Tháinig ardú beag eile anuraidh ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Bhí glanmhéadú aon teaghlach déag ann sa chóras aitheanta in 2024, méadú 10% ar líon na mban tí a ghlac páirt sa scéim in 2023.
Mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Conor D McGuinness ar aire na Gaeltachta, dúradh go raibh 41 bean tí nua sa chóras in 2024 agus nuair a chuirtear líon na mban tí a d’imigh ar scor nó atá ar sos ón gcóras go raibh aon bhean tí dhéag breise ann anuraidh.
“Tá an Roinn sásta gur chuidigh na bearta atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas le coláistí teaghlaigh nua a mhealladh sa scéim,” a dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue a bhí ag tabhairt freagra thar ceann na Roinne Gaeltachta.
Ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Tá deontas aon oíche €13 ar fáil ag teaghlaigh aitheanta ón Roinn do chuile scoláire i leith chuile oíche ina mbíonn siad sa teach agus faigheann an teaghlach deontas eile ó pé coláiste atá ag soláthar scoláirí dóibh.
Fágann an t-ardú seo go bhfuil sé theach déag breise sa chóras anois i gcomparáid leis an mbliain 2022. Tháinig laghdú 27% ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhradh idir 2019 –2023. Bhí 648 teach cláraithe le Roinn na Gaeltachta an bhliain sular chuir an víreas corónach isteach go mór ar na coláistí samhraidh. De réir figiúirí ó Roinn na Gaeltachta, bhí 511 teach cláraithe in 2023. 522 teaghlach a bhí sa chóras in 2024.
Agus ganntanas fear agus ban tí ann le roinnt blianta, thug an Roinn na beartais nua isteach le cur le líon na dteaghlach sa chóras. Ardaíodh an liúntas oíche a íoctar ó €10 in 2019 go €13 in 2024. Méadaíodh chomh maith ó 12 go 16 an t-uasmhéid scoláirí a mbíonn cead ag teaghlach iad a choinneáil.
Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí.
Fág freagra ar 'Ardú ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht'