Arlene Foster chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire

Tá Arlene Foster chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann. Beidh sí ag éirí as ceannaireacht an DUP ar an 28 Bealtaine agus as an gcéad-aireacht ag deireadh mhí an Mheithimh. “Ba í an phribhléid ba mhó i mo shaol freastal ar phobal Thuaisceart Éireann mar Chéad-Aire agus a bheith mar […]

Arlene Foster chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire

Tá Arlene Foster chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann.

Beidh sí ag éirí as ceannaireacht an DUP ar an 28 Bealtaine agus as an gcéad-aireacht ag deireadh mhí an Mheithimh.

“Ba í an phribhléid ba mhó i mo shaol freastal ar phobal Thuaisceart Éireann mar Chéad-Aire agus a bheith mar ionadaí ar mo thoghcheantar dúchais Fear Manach/Deisceart Thír Eoghain,” a dúirt sí.

I neart a chuaigh an feachtas i gcoinne cheannaireacht Arlene Foster laistigh dá páirtí féin le tamall agus míshástacht ar go leor dá comhghleacaithe faoin tslí ar láimhseáil siad an Breatimeacht. Bhí fearg ar go leor den pháirtí chomh maith mar gheall ar an gcinneadh staonadh ó vóta faoin teiripe athraithe homaighnéasachta. Bhíothas míshásta chomh maith faoin gcaint go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge.

Meastar, áfach, gurb é drochbhail an pháirtí sna pobalbhreitheanna ba mhó a chuir dlús leis an bhfeachtas i gcoinne Foster.

Shínigh lear mór d’ionadaithe an DUP litir a cuireadh chuig a gcathaoirleach an tseachtain seo ag fógairt nach raibh muinín acu in Arlene Foster mar cheannaire. Tugadh le fios gur theastaigh toghchán uathu do phostanna an cheannaire agus an leascheannaire, an Tiarna Nigel Dodds.

Bhí sé á áireamh go raibh breis agus trí ceathrú d’ionadaithe a páirtí ag cur a mímhuinín ina ceannaireacht in iúl. Ina measc sin bhí ceathrar feisirí Parlaiminte, tiarna amháin ar a laghad, agus níos mó ná 21 de 28 Teachta Tionóil an pháirtí.

Agus a cinneadh éirí as á fhógairt aici, ghéill Foster gur “thuas seal thíos seal” a bhí cúrsaí faoina ceannaireacht le cúig bliana go leith anuas.

“Cé go raibh tréimhsí dúshlánacha go leor ann don Fheidhmeannas agus gur cuireadh tástáil mhaith air, is é mo thuairimse i gcónaí go bhfuil Tuaisceart Éireann níos fearr as go raibh airí áitiúla aige ag an am seo. Cuimhnigh dá mbeadh orainn dul i ngleic le paindéim an choróinvíris gan ár n-airí déabhlóidithe nó gan treoir aireachta do na ranna.

“Agus mé ag prapáil chun stáitse na polaitíochta a fhágáil, is í mo thuairim nach mbeidh aon ní cóir i ndán do Thuaisceart Éireann mura mbíonn an déabhlóid inmharthana mar bhonn faoi agus ag éirí go maith léi.

“Chuige sin beidh gá le hobair chrua, díograis cheart agus misneach ar gach taobh.”

Níos luaithe inniu tharraing Aire Talmhaíochta Stormont Edwin Poots siar ó chruinniú thuaidh-theas leis an Aire Talmhaíochta, Charlie McConalogue.  Tá Poots, á lua mar chomharba ar Foster agus é áirithe mar pholaiteoir níos neamhghéilliúla ná í.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, cuireadh cruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga ar ceal ag an nóiméad deireanach an mhí seo caite mar go ndúirt aire de chuid an DUP nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Fág freagra ar 'Arlene Foster chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire'