Athstruchtúrú bainistíochta i TG4 agus ardú céime do bheirt

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gur chun leas straitéis cúig bliana an chraoltóra a rachadh an t-athstruchtúrú

Athstruchtúrú bainistíochta i TG4 agus ardú céime do bheirt

Tá athrú suntasach déanta ar struchtúr bainistíochta TG4 agus ar fhoireann na hardbhainistíochta sa stáisiún.

Mar chuid den athstruchtúrú san eagraíocht, tá ardú céime faighte ag an mBainisteoir Cumarsáide Trevor Ó Clochartaigh agus Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna déanta den iarSheanadóir Gaeltachta.

Chomh maith leis sin beidh Emer Ní Ghabhnáin, rialtóir airgeadais an stáisiúin, ag teacht i gcomharbacht ar  Mary Uí Chadhain mar Stiúrthóir Airgeadais. Beidh Emer Ní Ghabhnáin, arb as Indreabhán i gConamara í, freagrach as rialachas airgeadais agus forbairt gnó an chraoltóra.

Mar chuid den athstruchtúrú, beidh an dara duine is sinsearaí sa stáisiún, an Stiúrthóir Ceannachán agus Aschuir, Lís Ní Dhálaigh, feasta ina Stiúrthóir Forbartha, Margaíochta agus Comhpháirtíochtaí.

Ar na cúraimí a bheidh ar Ní Dhálaigh, arb as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne di ó dhúchas, beidh sí freagrach as naisc a chothú le dreamanna seachtracha.

Mar Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna TG4 beidh Trevor Ó Clochartaigh i gceannas ar Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna an stáisiúin a phleanáil, a stiúradh agus a chomhordú.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gur chun leas straitéis cúig bliana an chraoltóra a rachadh an t-athstruchtúrú. 

“Tá Straitéis Forbartha Cúig Bliana TG4 cuimsitheach agus uaillmhianach agus muid ag iarraidh cur lenár lucht féachana trasna na n-ardán éagsúil, fostaíocht san earnáil agus sna réigiúin a chur chun cinn agus na comhpháirtíochtaí atá againn le geallsealbhóirí straitéiseacha eile a neartú agus a leathnú,” arsa Alan Esslemont.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 go gcuideodh na ceapacháin le TG4 tógáil ar an “bhforbairt iontach” atá déanta ag an stáisiún le fiche bliain anuas maidir le “dul i ngleic” le hathruithe teicneolaíochta agus athruithe i nósanna an lucht féachana.

Ghabh TG4 buíochas mór le Mary Uí Chadhain atá ag éirí as a post mar Stiúrthóir Airgeadais Gnó agus Riaracháin.

Fág freagra ar 'Athstruchtúrú bainistíochta i TG4 agus ardú céime do bheirt'