Ardú tagtha ar líon na dtránna Gaeltachta a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta orthu

Fógraíodh inniu go bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta ar 95 trá agus muiríne ar fud na tíre agus 12 trá Ghaeltachta ina measc

Ardú tagtha ar líon na dtránna Gaeltachta a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta orthu

Pic: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Tá an Bhratach Ghorm bronnta ar Thrá Inis Oírr den chéad uair agus tránna ar fud na tíre a bhain an gradam i mbliana fógartha ag An Taisce inniu. 

Bronnadh an bhratach ar 95 trá agus muiríne ar fud na tíre, níos mó ná aon bhliain eile. 

Dhá thrá dhéag sa Ghaeltacht a bhfuil Bratach Ghorm acu in 2022. D’éirigh le ceithre thrá Gaeltachta i nGaillimh, trí thrá i gCiarraí, trí cinn i Maigh Eo agus péire i nDún na nGall an gradam a bhaint amach. D’éirigh le gach ceann den 11 trá Ghaeltachta a fuair an bhratach anuraidh í a choinneáil don bhliain seo agus bhain Trá Inis Oírr, an phríomhthrá ar an oileán, an gradam amach den chéad uair ó cuireadh tús leis an ngradam seo 35 bliain ó shin. 

Bhí Trá Inis Oírr ar cheann de na seacht dtrá a fuair Bratach Ghorm i mbliana nach raibh ceann acu anuraidh ach theip ar chúig cinn eile an gradam a choinneáil i mbliana. 

Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir faoina ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar an soláthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá. 

Chomh maith le Bratacha Gorma, bronnadh Gradam an Chósta Ghlais ar dhá cheann déag eile de thránna na Gaeltachta. I Maigh Eo atá ceithre cinn acu, agus ceithre cinn eile i nDún na nGall a fuair an gradam. Tá na ceithre thrá Ghaeltachta eile i nGaillimh agus i gCiarraí. 

Tugann Gradam an Chósta Ghlais aitheantas don phobal agus do na daoine  a ghlanann an cósta agus na tránna i gcaitheamh na bliana. Bronnadh an gradam sin ar 62 trá ar fud na tíre. 

D’fhógair an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an tseachtain seo caite  go bhfuil ‘caighdeán maith’ uisce ar 20 den 21 trá a ndéanann siadsan monatóireacht orthu sa Ghaeltacht. 

Ba í Trá na mBan ar an Spidéal i gConamara an t-aon trá Ghaeltachta nár bhain ar a laghad stádas ‘caighdeán maith’ amach sa tuarascáil ar cháilíocht an uisce snámha in Éirinn, Bathing Water Quality in Ireland 2021. ‘Caighdeán sásúil’ a fuarthas ar Thrá na mBan, an tríú bliain as a chéile a raibh an caighdeán sin uisce ansin. 

Tránna Gaeltachta a fuair an Bhratach Ghorm 

Dún na nGall  Na Dúnaibh 
  An Charraig Fhinn 
Gaillimh  An Trá Mhór, Coill Rua, Indreabhán 
  Cill Mhuirbhigh, Inis Mór 
  Trá Inis Oírr* 
  Trá an Dóilín, An Ceathrú Rua 
Ciarraí  Baile an Sceilg 
  Doire Fhíonáin 
  Fionntrá 
Maigh Eo  Dumha Éige 
  Cuan Oilí 
  An Mullach Rua 

  

Tránna Gaeltachta a fuair Gradam an Chósta Ghlais 

Dún na nGall  Baile Thiarnáin 
  An Dumhaigh 
  Droim na Tine 
  Machaire Rabhartaigh 
Gaillimh  Trá Inis Oírr 
  Trá Pholl na gCaorach, Inis Oírr 
Ciarraí  An Béal Bán 
  Baile an Sceilg 
Maigh Eo  Port an Chlóidh 
  An tSraith 
  An Rinn Rua 
  An Tearmann 

 

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar líon na dtránna Gaeltachta a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta orthu'