ASNC – 2016, An dTuigeann Tú?

Tír gan Conradh, tír gan Gimic

Juilian T'Shirts

Beidh dílseoirí teanga gnóthach as seo go ceann bliana go leith má éiríonn leis an gclár ilchineálach oibre atá leagtha amach ag Conradh na Gaeilge do Chomóradh Céid an Éirí Amach.

“Teanga gan gimic, teanga gan anam. Tá an méid sin cruthaithe againn le tamall anois le #Gaeilge24 agus neart gimicí iontacha eile,” a dúirt #Cóilín, #Uachtarán an #Chónra.

“2016, An dTuigeann Tú?” is téama don uile imeacht, slógadh, léirsiú, cruinniú, seimineár, siompóisiam agus bricfeasta oibre atá pleanáilte ag a Naofacht Julian VI (Sráid Fhearchair) agus fórsaí a Impireachta uile-oileánda.

I measc na n-imeachtaí, tá:

  • ‘Gaeilge 2.016’ – Caidé mar atá tú? – Léacht Chomórtha an Aire Stáit: labharfaidh Joe McWho Gaeilge ar feadh 2.016 soicind.
  • ‘2,016 agallamh le Joey 5’ – Agallaimh Raidió Josie Cooke:  Agus é á dhiancheistiú mar is gnách ina slot laethúil ar RnaG, cáinfidh an ‘tráchtaire neamhspleách’ as Aill na Brún faillí an Rialtais i leith Theach an Phiarsaigh i 2016.
  • ‘Straitéis 2016 bliain’ – Teideal nua do Straitéis Ghaeilge an Rialtais: ‘Tabharfaidh an t-am breise deis dúinn i bhfad níos mó a bhaint amach.’
  • 0.2016 soicind in aghaidh an lae’: Spreagfar na meáin Bhéarla chun tuilleadh Gaeilge a úsáid le linn ‘2016, An dTuigeann Tú?’
  • ‘T-Léine 2016’ Tá 201,600  T-léine nua ordaithe ag an gCónra don daonra Gaelach ar fad. ‘Rud mór a bheidh ann. Ta NÓS ag caint ar fhorlíonadh daite agus VIP freisin. Sin rud nach raibh riamh ag an gComhdháil, más cuimhin le héinne iad,’ a deir Julian.
  • ‘20.16’ le TG4’ – Go gairid i ndiaidh ceathrú tar éis a hocht gach tráthnóna, craolfaidh an tseirbhís leath-Ghaeilge cúpla abairt i ndiaidh a chéile nach mbeidh aon Bhéarla iontu ná aon fhotheidil Bhéarla ag dul leo
  • ‘When we were sweet (19) sixteen’ – Sraith nua ar TG4 a thabharfaidh siar ar bhóithrín na smaointe sinn le gaolta na ndaoine a ghlac páirt san Éirí Amach agus le ceol neamhfhaiseanta a bhfuil dúil ag béarlóirí lár-tíre ann
  • ‘Idir 2-16’ – Taighde apacailipteach a dhéanfaidh Olagóin Ó Giollagáin agus a chairde a léireoidh nach mbeidh ach idir 2-16 cainteoirí dúchais fágtha sa tír faoin am go mbeidh Gaeilge curtha acu ar an téarmaíocht uilig a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht