Ba cheart do Boris Johnson an rud ciallmhar a dhéanamh agus síneadh ama a lorg

Tá an Breatimeacht faoi anáil an víris agus éilimh á ndéanamh nglacfadh an Príomh-Aire Boris Johnson cinneadh ciallmhar agus lá na cinniúna a chur ar atráth

Ba cheart do Boris Johnson an rud ciallmhar a dhéanamh agus síneadh ama a lorg

Luath go leor i ré an choróinvíris bhí daoine ag magadh go bhfáilteodh siad roimh phlé faoin mBreatimeacht. Cé go raibh siad tinn bréan den chaint faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach b’fhearr leo an dúshlán sin féin ná contúirt na paindéime.

Anois áfach, tá an Breatimeacht faoi anáil an víris agus éilimh á ndéanamh anseo agus sa Bhreatain go nglacfadh an Príomh-Aire Boris Johnson cinneadh ciallmhar chun lá na cinniúna a chur ar atráth. Tá síneadh ama ceadaithe sa mhargadh a rinneadh le lucht na Bruiséile ach bhí Boris Johnson agus a chomhairleoir Dominic Cummings dubh dóite ina choinne roimhe seo.

Tá gach gné den saol, príobháideach agus poiblí, curtha as a riocht ag Covid-19 ó shin, an idirbheartaíocht faoin ngaol idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe san áireamh. Nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAE ar an 31 Eanáir i mbliana aontaíodh idirthréimhse go dtí an lá deiridh den bhliain. Idir an dá linn, bheadh stádas ballstáit den AE ag an Ríocht Aontaithe agus idirbheartaíocht ar siúl faoi na coinníollacha maidir le réimse leathan ábhar amhail trádáil agus an prótacal d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann.

Bhíothas den bharúil ó thús go raibh an idirthréimhse róghearr ach ó rinne an coróinvíreas ceirtlín de chlár ama na hidirbheartaíochta luíonn sé le réasún gur cheart breis ama a thógáil. Sin má tá margadh ó Johnson agus a rialtas. Más imeacht gan mhargadh atá uathu, mar a chuirtear ina leith go minic, seans gur chun sochair dóibh an mhoill a chuir an víreas ar mhargáil.

Bhí sé beartaithe go mbeadh dianmhargáil ar siúl ó mhí an Mhárta ar aghaidh ach ó bhuail aicíd an Covid-19 Michel Barnier, feidhmeannach an AE agus David Frost, ionadaí na Breataine, níor cuireadh ceann le hidirbheartaíocht i ndáiríre go dtí Dé Luain seo caite.

Ansin féin is go fíorúil a tharla sé mar nach dtig le daoine taisteal ná bualadh le chéile i ngeall ar an víreas.

Níl sé chomh héasca tuiscint a fháil in idirbheartaíocht fhíorúil ar cad iad bunlínte an taobh eile nó cad is geáitsíocht mhargála ann.

Tá cúpla seachtain eile de sheisiúin cianchainteanna le bheith ann idir seo agus lár an Mheithimh nuair atá comhdháil beartaithe chun measúnacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.

Bhí sé i gceist go mbeadh Boris Johnson, Príomh-Aire na Breataine ag an gcruinniú sin ach ní léir cathain a fhillfidh sé ar an obair go lánaimseartha. Caithfear an cinneadh a dhéanamh faoi shíneadh ama nó a mhalairt roimh an gcéad lá de mhí Iúil.

Tá an tAontas Eorpach báúil le síneadh ama is cosúil ach tá bac curtha air i reachtaíocht ag Johnson in Westminster.

Ní bheadh sé deacair an toirmeasc áirithe sin a leasú i bhfianaise na moille ar chainteanna agus an damáiste atá déanta ag an bpaindéim don eacnamaíocht. Thairis sin tá móramh chomh mór sin aige sa Pharlaimint nach mbeadh aon fhadhb aige, ní áirím go dtugann an chomh-aireacht cead a chinn dó.

Seans go mbeadh leithéidí Nigel Farage míshásta ach is furasta argóint loighciúil a dhéanamh ina choinne.

Tá na páirtithe frith-Bhreatimeachta abhus go mór i bhfabhar síneadh ama le súil is gur féidir tionchar a imirt chun an eacnamaíocht logánta a chosaint agus an dochar trasteorann a mhaolú.

Dúirt urlabhraí an SDLP ar an mBreatimeacht, Matthew O’Toole, san Tionól go raibh sé ag iarraidh ar an gCéad & LeasChéad-Aire síneadh ama a iarraidh go foirmeálta.

Bheadh sé meargánta, nó mímhorálta fiú, a dúirt sé a bheith ag iarraidh socrú nua eacnamaíochta a eagrú nuair ba cheart tosaíocht a thabhairt do shláinte an phobail agus do mhaolú an dochair atá déanta ag an bpaindéim don eacnamaíocht.

Seans go bhfeilfeadh moill don DUP chun bearna a chur idir iad agus feall Boris Johnson orthu agus is cinnte nach dteastaíonn buille eile don eacnamaíocht uathu.

Tá na héilimh ar shíneadh ama ag bailiú nirt i Londain chomh maith. Dúirt ceannaire nua pháirtí an Lucht Oibre, Keir Starmer, gur dhíchéillí an mhaise é do Boris Johnson an bac ar bhreis ama a chur ar bhonn reachtúil.

Teastaíonn uaidh an bac a chur ar ceal. Is é an port céanna é ag go leor den lucht gnó agus comhlachtaí iompair.

Níl aon bhunús réasúnach leis an diúltú am breise a iarraidh i bhfianaise na paindéime dar le scata d’iarcheannairí státseirbhíse in Whitehall.

In alt san iris Prospect, dúirt ceathrar iar-ardrúnaithe ar ranna rialtais go raibh baol ann go gcothódh rialtas na Ríochta Aontaithe an dara tubaiste; chuirfeadh siad géarchéim thrádála sa mhullach ar an tsáinn eipidéimeolaíoch mura gcuirfí siar an teorainn ama don Bhreatimeacht.

Nuair a chuirtear san áireamh gur imeacht gan mhargadh an toradh is dóichí a bheadh ar dhiúltú do shíneadh ama, is údar mór imní é sin ar an oileán seo thuaidh agus theas.

Tá costas eacnamaíochta na paindéime, sa mhullach ar an uafás a bhaineann le líon na marbh agus na ndaoine breoite, chomh tromchúiseach sin nach mór gach iarracht a dhéanamh chun tathant ar an mBreatain a n-imeacht a chur ar an méar fhada go ceann tamaill.

Fág freagra ar 'Ba cheart do Boris Johnson an rud ciallmhar a dhéanamh agus síneadh ama a lorg'

  • Eoin O Murchu

    Ta tusa ar son an Aontais Eorpaigh. Ta Boris ina choinne. Bheadh sé ceart do Bhoris síneadh ama a lorg dá mba rud é gur aontaigh sé leat. Ach teastaíonn uaidh bheith saor ón Aontas, agus le bheith ionraic dó féin níor cheart dó síneadh ama ar bith a lorg.