Rinne an Rúis ionsaí diúracáin ar chathair Sumy i dtuaisceart na hÚcráine agus i ráiteas ó na húdaráis áitiúla dúradh gur gortaíodh 65 duine, leanaí san áireamh.
Rinneadh damáiste do roinnt áras cónaithe ardstórach agus do scoil. Bhí sé d’ádh ar na leanaí go raibh siad sa bhfoscadán buamaí nuair a rinneadh an t-ionsaí.
Ag an am céanna tá na cainteanna fós ar siúl in Óstán Ritz-Carlton, i Riyad na hAraibe Sádaí, idir taidhleoirí na Rúise agus na Stát Aontaithe, leis an mionsonraí faoin sos comhraic teoranta atá ar an mbord a phlé.
Tá toscaireacht na hÚcráine san óstán sin freisin ach níl aon chaint ann go mbeidh siad féin agus na Rúisigh ag casadh lena chéile.
Bhí dóchas ag toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, go gcuirfí deireadh leis an gcogadh san Úcráin. “Sílim go bhfeicfidh tú an-dul chun cinn san Araib Shádach ar an Luan, go háirithe chomh fada agus a bhaineann sé le sos comhraic ar an Muir Dhubh i gcás longa idir an dá thír. Agus uaidh sin bheadh sé nádúrtha go dtiocfaí ar shos comhraic ó na hionsaithe ar fad.”
Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, go raibh toscaireacht na hÚcráine ag obair go “fiúntach dearfach” agus go raibh an “comhrá an-tairbheach”.
“Ach is cuma céard a deir muid lenár gomhpháirtithe inniu, caithfimid a “chur faoi ndear do Putin ordú dáiríre a thabhairt na hionsaithe a stopadh”.
Fad agus a bhí na Stáit Aontaithe ag léiriú misnigh, bhí fainic á cur ag an Rúis go raibh “idirbheartaíocht dhian” fós le déanamh.
Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh go bhfógrófaí sos comhraic forleathan san Úcráin faoin 20 Aibreán.
Meastar gur mhaith leis an Rúis an margadh arbhair a rinneadh in 2022 a thabhairt ar ais. Margadh a bhí ansin a réitigh na Náisiúin Aontaithe agus an Tuirc faoin mbeadh cead ag an Úcráin a cuid arbhair a easpórtáil ar muir agus nach n-ionsódh an Rúis na longa gráin.
Óna taobh féin, bheadh an Rúis in ann a cuid táirgí feirme agus leasú talún a easpórtáil tríd an Muir Dhubh freisin, margadh a thabharfadh faoiseamh éigin di ó smachtbhannaí diana thíortha an iarthair.
Fág freagra ar 'Ionsaí diúracáin ag an Rúis ar thuaisceart na hÚcráine agus na cainteanna síochána fós ar bun'