‘Ardú mór’ tagtha ar lucht féachana TG4 do chluichí an earraigh agus áit ag ‘BÁC v Gaillimh’ i measc na ndeich gclár is mó riamh

Bhí craoladh an stáisiúin Ghaeilge ar an gcluiche ceannais peile idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh i measc na gclár ba mhó riamh a mheall lucht féachana chuig TG4

‘Ardú mór’ tagtha ar lucht féachana TG4 do chluichí an earraigh agus áit ag ‘BÁC v Gaillimh’ i measc na ndeich gclár is mó riamh

Bhí cluiche ceannais na sraithe peile idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh ar cheann de na craoltaí ba mhó a mheall lucht féachana teilifíse chuig TG4 ó tháinig an stáisiún ar an aer i 1996.

De réir figiúirí atá foilsithe ag TG4, d’fhéach 278,600 ar an meán ar an gcluiche a imríodh i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Cásca. Fágann sin an craoladh i measc na ndeich gclár is mó riamh a mheall lucht féachana chuig an stáisiún Gaeilge.

Bhí 30% den lucht féachana teilifíse ag an am ag breathnú ar bhua Bhaile Átha Cliath ar Ghaillimh.

De réir figiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie anuraidh, ba é cluiche ceannais na sraithe peile 2017 idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí an clár ba mhó a mheall lucht féachana chuig an stáisiún go dtí sin.

Bhain craoladh ar chluiche ceannais peile na mban idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo anuraidh áit amach i measc na ndeich gclár is mó lucht féachana chomh maith.

Níor mheall cluiche ceannais na sraithe iomána i mbliana idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann a lucht féachana chom mór céanna leis an gcluiche ceannais peile. D’fhéach 207,500 duine ar an meán ar bhua na gCat i bPáirc Uí Nualláin, sciar 25% den lucht féachana iomlán ag an am sin.

Deir TG4 go bhfuil ardú mór tagtha ar an lucht féachana mheall na cluichí Gaelacha don stáisiúin le linn na gcomórtas sraithe i mbliana. Ceann de na cúiseanna leis sin ná gur chraol an stáisiún an t-earrach seo trí chluiche gach Domhnach, idir chluichí beo agus iarbheo.

Rinne TG4 craoladh eisiach ar líne ar roinnt cluichí le linn shéasúr na Sraithe Allianz chomh maith. Domhnach Cásca, craoladh beo ar chainéal YouTube TG4 cluiche leathcheannais Shraith 1 san iomáint inar thug Cill Chainnigh aghaidh ar Loch Garman.  Mheall an craoladh ar líne sin 77,000 amharc, an líon is mó ó thosaigh an cainéal ag taispeáint imeachtaí beo spóirt ar an ardán sin anuraidh.


Na deich gclár is mó lucht féachana riamh ar TG4

Ainm an Chláir Dáta Meán 000 Sciar
1 GAA Beo – CC Peile Allianz
Baile Átha Cliath v Ciarraí
09-04-17 354 37%
2 GAA Beo – CC Peile Allianz
Baile Átha Cliath v Ciarraí
24-04-16 334 38%
3 GAA Beo – CC Iomána Allianz
Baile Átha Cliath v Cill Chainnigh
01-05-11 311 33%
4 Rugbaí Beo – RaboDirect Pro 12
Laighin v Mumhain
29-03-14 310 20%
5 GAA Beo – CC Peile Allianz
Corcaigh v Baile Átha Cliath
24-03-11 309 33%
6 GAA Beo – CC Iomána Allianz
Port Láirge v Cill Chainnigh
29-04-07 309 28%
7 Peil na mBan Beo – CC na hÉireann
Maigh Eo v Baile Átha Cliath
24-09-17 304 40%
8 Corn UEFA
Barcelona v Celtic
25-03-04 290 21%
9 Laochra – Comóradh CLG 1916 24-04-16 288 28%
10 GAA Beo – CC Peile Allianz
Gaillimh v Baile Átha Cliath
01-04-18 279 30%

Fág freagra ar '‘Ardú mór’ tagtha ar lucht féachana TG4 do chluichí an earraigh agus áit ag ‘BÁC v Gaillimh’ i measc na ndeich gclár is mó riamh'