Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile

Ba é 2025 an tríú bliain as a chéile ar mheall TG4 níos mó ná 2% den lucht féachana

Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile

Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh.

Ardú ó sciar 2.2% den lucht féachana go dtí 2.3%, a bhí ag TG4 in 2025.

Ba é 2025 an tríú bliain as a chéile ar mheall TG4 níos mó ná 2% den lucht féachana.

Mheall TG4 meánsciar níos mó den lucht féachana anuraidh ná mar a mheall an stáisiún aon bhliain eile ó 2009 nuair a bhí sciar 2.6% acu.

B’ionann an sciar 2.3% den lucht féachana anuraidh agus ardú 5% ar an mbliain roimhe sin.

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an stáisiún, d’fhéach 77.2% den lucht féachana náisiúnta ar TG4 am éigin anuraidh.

Deir TG4 gur cláir bheo spóirt, cláir cheoil agus cláir fhíorasacha “na cúiseanna is mó leis an ardú” ar mheánsciar an lucht féachana.

Cláir bheo spóirt a bhíonn i bhformhór mór na gclár is mó a mheallann lucht féachana go dtí TG4. 221,000 duine ar an meán a d’fhéach ar chluiche ceannais na peile náisiúnta idir Ciarraí agus Maigh Eo ar an 30 Márta anuraidh, an clár ba mhó lucht féachana ag an gcainéal anuraidh nuair a tarraingíodh meánlucht féachana de 221,900 duine.

172,000 duine a rinne sruthú ar Sheinnteoir TG4 ar an gcluiche sraithe iomána idir Corcaigh agus Luimneach ar an 1 Feabhra. B’in an líon is mó sruthanna riamh ar Sheinnteoir TG4.

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024
TG4 1.8 1.7 1.8 1.87 1.76 1.84 1.83 1.89 1.96 2.09 2.2

Bhí slua mór daoine ag faire ar an gcluiche is deireanaí idir céilí comhraic na Mumhan, Corcaigh agus Luimneach, i mBabhta 2 de Shraith Iománaíochta Allianz i bPáirc Uí Chaoimh SuperValu. Bhí an líon ba mhó sruthanna riamh, ar Sheinnteoir TG4, ar an 1 Feabhra don chluiche seo.

Mheall cainéal Youtube TG4 320,000 amharc nuair a craoladh an lá céanna na cluichí peile go léir a bhí ar siúl i mbabhta deireanach na sraithe.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín fáilte roimh an scéala gur tháinig ardú arís anuraidh ar lucht féachana TG4.

“Is dea-scéal é do TG4 ardú ar an lucht féachana a bhaint amach cúig bliana as a chéile. Is léiriú é sin ar a mhéid a théann TG4 i bhfeidhm ar an lucht féachana agus ar an gcúram a leagtar orainn maidir le seirbhís meán i nGaeilge a chur ar fáil.

“Is teist iad na figiúirí seo ar fheabhas an ábhair, ar an tóir atá go leanúnach ar chláracha beo spóirt agus ar imeachtaí beo eile, agus ar an dlús atá á chur leis an gceangal leis an lucht féachana ar na hardáin éagsúla de réir mar a chuirimid lenár n-ábhair ilardáin le freastal ar na nósanna athraithe atá ag lucht féachana anois.” 

Fág freagra ar 'Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile'