Ardú tagtha ar líon na gcásanna i ngach ceantar Gaeltachta le seachtain anuas

Cé gur ardú beag a bhí i gceist in áiteanna, Conamara Theas san áireamh, ardú breis is 60% a bhí i gceist in áiteanna eile

Ardú tagtha ar líon na gcásanna i ngach ceantar Gaeltachta le seachtain anuas

Tháinig ardú ar líon na gcásanna den Covid-19 i ngach ceann de na toghcheantair Ghaeltachta le seachtain anuas.

Tá ráta scaipthe níos airde ná an meánráta náisiúnta anois i sé cinn de na toghcheantair Ghaeltachta i nDún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Maigh Eo agus contae na Mí.

Cé gur tháinig ardú 60% ar líon na gcásanna a deimhníodh i mBéal an Mhuirthead le seachtain anuas, ó 25 go 40, is ann atá an ráta scaipthe is ísle sa stát go fóill – 318.

Tá an ráta i gConamara Theas (656) níos mó ná a dhá oiread níos airde ná an ráta i mBéal an Mhuirthead ach tá an ráta fós ar cheann de na cinn is ísle sa stát. Deimhníodh 140 cás nua den Covid-19 i gConamara Theas idir an 2-15 Samhain agus an ráta scaipthe ann imithe suas ó 628 go dtí 656 le seachtain anuas.

Ardú beag a bhí i gceist i gConamara Thuaidh freisin, agus an ráta scaipthe imithe ó 878 go dtí 925 tar éis do 159 cás a bheith deimhnithe ann le coicís anuas.

I gCiarraí, d’ardaigh líon na gcásanna breis is 20% i gCorca Dhuibhne le seachtain anuas. 110 cás agus ráta 776 a bhí i gceist sa cheantar an tseachtain seo caite ach tá siad sin anois imithe suas go dtí 135 cás agus ráta 952.

Tá toghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ar cheann de na toghcheantair Ghaeltachta ina bhfuil an ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta. Ráta 1,161 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát trí chéile ach ráta 1,345 atá anois i Neidín tar éis do 337 cás nua a bheidh deimhnithe sa cheantar le coicís anuas.

I dTír Chonaill, tá an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall (876) faoi bhun an mheánráta náisiúnta agus is amhlaidh an cás i dtoghcheantar na nGleanntach, más ar éigean féin é. 275 cás nua a deimhníodh ansin idir an 2-15 Samhain agus ráta 1,150 ann anois.

Ardú beagnach 40% ar líon na gcásanna a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dtuaisceart an chontae. 236 cás a deimhníodh ann le coicís anuas, suas ó 171 an tseachtain seo caite, agus ráta scaipthe 1,114 sa cheantar anois.

Ardú 30% a bhí i gceist i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. 301 cás atá luaite leis an gceantar, suas ó 232, agus ráta 1,469 ann.

I dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, d’imigh an ráta suas ó 1,042 go dtí 1,186 tar éis do 437 cás nua a bheith deimhnithe ann le coicís.

I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ardú breis is 70% a tháinig ar líon na gcásanna, ó 186 go dtí 318, agus ráta 1,019 sa cheantar anois.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, bhí ardú ar an ráta ó 1,179 go 1,580 agus cláraíodh 512 cás nua ansin.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar líon na gcásanna i ngach ceantar Gaeltachta le seachtain anuas'