ASNC: An Bóthar Cam – clár nua Jeremy Clarkson ar TG4

Maolra Mac Donncha agus Labhrás Sonaí Choilm Learaí a bheidh mar leathbhádóirí ag Mac Cléirigh

TopGear
Maolra Mac Donncha, Jeremy Clarkson agus Labhrás Sonaí Choilm Learaí

Lasadh tinte cnámh agus óladh sláinte gan staonadh i mBaile na hAbhann inniu agus é deimhnithe go mbeidh Geirmí Mac an Chléirigh ag cur tús lena shraith nua mótarlárnaithe leath-Ghaeilgebhunaithe ar TG4 go luath.

Deirtear go bhfuil formáid nua, atá iomlán éagsúil le Top Gear, ar fad forbartha ag saineolaithe an chainéil don láithreoir

Dúirt urlabhraí TG4, Pádraig “Aspal” Ó Kia-Ora, go mbainfí “casadh dúchasach” as formáid “rathúil” agus go mbronnfadh Mac an Chléirigh “súil (dhubh) eile” ar an stáisiún.

Is iad Maolra Mac Donncha agus Labhrás Sonaí Choilm Learaí a bheidh ina leathbhádóirí ag Clarkson.

“Feicifimid anois cén fonn dornála a bheas air tar éis lá ag scannánaíocht i Leitir Mucú,” a dúirt údar amháin.

De réir an nuachtráitis ón gcainéal, beidh siad ag dul go “Muiceanach (Uachtar agus  Íochtar),  Seanadh Gharráin,  Anagaire agus Baile an Sceilg, fiú,”  i ngluaisteáin, i veain TG4 agus i dtarracóirí dara láimhe.

Ní fios an fíor na ráflaí go bhfuil RTÉ RnaG ag cuimhneamh an ‘ródaí’ a thabhairt ar iasacht do lucht déanta an chláir, ach meastar go dtógfadh sé ar a laghad dhá bhliain teacht ar chomhaontú leis an gceardchumann faoina leithéid de bheartas.

Dúirt urlabhraí TG4, Pádraig “Aspal” Ó Kia-Ora, gurb é seo an chloch mhíle is mó i stair TG4 ón gcloch mhíle mhór dheireanach.

Shéan Ó Kia-Ora gur sodar i ndiaidh na n-uasal atá ar bun (arís) agus dúirt sé gur tugadh an cuireadh do Mac an Chléirigh “de ghrá an trua”.

“Breathnaigh, thug muid deis don aisteoir ramhar sin Stiofán Fraghaidh cúpla bliain ó shin le páirt bheag i Ros na Rún agus féach a bhfuil bainte amach aige ó shin,” a dúirt sé agus é ar a bhealach chuig cruinniú faoin tsraith nua atá beartaithe don bhliain seo chugainn, Rising Abú! An Rebel Factor!.

“Creidimid go bhféadfadh Geirimí an dul chun cinn céanna a dhéanamh agus b’fhéidir colún rialta a fháil dó féin sa Tribune amach anseo.”

Ceaptar go bhfuil buiséad suas le €500 an clár ceadaithe don tsraith nua.

Fág freagra ar 'ASNC: An Bóthar Cam – clár nua Jeremy Clarkson ar TG4'