Beidh 2026 ann sula mbainfidh muintir na Gaeltachta aon leas as filleadh scéim atá dírithe ar bhóithre áitiúla a dheisiú.
Fógraíodh sa chlár Rialtais go bhfuil sé i gceist Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun arís sa nGaeltacht ach, dar leis an méid a bhí le rá ag aire rialtais sa Dáil inné, beidh tamall maith ann sula mbeidh sí réidh le cur i bhfeidhm.
Faoi Scéim na mBóithre Áise sa nGaeltacht, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid. Cuireadh deireadh leis an scéim aimsir na géarchéime eacnamaíochta.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, a bhí ag freagairt ceisteanna faoin nGaeltacht sa Dáil, go raibh filleadh na scéime geallta ach nach bhfuil “aon mheicníocht chuige sin oibrithe amach go fóill”.
Dúirt O’Donovan go mbeadh athbhunú na scéime ag brath ar airgead a bheith curtha ar fáil trí phróiseas na Meastachán agus nach bhfuil an plé ar Mheastacháin 2026 “fiú tosaithe go fóill”.
An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan, a d’iarr eolas maidir le filleadh na scéime, scéim a bheadh “an-tairbheach do mhuintir na Gaeltachta nuair a chuirfear i bhfeidhm í,” dar leis.
“Cuirfidh scéim na mbóithre áise go mór le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála phobail na Gaeltachta.
“Is é an chéad cúpla méadar den bóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal gach maidin agus an píosa deireanach den bhóthar ar a mbíonn siad ag taisteal sa tráthnóna atá i gceist. Is deis é seo chun na píosaí sin a fheabhsú.”
Ghlac Moynihan leis go raibh sé luath le bheith ag súil go mbeadh an scéim réidh, ach go raibh sé tábhachtach go gcuirfí i bhfeidhm í “chomh luath agus is féidir”.
Dúirt fear Mhúscraí chomh maith go raibh sé tábhachtach go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann leas a bhaint as Scéim na mBóithre Áise chomh maith leis an scéim feabhsaithe áitiúil de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
“Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sí in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil agus nach mbeidh sí ag glacadh a háite. Caithfidh go mbeidh sí ar fáil gan puinn srianta agus go mbeidh deis ag an-chuid de phobal na Gaeltachta í a chur i bhfeidhm,” a dúirt Moynihan.
Bhí an tAire Patrick O’Donovan ag freagairt ceisteanna faoin nGaeltacht mar nach bhfuil an cúram sin aistrithe go hoifigiúil go dtí an roinn nua, an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, go fóill.
Cheistíodh an tAire O’Donovan, iar-aire stáit na Gaeltachta, cúpla uair faoi na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta le fada ach níor thug sé aon eolas nua maidir le cén uair a fhoilseofar iad.
Dúirt O’Donovan go ndearna sé a “dhícheall” chun an cheist a réiteach nuair a bhí sé i Roinn na Gaeltachta ach gurb é an tAire Tithíochta a bhíonn freagrach as an bpolasaí tithíochta agus gur chóir an cheist maidir leis na treoirlínte a chur airsean.
Mar sin féin, dúirt an tAire go raibh obair fós ag dul ar aghaidh maidir leis na treoirlínte agus go raibh cruinniú idir oifigigh sna ranna Gaeltachta agus Tithíochta Dé Céadaoin.
“Tógfar ar an obair seo sna míonna amach romhainn d’fhonn na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir,” a dúirt O’Donovan agus é ag glacadh leis gur cheist thábhachtach a bhí inti.
“Níl aon amhras go bhfuil sé an-tábhachtach don dream óg agus do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta cead pleanála a fháil agus tithe a fhorbairt. Tá an Rialtas agus páirtí an Teachta [Conor D McGuinness, Sinn Féin] ar an leathanach céanna ar an ábhar sin. Tá súil agam go mbeidh an fhadhb sin réitithe go luath.”
Dúirt urlabhraí ó Roinn an Taoisigh le Tuairisc go bhfuil ionstraim reachtúil ag teastáil chun cúram na Gaeltachta a aistriú go hoifigiúil go dtí an roinn nua ach, idir an dá linn, nach bhfuil aon bhac ar an Aire Dara Calleary tabhairt faoina chúram.
Fág freagra ar 'Bliain eile sula mbeidh scéim chun caoi a chur ar bhóithre beaga Gaeltachta réidh'