Iallach le cur ar scoileanna ranganna speisialta a chur ar fáil

Deir an t-aire oideachais go scríobhfaidh sí go dtí an Chomhairle Múinteoireachta lena chinntiú go mbeadh gach múinteoir oilte chun oideachas a chur ar fáil do leanaí uile na tíre

Iallach le cur ar scoileanna ranganna speisialta a chur ar fáil

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais, Helen McEntee go mbainfidh sí leas as a cumhacht reachtach le hiallach a chur ar scoileanna ranganna speisialta a chur ar fáil mura ndéanfaidh siad freastal ar an éileamh lena chinntiú go mbeidh scolaíocht ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Dúirt sí go mbeadh sí ag scríobh go dtí an Chomhairle Múinteoireachta lena chinntiú go mbeadh gach múinteoir oilte chun oideachas a chur ar fáil do leanaí uile na tíre.

Tá an tAire Oideachais ag iarraidh ar an gComhairle Múinteoireachta an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh ionas go mbeadh ar gach ábhar oide tréimhse a chaitheamh in ionad léinn ina bhfuil riachtanais ar leith ag na daltaí mar chuid dá gcuid socrúchán faoi chigireacht le linn a gcúrsa oiliúna múinteoireachta.

Mar chuid de seo bheifí ag dréim go ndéanfadh an Chomhairle Múinteoireachta suirbhé ar na hinstitiúidí ar fad a chuireann an bhunoiliúint ar ábhar oidí le fáil amach cén tuiscint atá ann ar na hionaid a chuireann oideachas ar dhaltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Áitíonn an tAire Oideachais go bhfuil gach leanbh i dteideal barr a chumais a bhaint amach agus go gcaithfear soláthar oideachais a bheith ann dóibh ar fad. Chuige sin gheall sí go gcuirfí tuilleadh ranganna agus scoileanna speisialta ar fáil chomh maith le tuilleadh cúntóirí riachtanas speisialta agus acmhainní breise.

“Is cuma cá bhfuil tú ag teagasc, ba cheart go mbeadh gach múinteoir ar an eolas conas tacú le leanbh, beag beann ar na riachtanais ar leith atá ag an leanbh sin. Ní dóigh liom go bhfuil sin amhlaidh faoi láthair,” a dúirt an tAire McEntee.

Dúirt Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, John Boyle go gcaithfear oiliúint bhreise a chur ar mhúinteoirí a bhfuil riachtanais bhreise ag leanaí ina rang agus nach bhfuil rang in Éirinn nach bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ann.

Dúirt Boyle go gcaithfí áiteanna breise a chur ar fáil ar an Dioplóma san Oideachas Speisialta nach bhfuil ach thart ar 250 áit air faoi láthair.

Dúirt sé mura gcuirfí na háiteanna breise ar fáil go dtógfadh sé “80 bliain sula mbeadh oiliúint san oideachas speisialta ar gach múinteoir sa tír”.

An moladh atá ag an INTO go gcuirfí “dhá lá sa téarma” ar fáil don oiliúint sin.

Fág freagra ar 'Iallach le cur ar scoileanna ranganna speisialta a chur ar fáil'