Ardú os cionn 20% i ndán do chiste na Gaeilge sa bhuiséad, €5.4 milliún breise do TG4

Tuigtear do Tuairisc go bhfógrófar ardú os cionn 20% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus go mbeidh maoiniú breise ann freisin do TG4 chun seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú

Ardú os cionn 20% i ndán do chiste na Gaeilge sa bhuiséad, €5.4 milliún breise do TG4

Beidh ardú suntasach ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2026 a fhógrófar inniu.

Tuigtear do Tuairisc go mbeidh maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge san áireamh san ardú sin.

Thug foinse rialtais le fios do Tuairisc go mbeadh ardú os cionn 20% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá ardú chomh maith le fáil ag TG4 ó chiste na Roinne Cumarsáide. Os cionn €65 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, ardú €5.376 milliún, nó beagnach 10%.

Fógrófar go bhfuil cuid den airgead sin á chur ar leataobh le cuidiú le seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.

Beidh airgead do thograí caipitil i gciste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán chomh maith.

Beagán os cionn €107 milliún an buiséad a bhí ag Roinn na Gaeltachta anuraidh. €16 milliún a bhí i mbuiséad na n-oileán anuraidh.

Ní raibh an Ghaeltacht agus na hoileáin sa roinn chéanna an uair sin, ach tá ó aistríodh cúram na teanga go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc go bhféadfadh go mbeidh ardú os cionn 25% ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2026.

An tAire Cumarsáide, Patrick O’Donovan

Ag brath ar an mbriseadh síos, dea-scéal a bheadh in ardú dá leithéid do lucht na Gaeilge a raibh dóchas acu gur i bhfeabhas a rachadh cúrsaí maoinithe ó tharla go bhfuil aire sinsearach, Dara Calleary, ag plé go sonrach leis an teanga den chéad uair ó 2011.

€55 milliún sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge, ach bhí sé ina imní leis go bhféadfadh buiséad níos déine agus níos gortaí ná mar a bhí againn le cúpla bliain anuas an teanga a fhágáil ar an ngannchuid ach a fhógrófar an buiséad.

Ag a 1.00pm inniu a sheasfaidh an tAire Airgeadais, Paschal Donohue, os comhair na Dála chun óráid Bhuiséad 2026 a dhéanamh agus ina dhiaidh, thart ar 1.45pm, beidh an t-urlár ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Jack Chambers, le plean an rialtais do chaiteachas na bliana seo romhainn a chur faoi bhráid an chomhluadair agus na tíre.

Díolfaidh an Rialtas an tíobhas i mBuiséad 2026 leis an bpobal mar bheart críonna stuama lena chinntiú nach dtéitear thar fóir leis an gcaiteachas tráth a bhfuil taraifí éagsúla ag bagairt agus an saol ar fad níos corraí.

Anuraidh agus olltoghchán ar na bacáin, caitheadh €2.2 billiún ar phacáiste costas maireachtála, ach tá an chosúlacht air go bhfuil deireadh leis na féiríní buiséid sin.

Meastar gur pacáiste €9.4 billiún ar fad a bheidh i gceist i mBuiséad 2026.

Beidh €7.9 billiún ar fáil le caitheamh agus beidh €1.5 billiún á chur ar fáil trí chiorruithe cánach.

Fág freagra ar 'Ardú os cionn 20% i ndán do chiste na Gaeilge sa bhuiséad, €5.4 milliún breise do TG4'