Ba dhána an mhaise do Tuairisc a iarraidh orainn na leabhair ba thábhachtaí Gaeilge sa chéad seo (a bhfuil an ceathrú cuid de caite cheana) a chur os ard. Seo de dheasca na háiféise is déanaí de chuid an Irish Times a mhúscail go leor cainte nuair nár luadh oiread is leabhar Gaeilge amháin den 100 leabhar Éireannach ab fhearr ón mbliain 2000 i leith. Níorbh fhéidir, toisc gan aon Ghaeilge a bheith ag 92% de na breithiúna. Ní maith liom féin na léigeanna leabhar is litríochta seo, ach mar sin féin, tugann siad aitheantas don éigse, agus is slí atá ann le suim i machnamh na hÉireann trí Ghaeilge a mhúscailt.
Saothar gan bhuíochas, gan amhras, óir tá baol ann go gcaillfear an beagán de chairde atá fós agat; ach is é an chéad chathú a rith liom ná díriú ar na leabhair is mó a d’fhág macalla le déanaí, le suim bheag de bhlianta anuas. Cuimhním go ró-áirithe ar chuid de na húrscéalta, Madama Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin, Flaitheas le Proinsias Mac a’Bhaird, Béal na Péiste le Fionntán de Brún, Ceallach le Diarmuid Johnson, scata le hÉilís Ní Dhuibhne, le hAnna Heusaff, le Joe Steve Ó Neachtain, le Micheál Ó Conghaile, le Darach Ó Scolaí (gan An Táin a bhac), le Pádraig Standún. An fhadhb a bhaineann leis an ábhar is comhaimseartha ná go bhfuil róluath lena mhacallaí a mheas. Agus ansin tá na leabhair scolártha, na leabhair thaighde is critice is staire….áááááh!
Ach chuireas romham seasamh siar agus cúpla slat tomhais ghuagach a tharraingt chugam féin, slata tomhais arbh fhéidir nach mbeadh aon bhun leo. Ach bhain siad ar shlí amháin nó eile leis an tslí go mbeadh éileamh de shaghsanna éagsúla orthu go ceann tamaill de bhlianta, de bhlianta, de bhlianta, dar liom, go lagleithscéalach.
Mar sin, mar a deirid, gan ord faoi leith.
Barbed Wire le Máirtín Ó Cadhain. Ceart go leor. B’fhéidir nach léifidh ach scór duine againn é sa cheart, ach ba dhóigh leis féin gurb é an saothar ab fhearr a scríobh sé a bhí ann. Bhainfeadh aon duine spraoi as, ach dul ag snámh ann.
Is sleamhain an mhaise dhom Leabhar na hAthghabhála a chuir Louis de Paor in eagar a chur san áireamh go hard, óir ní gá dhom dul i ngleic leis an iomad sin leabhar filíochta den scoth ina cheann is ina cheann. Den dosaen éigin cnuasach nua-fhilíochta atá againn ó chaogaidí na haoise seo caite, is é seo is cuimsithí agus is iomláine atá againn.
Is mór againn, nó ba mhór againn an gearrscéal Gaeilge, an gearrscéal Éireannach go deimhin. Dar liom, is é Úlla le Seán Mac Mathúna an sampla is foirfe den earra dúchais sin lenár linn. Is fiú iad a athléamh maidin nó tráthnóna fliuch nó geal ar bith. Tá gearrscéalaithe den scoth againn, ach ceapaim go bhfuil cuid de na gearrscéalta is fearr dar cumadh riamh sa Ghaeilge sa leabhar seo.
Tháinig an chéad imleabhar de Manuail de Litríocht na Gaeilge a thiomsaigh, a d’eagraigh is a chóirigh Breandán Ó Doibhlin amach sa bhliain 2003. Lean cúig imleabhar eile go dtí 2011. Ní hé gach aon niamhghlantóir a bheidh sásta leis an ‘nua-aimsiriú’ a dhein sé ar an litríocht, ach is ciclipéid agus ollchnuasach dár litríocht dúchais le 500 bliain anuas atá ann, agus b’aineolach an té nach mbeadh sé mar chompánach aige.
Maidir le gaisce úrscéalaíochta de, chaithfí an chraobh a thabhairt do thríológ staire Liam Mhic Cóil, An Litir, I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach. Déanann go cumasach is go fileata is go healaíonta le hatmaisféar beoga inchreidte an rud is dual don scéalaí a dhéanamh, is é sin, scéal a insint! Is é an scéal an buachaill agus an cailín, an iníon agus an mac agus scuabtar sinn ar aghaidh ó eachtra go heachtra fad na gcéadta leathanach agus pioctar gach rud eile suas fan na slí. Cad eile a bheadh uait?
Aonghus Mac an tSaoir
Más fíor gur coincheap ‘áiféiseach’ é liosta de na húrscéalta is fearr a fhoilsiú, cén fáth a raibh pobal na Gaeilge chomh buartha sin faoi gan úrscéalta Gaeilge a bheith san áireamh ann? Bhí scríbhneoirí móra Gaeilge ar na meáin shóisialta ag tabhairt fogha faoin Irish Times as an neamhaird, ina súile siúd, a bhí á déanamh sa Ghaeilge ar an liosta. Amhail is gur imreoirí caide a bhí iontu ag tabhairt amach gur fágadh iad ar an taobhlíne. Nach díchéillí an mhaise dúinn a bheith ag caitheamh anuas ar shaol an Bhéarla as bheith ‘aineolach’ agus ‘áiféiseach’ agus ansin a bheith ag éileamh go gcuirfí san áireamh muid ina gcuid liostaí gradamacha?
Rud eile – síleann Titley go bhfuil ‘Barbed Wire’ ar cheann de na leabhair is fearr Gaeilge a foilsíodh ó chasadh an chéid, cé go n-admhaíonn sé gur dócha nach féidir le mórán daoine é a thuiscint i gceart (‘B’fhéidir nach léifidh ach scór duine againn é sa cheart’). Sin cuid den fhadhb le litríocht na Gaeilge, dar liom – gan aird a thabhairt ar cad a thaitníonn leis an ngnáthléitheoir agus a cheapadh gur cineál suáilce é teanga an leabhair a bheith casta ornáideach.
Breathnóir1
Aontaím le rogha Alan maidir le go leor de na leabhair so. Agus roinnt eile luaite aige curtha ar mo liosta de leabhair le léamh anois. Maith é.
Mór an trua go mbíonn an Anglo-Irish Times ag déanamh an oiread sin neamhairde i litríocht na hÉireann sa teanga dhúchais, mar sin féin.