbeadh dualgas reachtúil ar pháirtithe ábhar toghcháin i nGaeilge a scaipeadh – iar-aire Gaeltachta

Ba cheart go mbeadh sé mar dhualgas reachtúil ar pháirtithe ábhar toghcháin i nGaeilge a scaipeadh, a deir iar-aire Gaeltachta.

Tá daoine sa Ghaeltacht ag clamhsán gur i mBéarla amháin atá na ‘Litreacha um Toghcháin’ atá seolta sa bpost ag iarrthóirí agus páirtithe roimh na toghcháin Eorpacha an mhí seo chugainn.

Faoin reachtaíocht toghcháin is féidir le hiarrthóirí sna toghcháin Eorpacha Litir um Toghcháin amháin a sheoladh saor in aisce chuig teaghlaigh an stáit.

Is iad Fianna Fáil an t-aon cheann de na príomhpháirtithe go dtí seo a sheol ábhar toghcháin i nGaeilge chuig teaghlaigh sa Ghaeltacht. Dheimhnigh urlabhraí de chuid Fhianna Fáil do Tuairisc gur íoc an páirtí féin as leagan Gaeilge de bhileoga toghcháin a sheoladh sa bpost chuig teaghlaigh Ghaeltachta.

Dúirt urlabhraithe ó Fhine Gael agus Sinn Féin gurb í an chúis gur scaip siad ábhar toghcháin i mBéarla amháin ar thithe sa Ghaeltacht ná gur thug An Post le fios nach scaiptear do gach páirtí ach leagan amháin dá ‘Litreacha um Thoghchán’.

Dúirt An Post le Tuairisc nach dtiocfadh aon litreacha breise faoi scáth na reachtaíochta toghcháin ach go bhféadfadh aon pháirtí nó iarrthóir íoc as ábhar breise a scaipeadh trí ghnáthsheirbhís An Post.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga nach dtagann iarrthóirí toghcháin nó páirtithe polaitíochta faoi scáth Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus nach mbaineann an t-ábhar le feidhm na hOifige dá bharr.

Ach deir iar-aire Gaeltachta gur chóir dualgas sa dlí a chur ar pháirtithe agus ar iarrthóirí ábhar i nGaeilge a scaipeadh.

“Ó tharla go mbíonn an stát ag íoc as na Litreacha um Thoghchán a sheoltar tríd An Post, ba chóir go mbeadh dualgas ann an t-ábhar ar na Litreacha a bheith i nGaeilge nó dátheangach,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív de chuid  Fhianna Fáil.

Bhain conspóid mhór leis na bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht roimh an toghchán Eorpach deiridh in 2019 agus dúirt an t-iar-aire stáit Gaeltachta, Seán Kyne, Seanadóir de chuid Fhine Gael, go raibh sé chun scrúdú a dhéanamh ar an dlí teanga lena leasú chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le déanaí gur cheart go mbeadh ar pháirtithe polaitíochta ábhar dátheangach a chur amach chuig muintir na tíre ar fad.

“Tá na páirtithe sásta go bhfuil ar an státchóras freastal ar phobal na Gaeilge trí Ghaeilge ach nuair a thagann sé chuig na páirtithe polaitíochta féin níl siad sásta cumarsáid a dhéanamh le daoine i nGaeilge agus is léir go gceapann siad nach bhfuil aon dualgas morálta orthu fiú é sin a dhéanamh,” a dúirt de Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Ba cheart go mbeadh dualgas reachtúil ar pháirtithe ábhar toghcháin i nGaeilge a scaipeadh – iar-aire Gaeltachta'

  • Dlí na mBreithiúna

    Chuireann sé íontas orm é seo a léamh san alt;
    “Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga nach dtagann iarrthóirí toghcháin nó páirtithe polaitíochta faoi scáth Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus nach mbaineann an t-ábhar le feidhm na hOifige dá bharr.”

    Is airgead na gcáiníocóirí a clóbhualann agus a scaipeann na Litreacha Um Thoghcháin. Tá daoine le Gaeilge ar fud na tire. Cén fáth nach mbeadh litreacha sa dá theanga agus iad á scaipeadh ar fud na tíre? Dá mbeadh muid i dtír atá dhatheangach i ndáiríre ní bheadh ceist faoi ná go mbeadh na litreacha seo sa dá theanga.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl mé ag iarraidh leagan amháin gaeilge agus leagan amháin béarla de bhileoga toghachán scartha óna chéile. Ní thuigim cuid de na téarmaí gaeilge. B’fhearr i bhfad an dá leagan taobh le taobh – agus tús áite ag an ghaeilg, CHÉAD TEANGA NA TÍRE SEO.

    Cad chuige nach dtig leabhrán dátheangach a chuir le chéile agus polasaithe achan iarrthóir toghacháin ann agus thig leis an post sin a scaipeadh ar achan teach? Sábháil ama do an post agus sábháil airgid don tír.

    Agus, dála an scéil, bheinn ag moladh do pholaiteoirí agus páirtithe polaitíochta i bhfad níos mó a dhéanamh chun aitheantas a thabhairt don ghaeilg. Cá mhéad suíomh idirlín atá go hiomlán dátheangach? An bhfuil an ghaeilg le feiceáil agus le cluinstean sna hoifigí s’acu? An gcuirtear in iúl don phobal go dtig leo a ngnóithe a dhéanamh trí ghaeilg leo?